Jump to content

Andrew Mountbatten-Windsor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Andrew Mountbatten-Windsor

(2013) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Andrew Albert Christian Edward Mountbatten-Windsor Cuir in eagar ar Wikidata
19 Feabhra 1960
65 bliana d'aois
Pálás Buckingham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Lord High Commissioner to the General Assembly of the Church of Scotland (en) Aistrigh
2007 –
Special Representative for International Trade and Investment (en) Aistrigh
2001 – 2011
Diúc Eabhraic
23 Iúil 1986 – 17 Deireadh Fómhair 2025
Ball de Theach na dTiarnaí
23 Iúil 1986 – 11 Samhain 1999 (House of Lords Act 1999 (en) Aistrigh)
Counsellor of State (en) Aistrigh
19 Feabhra 1981 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Shasana
Scoil a d'fhreastail sé/síLakefield College School (en) Aistrigh (1977–1977)
Gordonstoun (en) Aistrigh (1973–)
Heatherdown Preparatory School (en) Aistrigh
Britannia Royal Naval College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSandringham House
Royal Lodge (en) Aistrigh
Sunninghill Park (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla na Breataine
Dath súileGray (en) Aistrigh
Dathán gruaigeGruaig liath agus gruaig dhonn
Gníomhaíocht
Gairmpíolóta héileacaptair, péiceallán, oifigeach cabhlaigh, naval aviator (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach Ríoga
Céim mhíleataleas-aimiréal (–2025) Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogadh Fháclainne
Spórtgalf
sciáil
póló Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- The Royal and Ancient Golf Club of St Andrews (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
16 Samhain 2019Prince Andrew & the Epstein Scandal (en) Aistrigh
21 Eanáir 2015Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2015
22 Eanáir 2014Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2014
23 Eanáir 2013Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2013
The Grand Knockout Tournament (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalBarún Chill Ó Laoch (1986–2025)
Iarla Inbhir Nis (1986–2025)
Diúc Eabhraic (1986–2025)
Prionsa na Ríochta Aontaithe (–2025)
luach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeach na Windsor Cuir in eagar ar Wikidata
CéileSarah Ferguson (1986–1996), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíKoo Stark Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBanphrionsa Beatrice Eabhrac
 ( Sarah Ferguson)
Banphrionsa Eugenie
 ( Sarah Ferguson) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPrionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann  agus Eilís II
SiblínSéarlas III, Áine, Banphrionsa Ríoga agus Prionsa Éadbhard, Iarla Wessex
Gradam a fuarthas
Síniú

luach ar iarraidh

IMDB: nm0697605 Allocine: 37089 Rottentomatoes: celebrity/prince_andrew TMDB.org: 2041195
Facebook: hrhthedukeofyork Instagram: hrhthedukeofyork Cuir in eagar ar Wikidata

Is ball den Teaghlach Ríoga Briotanach é Andrew Mountbatten-Windsor nó, roimh 2025, Prionsa Andrew,[1] an Diúc Eabhraic, (a rugadh ar ar 19 Feabhra 1960). Bhí cáil an bhuachaill báire agus an bhanaí air agus tharraing sé scannail go leor le linn a shaoil.

Duine de mhic Eilís II na Ríochta Aontaithe agus an Phrionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann é. Bhí sé pósta ar Sarah, Bandiúc Eabhrac agus tá beirt iníonacha acu.

1986
2011

Bhí Andrew an-mhór le Jeffrey Epstein (maítear gur chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún i Nua-Eabhrac in 2019 tar éis a chiontaithe i sraith cúiseanna a bhain le mí-úsáid ghnéis agus gáinneáil ban óg). Níor shéan an prionsa go raibh sé cairdiúil le Epstein ach shéan sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[2]

I mí Iúil 2020, i Nua-Eabhrac, eisíodh cáipéisí a mhaígh go ndearna Epstein iarracht fianaise inchoiritheach ar Phrionsa Andrew a fháil.[3] Dúradh sna páipéir gur chuir Epstein brú ar chailín faoi aois caidreamh collaí a thosú leis an Phrionsa ar oileán príobháideach in Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean.[4] Níor séanadh go raibh an Prionsa cairdiúil le Epstein ach shéan sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[5]

In 2021, tugadh cúiseanna dlí in aghaidh William i gcúirt i Nua-Eabhrac as mí-úsáid agus éigniú a dhéanamh ar Virginia Giuffre le linn dó a bheith ag freastal ar ócáid a bhí eagraithe ag Jeffrey Epstein.[2] Líomhnaigh Giuffre go ndearnadh gáinneáil uirthi go dtí An Prionsa Andrew nuair a bhí sí 17. Shéan an Prionsa na líomhaintí agus chuaigh an Prionsa i bhfolach ar na meáin.[6]

Faoi dheireadh bhí socrú déanta lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre. Gheall Andrew go léireoidh sé aiféala as an gceangal a bhí aige leis an bhfear mór airgid, Jeffrey Epstein; go labhróidh sé amach in aghaidh gháinneáil ar ghnéas agus go dtacóidh sé leis na híospartaigh ar fad a d'fhulaing dá bharr.[7]

Bhí Virginia Giuffre ar dhuine de na daoine is mó a labhair amach ag cur líomhaintí i leith Andrew, Epstein agus a chailín, Ghislaine Maxwell. Chuir Virgina Giuffre lámh ina bás féin ar an 25 Aibreán 2025.[8] Bhí sí 41 bliain d'aois agus ina cónaí in iarthar na hAstráile sna 2020idí. (D'éalaigh sí ó Epstein nuair a phós sí Robert Giuffre in 2002 agus bhí triúr clainne acu.[9] Scar sí óna fear in 2023. Faoi chúram an athar a cuireadh na páistí).[10]

D’fhógair Andrew Mountbatten-Windsor ag tús mhí Dheireadh Fómhair go mbeidh sé ag scaradh lena theidil ríoga, lena n-áirítear Diúc Eabhrac.  

Chomh maith leis sin, scar sé lena theideal Barún Chill Ó Laoch a thug an Bhanríon Eilís II dó ar lá a bhainise in 1986.

I mí na Samhna 2025, d'iarr Comhdháil na Stát Aontaithe ar Andrew teacht os a chomhair chun fianaise a thabhairt maidir lena fhiosrúchán ar Epstein.[11]

Sa bhliain 1986, tugadh "Bealach Phrionsa Andrew" ar bhóthar i gCarraig Fhearghais. Ainmníodh an tsráid as Andrew Mountbatten-Windsor in 1986 chun ceiliúradh a dhéanamh ar a phósadh le Sarah Ferguson. Ach ar an 23 Samhain 2025, d’aontaigh Comhairle Lár agus Oirthear Aontroma go ndéanfar é a athainmniú.[11]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. nó Aindrias nó Aindriú
  2. 2.0 2.1 Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-16.
  3. RnaG (2019-11-21). "Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain." (ga). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-18.
  4. Conradh na Gaeilge, Londain (2020-08-01). "1 Lúnasa 2020 (Tír Eoghain) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-10-18.
  5. Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-18.
  6. "Virginia Giuffre v. Prince Andrew" (as en) (2025-04-03). Wikipedia. 
  7. Nuacht RTÉ (2022-02-15). "Socrú lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre" (as ga-IE). 
  8. "Virginia Giuffre" (as en) (2025-04-27). Wikipedia. 
  9. Nuacht RTÉ (2025-04-26). "Virgina Giuffre tar éis bháis" (as ga-IE). 
  10. "Epstein accuser Virginia Giuffre dies by suicide aged 41" (en) (2025-04-26). Dáta rochtana: 2025-04-27.
  11. 11.0 11.1 Jack Mac Íomhair (2025-11-28). "Tús curtha le hathainmniú Bhealach an Phrionsa Aindriú i gCarraig Fhearghais" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-11-29.