André Breton
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (fr) André Robert Breton 19 Feabhra 1896 Tinchebray, An Fhrainc |
| Bás | 28 Meán Fómhair 1966 70 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
| Áit adhlactha | Reilig Batignolles |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Aindiachas |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | lycée Chaptal |
| Teanga dhúchais | an Fhraincis |
| Gníomhaíocht | |
| Suíomh oibre | Páras |
| Gairm | file, maisitheoir, grianghrafadóir, scríbhneoir aistí, scríbhneoir, úrscéalaí, teoiricí ealaíne |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Cumannach na Fraince |
| Gluaiseacht | Osréalachas |
| Ainm cleite | Breton, André |
| Teangacha | An Fhraincis |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Suíomh a chartlainne |
|
| Teaghlach | |
| Céile | Jacqueline Lamba Elisa Breton Simone Collinet |
| Páiste | Aube Elléouët ( |
Ainmnithe do
| |
File agus scríbhneoir Francach ab ea André Breton, a rugadh ar an 19ú lá d'Fheabhra sa mbliain 1896 i dTinchebray, áit atá lonnaithe insa ndépartement Orne, agus a fuair bás i bPáras, ar an 28ú lá de Mheán Fómhair sa mbliain 1966. Duine de bhunaitheoirí na gluaiseachta san ar a dtugtar Surréalisme (Gaeilge: Osréalachas) ab ea é.
I measc na saothar a chum sé, tá na leabhair Nadja (1928), L'Amour fou (1937) agus go leor forógraí a dhéanann cur síos ar cad is Osréalachas ann agus conas ba chóir d'ealaíontóirí an Osréalachais a gceird a chleachtadh.
Mar thoradh ar an ról lárnach a bhí aige i ngluaiseacht an Osréalachais, do bhí André Breton ar dhuine desna daoine is tábhachtaí i saol na n-ealaíon agus na litríochta sa bhFrainc sa gcéad leath den 20ú haois.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |