An tSraith Tógtha
| Cineál | saothar liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Máirtín Ó Cadhain |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Foilseachán | 1977 |
| Foilsitheoir | Sáirséal agus Dill |
| Seánra | bailiúchán gearrscéalta |
Cnuasach gearrscéalta Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain a d'fhoilsigh Sáirséal agus Dill sa bhliain 1977 is ea An tSraith Tógtha. 7 mbliana i ndiaidh a bháis a foilsíodh an leabhar.
Deich ngearrscéal atá ann, ó cheann atá dhá leathanach go leith ar fhad go scéal atá ocht leathanach ar fhichid ar fhad. Tá a urlabhra pearsanta féin ann, fite le canúint Chonamara agus breac le focail nach fuirist.
Scéalta an Chnuasaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ealaíon an Chlúdaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Anne Yeats a dhear an clúdach ina bhfeictear duine daite ar chlúdach dubh.
Léirmheastóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa chnuasach seo feictear buaic ar fhorbairt an ghearrscéalaí ó dhomhan traidisiúnta agus stíl thraidisiúnta go dtí domhan níos casta agus insint níos casta dá réir.
Tá teannas agus streachailt ann, fuarchúis agus sleamchúis, agus an saol mór le feiceáil i gcúrsaí beaga an duine. Thug Louis de Paor caint ag Scoil Gheimhridh Merriman sa bhliain 2006 dar teideal: "Ceist, cé a léifeadh Máirtín Ó Cadhain?" Dúirt de Paor gur díoladh 22 chóip de An Sraith Tógtha sna trí bliana roimh 2006.
Aistriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |