Jump to content

An tIRA Nua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn tIRA Nua
Sonraí
Cineáleagraíocht
paraimíleatach Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtapoblachtánachas in Éirinn
Irish republican legitimatism (en) Aistrigh
Dissident republican (en) Aistrigh
an sóisialachas Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Téann in áitAn Fíor-IRA
Republican Action Against Drugs (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh26 Iúil 2012
Gníomhaíocht
Ballraíocht300 Cuir in eagar ar Wikidata

Easaontóirí poblachtánacha atá san "IRA Nua".[1] Tá siad ag iarraidh próiseas na síochána a scrios i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.[2]

Chuaigh dreamanna éagsúla easaontóirí i gcomhghuaillíocht le chéile timpeall 2012 agus astu sin a d’eascair an bhuíon a ghlaonn an tIRA orthu féin. Is mar ‘an tIRA Nua’ is fearr aithne orthu.[3][4]

Is fuath leis ‘IRA Nua’ polaitíocht Stormont ar fad, agus is fuath leo Comhaontú Aoine an Chéasta freisin. Ceapann baill na n-eagraíochtaí seo agus a gcuid lucht tacaíochta go bhfuil an ceart acu foréigean a úsáid i gcoinne an PSNI, i gcoinne an Gharda Síochána agus i gcoinne shaighdiúirí na hÉireann pé uair is mian leo.[5]

Mhaígh siad in 2014 gurb iad a bhí freagrach as buamaí litreacha a sheoladh ag ionaid earcaíochta mhíleata sa Bhreatain.

Sin é an grúpa a dhúnmharaigh an t-oifigeach príosúin Adrian Ismay le buama Semtex faoina charr. B’in é an t-ábhar pléascach a mbaineadh an tIRA Sealadach úsáid as le linn na dTrioblóidí agus b’údar imní é an t-ábhar a bheith ag an IRA Nua chun cur lena chumas daoine a mharú.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, New Irish Republican Army,New IRA
  2. Póilín Ní Chiaráin (5 Eanáir 2025). "Riar na córa agus oidhreacht na dTrioblóidí i lár an aonaigh arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-05.
  3. "Timeline of Real IRA and New IRA actions" (as en) (2024-12-30). Wikipedia.
  4. Sa bhliain 2001, gortaíodh seachtar nuair a phléasc buama gluaisteáin in Ealing Broadway in iarthar Londan. An Fíor-IRA (an dream a rinne buamáil na hÓmaí i 1998) a bhí freagrach. Ba iad freisin a rinne ionsaí roicéid sa bhliain 2000 ar cheannáras MI6.
  5. John-Paul McCarthy (27 Aibreán 2019). "Ní éireodh leis an IRA Nua na focail ‘acht Gaeilge’ a rá i gceart fiú…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-30.
  6. Póilín Ní Chiaráin (15 Bealtaine 2016). "Sceon ar shráideanna an Tuaiscirt agus an Bhreatain san airdeall faoi bhagairt úr" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-30.