Aita Donostia
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (eu) Jose Gontzalo Zulaika Arregi 10 Eanáir 1886 Donostia, An Spáinn |
| Bás | 30 Lúnasa 1956 70 bliana d'aois Donostia, An Spáinn |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | sagart Caitliceach, scríbhneoir, ceoleolaí, cumadóir, orgánaí |
| Ball de | |
| Seánra | Ceoldráma |
| Gluaiseacht | Euskal Pizkundea (en) |
| Ainm cleite | aita Donostia Aita Donostia |
| Teangacha | An Bhascais agus an Spáinnis |
| Ord crábhaidh | Order of Friars Minor Capuchin (en) |
| Uirlis | Orgán |
Sagart agus ceoleolaí as Tír na mBascach ba ea Aita Donostia, An tAthair José Antonio de Donostia, José Gonzalo Zulaica nó fiú Father San Sebastian (10 Eanáir 1886 in San Sebastián – 30 Lúnasa 1956). Bhí sé tiomanta go mór dá chreideamh agus do chaomhnú chultúr na mBascach. Chaith sé a shaol ag déanamh staidéir agus ag cumadh ceoil, go háirithe ceol a raibh tionchar an bhéaloidis agus téamaí creidimh Bascacha ann. Bhain a shaothar aitheantas amach ina thír dhúchais agus thar lear. Ba léiriú a shaothar ar an díograis chun spioradáltacht agus oidhreacht chultúrtha a nascadh.[1]

Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh an tAthair José Antonio de Donostia, bráthair Caipisíneach agus ceoltóir iomráiteach, i dTír na mBascach ar an 10 Eanáir 1886. Rugadh é cois cósta in Donostia.
Rinneadh é a oirniú in Lékárotz in 1908 agus chuaigh sé i mbun múinteoireachta ag an scoil áitiúil go dtí 1918. Le linn na tréimhse seo, chríochnaigh sé staidéar ar an gcantaireacht Ghreagóireach in Silos, Besalú, agus Solesmes. Is é Euskal Preludioak (Réamhcheol na mBascach) ceann de na píosaí is áille uaidh. Le linn na mblianta seo, bhailigh sé amhráin ón gcosmhuintir Bhascach, agus d’fhoilsigh sé iad in 1922 faoin teideal Euskal Eres Sorta (Bailiúchán Amhrán na mBascach).[1]
Sans 1930idí, chuir Cogadh Cathartha na Spáinne isteach ar a shaol. Nuair a bhris an cogadh amach idir lucht Phoblacht na Spáinne agus na faisistigh in 1936, bhí an tAthair Donostia lonnaithe i mainistir na gCaipisíneach in Lekarotz, Navarra. Tháinig fórsaí Franco sa tóir air de bharr a thiomantais do chultúr na mBascach.
B’éigean dó dul ar deoraíocht. Le linn a dheoraíochta bhí sé i gcruatan a mhúnlaigh na blianta deireanacha dá shaol. I mí na Samhna 1936, theith sé faoi bhagairt ghéarleanúna agus chuaigh sé thar theorainn na Fraince isteach in Iparraldea (tuaisceart Tír mBascach). Ba é Toulouse an chéad stad dá dheoraíocht, áit ar chaith sé na blianta 1936 go 1939. Lean sé ar aghaidh ag cumadh ceoil ann, ag díriú ar phíosaí reiligiúnacha cosúil le móitéiteanna, agus bhí sé i dteagmháil fós le deoraithe Bascacha eile.[1]
In 1939, bhog sé go Páras, áit ar ghlac sé páirt i saol cultúrtha na cathrach agus é ag leanúint ar aghaidh lena shaothar ceoil. Mar sin féin, chuir an Dara Cogadh Domhanda agus forghabháil na Naitsithe iallach air teitheadh arís i Meitheamh 1940, an uair seo go Mont-de-Marsan sa Fhrainc. Chuaigh cúrsaí in olcas dó ansin, agus é ag fulaingt uaignis agus é faoi mhaoirseacht dhian ón rialtas, agus tháinig meath ar a shláinte. In ainneoin na gconstaicí seo, lean sé ar aghaidh ag cruthú saothar a léirigh a chreidimh láidir agus a ghrá dá thír dhúchais.
In 1941, bhog sé go dtí Baiona, níos gaire do theorainn Thír na mBascach, áit ar chaith sé blianta deiridh dá dheoraíocht. Cé nár éirigh leis filleadh ar Hegoalde (deisceart Thír na mBascach), rinne sé athcheangal le deoraithe Bascacha eile agus chuaigh sé i mbun taighde ar an mbéaloideas agus ar an gceol in athuair. Bhí a shaothair chumadóireachta le linn na tréimhse seo thar a bheith brónach agus dóchasach araon.[1]
I mí Aibreáin 1943, tar éis seacht mbliana ar deoraíocht, d’fhill sé ar Lekarotz. Cé go raibh tionchar bhlianta an chogaidh agus na deoraíochta ar a shláinte, thosaigh sé arís ar a dhualgais mar shagart agus lean sé ar aghaidh lena shaothar mar cheoltóir agus mar fhoclóirí.
Chaith sé na blianta deireanacha dá shaol i Navarra, áit ar bhain sé sásamh as an tírdhreach agus as an gcultúr a raibh grá aige dóibh i gcónaí. Go dtí a bhás in 1956, d’fhan sé dílis dá chreideamh, dá cheol, agus dá fhéiniúlacht Bhascach. Tá oidhreacht an Athar Donostia le brath i gceol agus béaloideas na mBascach, agus ina theacht aniar le linn tréimhsí corraitheacha. Is léiriú é a shaol ar an nasc a bhí ann i meon cuid de lucht na hathbheochana cultúrtha i dTír na mBascach idir caomhnú na hoidhreachta agus an tiomantas spioradálta, rud a chonacthas i measc roinnt baill de ghluaiseacht na hathbheochana in Éirinn ag tús an fhichiú haois chomh maith.[1]