An t-Sròn Reamhar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaAn t-Sròn Reamhar
Agnew Crescent - geograph.org.uk - 1760924.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
 54°54′05″N 5°02′06″W / 54.9014°N 5.035°W / 54.9014; -5.035
Stát ceannasachAn Ríocht Aontaithe
Nation within the UKAlbain
Scottish council areaComhairle Dhún Phrís is Gall-Ghaidhealaibh Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 10,320 (2016) Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód 01776 Edit the value on Wikidata

Is port tábhactach agus baile mór i gComhairle Dhún Phrís is Gall-Ghaidhealaibh, in iardheisceart na hAlban é An Srón Ramhar (Gaeilge na hAlban: An t-Sròn ReamharAn Rinn Ramhar, Béarla: Stranraer). Roimh 1975 bhí an baile mar chuid de Chontae Bhaile na hÚige, mar a bhí. Tá sé suite ar bhruch theas Loch Ríoghaine ar chuing tíre agus Na Rannaibh sínte amach siar ón bhaile féin. Is é An Srón Ramhar an dara baile mó is mó sa chontae, tar éis Dún Phrís, agus 13,000 duine ina gcónaí ann. Tá sé suite 42 mhíle soir ó Bhéal Feirste, 52 mhíle siar ó dheas ó Inbhir Áir, 72 mhíle siar ó Dhún Phrís, 87 míle siar ó dheas ó Ghlaschú agus 425 mhíle siar ó thuaidh ó Londain.


Blianta ó shin ba ghnách go dtagadh báid mhóra farantóireachta isteach ó Latharna agus Bhéal Feirste, i dTuaisceart Éireann go dtí gur aistríodh an dá chomhlachta bád farantóireachta araon 4 mhíle ó thuaidh suas an bealach mór go Machair an Sgithich i mí na Samhna 2011. Tá cúig bhunscoil agus meánscoil amháin sa bhaile. Críochnaíonn dhá phríomhbhóthar i lár an bhaile; an A75 ó Dún Phrís agus Sasana, agus an A77 ó Inbhir Áir agus Glaschú.


Sa lá atá inniu ann is iad an turasóireacht agus an talmhaíochta an dá thionscal is coitianta i measc bhunadh na háite.