An tÚdarás Náisiúnta Iompair
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | gníomhaireacht rialtais |
| Suíomh gréasáin | nationaltransport.ie |
Bunaíodh An tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI)[1] ar an 1 Nollaig 2009[2], faoi fhorálacha an Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008 agus faoin Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009. Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair an t-údarás iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus is í an ghníomhaireacht cheadúnaithe poiblí í d'Éirinn.
Feidhmeanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá baint ag an Údarás le seirbhísí iompair phoiblí a sholáthar agus a chonrú, lena n-áirítear:[3]
- Conarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí – Iarnród Éireann, Dublin Bus, Go-Ahead Ireland agus Bus Éireann.
- Fochonraitheoireacht leis an tseirbhís Luas
Chomh maith leis sin, is é an tÚdarás an t-údarás ceadúnúcháin do sheirbhísí bus tráchtála agus don tionscal beagfheithicle seirbhíse poiblí – tacsaithe, fruilchairr agus limisíní. Níl baint ar bithag an Údarás le gnáthoibríochtaí laethúla na seirbhísí sin
Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair an tÚdarás Formheasa “ó lá go lá” do MetroLink (Meitreo Átha Cliath).[4]
Tá an tÚdarás freagrach as seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí a cheadúnú.[5] Cuireann ÚNI réimse leathan faisnéise ar fáil go rialta don phobal maidir lena fheidhmeanna, lena ghníomhaíochtaí agus lena scéimeanna.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (Éire)
- An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta
- Bonneagar Iompair Éireann
- Meitreo Átha Cliath
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, National Transport Authority (Ireland)
- ↑ "An tÚdarás Náisiúnta Iompair" (ga-IE). National Transport (2025-06-10). Dáta rochtana: 2025-07-22.
- ↑ "Seirbhísí Iompair Phoiblí" (ga-IE). National Transport. Dáta rochtana: 2025-07-22.
- ↑ "Nua-Shéalannach ainmnithe mar Stiúrthóir Tionscadail ar MetroLink tar éis Cuardach Domhanda" (en). gov.ie. Dáta rochtana: 2025-07-22.
- ↑ "Iompar Paisinéirí de Bhóthar - Mol Faisnéise maidir le Ceanglais Cheadúnúcháin agus Tástála" (en). gov.ie. Dáta rochtana: 2025-07-22.
