An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Giorrúchán | EFSA | ||||
| Cineál | food safety organization (en) foilsitheoir oscailte institiúid um thaighde gníomhaireacht dhíláraithe an Aontais Eorpaigh | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 21 Feabhra 2002 | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Ball de | ORCID | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú |
| ||||
| Stiúrthóir/bainisteoir | Nikolaus Kriz | ||||
| Foilsiú inmhéanach | EFSA Journal | ||||
| Líon fostaithe | 435 (2019) | ||||
| Fochomhlacht | |||||
| Eile | |||||
| Uimhir teileafón | +39-0521-036-111 | ||||
| Suíomh gréasáin | efsa.europa.eu | ||||
Is gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh (AE) é an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia[1] (UESB) (Béarla: European Food Safety Authority (EFSA)) a,, thugann comhairle agus a scríobhann tuairiscí neamhspleácha ar rioscaí maidir leis an mbiashlabhra.[2] Bunaíodh an tÚdarás sa bhliain 2002 agus i bParma na hIodáile atá ar lonnaithe. Sa bhliain 2021, bhí buiséad €118.6 milliún, agus 542 ball foirne.[3]
Oibríonn an UESB ar tréidliacht agus leas ainmhithe; cosaint, sláinte agus cothú phlanda; i measc eile. Tugann an UESB tacaíocht don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus dosna ballstáit agus iad ag iarraidh sláinte na saoránach agus sábháilteacht an bhiashlabhra a chosaint.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ceithre chomhlacht ann san UESB:[2]
- Bord Bainistíochta[4]
- Stiúrthóir Feidhmiúcháin
- Fóram Comhairleach
- Coiste Eolaíoch
Tá an Bord Bainistíochta freagracht as an mbuiséad, as cláir oibre agus as comhar le gach uile comhpháirtí. Tá ann ceathrar ball déag ceaptha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, le liosta curtha le chéile ag an gCoimisiún Eorpach. I dteannta sin, tá ionadaí ón gCoimisiún féin.
Is ionadaí dlí na gníomhaireachta é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ceaptha ag an mBord, atá freagrach as riarachán ó lá go lá, agus as an gclár oibre agus cinntí eile glactha ag an mbord.
Oibríonn an Fóram Comhairleach leis an Stiúrthóir go háirithe ar an gciste oibre. Tá ann san Fhóram ionadaithe ó chomhlachtaí náisiúnaithe na mballstát, i dteannta le breathnóirí ón Iorua, ón Íoslainn, ón Eilvéis agus ón gCoimisiún Eorpach.
Tá saineolaithe ar an gCoiste Eolaíoch chun comhairle agus moltaí neamhspleácha a thabhairt.
Líonra Pointe Fhócasaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oibríonn UESB in éineacht le húdaráis náisiúnta as na 27 ballstát den AE, an Íoslainn and an Iorua, chomh maith le breathnóirí ón Eilvéis agus tíortha is iarrthóirí, faoi réir Pointí Fócasacha an Údaráis.[5]. Tá na húdaráis náisiúnta a leanas ina mbaill an líonra: [6]
Is breathnóirí sa Líonra iad na húdaráis a leanas:[6]
Iriseán
[cuir in eagar | athraigh foinse]The scientific output of the European Food Safety Authority is published in the EFSA Journal, an open-access, online scientific journal. This concerns risk assessment in relation to food and feed and includes nutrition, animal health and welfare, plant health and plant protection.[7]
Cáineadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáineadh géar déanta ar UESB as ró-rialúchán, mar a deirtear.[8]
Coimhlintí leasa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáineadh géar déanta ar UESB, ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa san áireamh sa bhliain 2012,[9] as "coimhlintí leasa a fheictear le scaitheamh,"[10][11][12][13][14][15] cuid acu neamhdhearbhaithe.[16][17] A number of undisclosed conflicts of interest involved the ’'International Life Sciences Institute.[16] Dar le Corporate Europe Observatory, bhí 46% na saineolaithe i gcás coimhlinte leasa sa bhliain 3017.[18]
Bisphenol A
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáineadh déanta ar UESB ag an eagraíocht neamhrialtasach (ENR) CHEM Trust as bréagléiriú a rinneadh ar torthaí le fáil ina dtuairisc ar bisphenol A (BPA) i mí Eanáir 2015.[19][20][21][22]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Health-EU, tairseach sláinte poiblí d'Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte agus na dTomhaltóirí
- Iriseán UESB
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Téarma: an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia". IATE. Dáta rochtana: 13-02-2026.
- 1 2 "Regulation (EC) No 178/2002 of the European Parliament and of the Council of 28 January 2002 laying down the general principles and requirements of food law, establishing the European Food Safety Authority and laying down procedures in matters of food safety". EUR-Lex. Dáta rochtana: 13-02-2026.
- ↑ Single Programming Document 2021–2023, glactha 17ú Nollaig 2020
- ↑ "Management Board members". EFSE. Dáta rochtana: 17ú Bealtaine 2016.
- ↑ "Focal points: EU food safety interfaces". European Food Safety Authority. Dáta rochtana: 18ú Nollaig 2018.
- 1 2 "Focal Point members and observers". European Food Safety Authority. Dáta rochtana: 18ú Nollaig 2018.
- ↑ "EFSA Journal". EFSA. Dáta rochtana: 6ú Deireadh Fómhair 2014.
- ↑ "Case Study: The EU-US Dispute over Regulation of Genetically Modified Organisms, Plants, Feeds, and Foods" (Meitheamh 2010). International Dimensions of Ethics Education in Science and Engineering (9). Curtha i gcartlann 2024-04-10 ar an Wayback Machine
- ↑ Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, 2012, Management of conflict of interest in selected EU Agencies; Special Report no 15 2012 Curtha i gcartlann 2012-11-12 ar an Wayback Machine; ISBN 978-92-9237-876-9; doi:10.2865/21104, PDF, ll. 106
- ↑ "Food safety agency's reliability faces fresh criticism". EurActiv.
- ↑ "Unhappy meal. The European Food Safety Authority's independence problem", Corporate Europe Observatory
- ↑ Oppong, Marvin (15ú Samhain 2011). "Le gendarme des aliments trop laxiste - VoxEurop (Français)".
- ↑ Title:"Europe : le lobby OGM infiltré à la tête de la sécurité alimentaire" Curtha i gcartlann 2013-06-17 ar an Wayback Machine, Libération, 29 septembre 2010
- ↑ Massiot, Aude (15ú Meán Fómhair 2017). "Glyphosate : l'autorité européenne de sécurité des aliments sous influence de Monsanto?". libération.fr.
- ↑ "Glyphosate : Quand l'UE base ses décisions sur un copié-collé de... Monsanto" (2017-09-15).
- 1 2 "Exposed: conflicts of interest among EFSA's experts on food additives". corporateeurope.org (15ú Meitheamh 2011). Dáta rochtana: 2020-09-17.
- ↑ L'EFSA perd un peu plus de crédibilité Curtha i gcartlann 2012-03-13 ar an Wayback Machine, presseurop.eu, juin 2011
- ↑ Stéphane Horel (2018). "Lobbytomie : comment les lobbies empoisonnent nos vies et la démocratie" (as fr). La Découverte.
- ↑ "Bisphenol A – new EFSA assessment cuts safe exposure level, calls for more research (updated)". CHEM Trust (21d Eanáir 2015). Dáta rochtana: 8ú Aibreán 2015.
- ↑ "EFSA corrects its risk assessment of bisphenol A to acknowledge that experts didn't say 'no health concern'". CHEM Trust. Dáta rochtana: 8ú Aibreán 2015.
- ↑ "We write to EFSA: Why did you misrepresent the results of the Risk Assessment of Bisphenol A?". CHEM Trust (2ú Aibreán 2015). Dáta rochtana: 8ú Aibreán 2015.
- ↑ "EU Food Authority responds to letter on misleading communication on Bisphenol A risks, claims 'simplification' for 'accessibility'". CHEM Trust (22a Aibreán 2015).