An tÚdarás Baincéireachta Eorpach
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Giorrúchán | EBA agus EBA | ||||
| Cineál | gníomhaireacht dhíláraithe an Aontais Eorpaigh | ||||
| Stair | |||||
| Téann in áit | Committee of European Banking Supervisors (en) | ||||
| Dáta a bunaíodh | 25 Samhain 2011 | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Ball de | Network for Greening the Financial System (en) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú (2019–) | |||||
| Uachtaránacht | José Manuel Campa (2019–) | ||||
| Líon fostaithe | 154 (2019) | ||||
| Eile | |||||
| Uimhir teileafón | +33-1-86-52-70-00 | ||||
| Suíomh gréasáin | eba.europa.eu | ||||
Is gníomhaireacht rialacháin an Aontais Eorpaigh é an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE)[1] (Béarla: European Banking Authority (EBA)), lonnaithe i La Défense, Île-de-France. Déanann an t-údarás tástáil struis le bainc Eorpacha; agus aithníonn sé laigí i struchtúir chaipitil na mbanc.[2]
Tá de chumhacht ag ÚBE rialtóirí náisiúnta a chur ar neamhní má theipeann orthu a mbainc a rialú mar is cuí. Cuireann an t-údarás iomaíocht chóir chun cinn trí chaighdeán pain-Eorpach a chur i bhfeidhm.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an ÚBE ar an 1d Eanáir 2011, i gcomharba ar an g[Coiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha]] (CMBE).[4][5]
Bhíodh ÚBE (agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach) lonnaithe i Londain, ach ba ghá dó bogadh as tar éis Brexit. Bhíothas ag smaoineamh ar na cathracha a leanas mar cheanncheathrú nua dó:[6] an Bhruiséil,[7] Baile Átha Cliath,[8] Frankfurt,[9][10] Lucsamburg, [11] [12] Páras,[13] Prág,[14] Vín[15] agus Vársá.[16] i ndeireadh na dála, roghnaíodh Paris ar crannchur ar an 20ú Nollaig 2017.[17]
I mí Meithimh 2021, d'fhógair an ÚBE gur gá do gach banc plean deich-mbliana a bheith acu chun rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (CSR) a chosc.[18]
Misean agus tascanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é mar phríomh-thasc ag an ÚBE a chur leis an Leabhar Rialacha Aonair le Caighdeáin Teicniúla Ceangailteacha (Béarla: Binding Technical Standards (BTS)) agus Treoirlínte.[19][20] I dteannta sin, tá ról lárnach ag an údarás i maoirseacht agus cur i bhfeidhm na rialacha airgeadais ar fud na hEorpa; agus cuirtear de chúram air rioscaí dá chóras baincéireachta a mheasúnú.
I measc tascanna eile faoi mhandáid an ÚBE tá mar a leanas:
- imscrúdú a dhéanamh ar droch-chur i bhfeidhm dlí ag údaráis naisiúnta
- cinntí a dhéanamh ar son údarás ar leith i gcásanna éigeandála
- idirghabháil a dhéanamh to chun easaontais trasteorann a réiteach
- bheith ina chomhlacht comhairleach neamhspleách do Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún.
- trédhearcacht, simplíocht agus cothroime sa mhargadh airgeadais inmheánach a chur chun cinn.
Amhail is an Coimisiún féin, foilsíonn ÚBE doiciméid éagsúla, san áireamh Caighdeáin Teicniúla (atá ceangailteach de réir dlí), Treoirlínte, Moltaí, Tuairimí, Ceisteanna agus Freagraí (C&F) agus Tuairiscí idir ad-hoc agus ar bhonn rialta.
Creat Tuairiscithe Coiteann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Tuairisciú Coiteann (Béarla: Common Reporting (COREP)), glactha ag 30 tíortha Eorpacha, an creat caighdeánach foilsithe ag ÚBE chun tuairisciú a dhéanamh faoin Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil. Clúdaithe ann tá riosca creidmheasa, riosca margaidh, riosca oibriúcháin agus cóimheasa leordhóthanachta caipitil. Éilítear ar institiúidí rialáilte tuarascálacha COREP a chur isteach go tréimhsiúil le XBRL laistigh de Eurofiling.[21]
Bord Maoirseoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seo a leanas na húdaráis náisiúnta atá ina mbaill vótála ar Bhord Maoirseoirí ÚBE:[22]
Bronnadh stádas vótála ar chathaoirleach ÚBE sa bhliain 2019.[5] I measc baill nach bhfuil cearta vótála acu, tá san áireamh:
- ionadaithe ón [[an Coimisiún Eorpach]|gCoimisiún Eorpach]], Bord Maoirseachta BCE, Bord Eorpachh um Riosca Sistéamach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde
- Údaráis maoirseachta as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)
- I roinnt tíortha, tá an maor baincéireachta scoite ón mbanc ceannais, an t-údarás réitigh, an t-údarás um chosaint tomhaltóir agus/nó údarás árachas taiscí. I gcásanna ar leith (Airteagal 40), tá cead ag na húdaráis úd freastail ar cruinnithe an bhoird.
- Tá stádas breathnóra ag an mBord Réitigh Aonair ar an mbord, agus i dteannta sin is ball den Bhuanchoiste um Réiteach (ResCo).[23]
Mar thoradh na socraithe seo, níl vóta foirmiúil ag Maoirseacht Baincéireachta Supervision BCE nó an Bord Réitigh Aonair, agus cinneadh á dhéanamh ag ÚBE.
Lucht ceannais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cathaoirleach:
- Andrea Enria (1d Eanáir 2011 - 31ú Nollaig 2018)
- José Manuel Campa (ón 1d Bealtaine 2019)
Stiúrthóir feidhmiúcháin:
- Ádám Farkas (2011-2020)
- Peter Mihalik (gníomhach, 2020)
- François-Louis Michaud (ón 1d Meán Fómhair 2020)
== Féach freisin
== Naisc sheachtracha
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Téarma: An tÚdarás Baincéireachta Eorpach". IATE. Dáta rochtana: 2025-12-28.
- ↑ "New European Banking Regulator Will Conduct a Stress Test on Lenders". nytimes.com. Dáta rochtana: 2011-02-01.
- ↑ "The ÚBE has relocated to new premises". European Banking Authority (16ú Nollaig 2014).
- ↑ "Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún". EUR-Lex. Dáta rochtana: 2025-11-28.
- 1 2 "RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí". EUR-Lex. Dáta rochtana: 2025-11-28.
- ↑ "Offers to host the European Banking Authority (EBA) - Consilium". consilium.europa.eu.
- ↑ "Brussels". consilium.europa.eu.
- ↑ "Dublin". consilium.europa.eu.
- ↑ "Frankfurt". consilium.europa.eu.
- ↑ "Frankfurt". www.consilium.europa.eu.
- ↑ "Lucsamburg". consilium.europa.eu.
- ↑ "Lucsamburg". consilium.europa.eu.
- ↑ "Paris". consilium.europa.eu.
- ↑ "Prague". consilium.europa.eu.
- ↑ "Austria". consilium.europa.eu.
- ↑ "Poland". consilium.europa.eu.
- ↑ "Offers to host the European Banking Authority (EBA)". consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2018-03-14.
- ↑ Jones, Huw (2021-06-23). "EU watchdog tells banks to have a 10-year climate plan". reuters.com. Dáta rochtana: 2021-06-23.
- ↑ "The European Banking Authority at a Glance".
- ↑ "The Single Rulebook". Regulation and policy. European Banking Authority. Dáta rochtana: 11ú Nollaig 2015.
- ↑ "Eurofiling | Contact: info [at] eurofiling.info".
- ↑ "Members and Observers". eba.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-11-19.
- ↑ "Decision of the European Banking Authority of 22-01-2020 concerning establishment of the Standing Committee on Resolution (ResCo)".
{{