Modh díreach (oideachas)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úsáidtear an modh díreach, ar a dtugtar an modh nádúrtha uaireanta, go minic (ach ní go heisiach) le teangacha iasachta a mhúineadh, gan leas a bhaint as teanga dhúchais an fhoghlaimeora sa seomra ranga. Tá codarsnacht idir é agus modh na gramadaí-aistriúcháin agus cur chuige traidisiúnta eile.

Go ginearálta, díríonn an teagasc ar fhorbairt scileanna cainte Is iad gnéithe sainiúla an mhodha dhírigh ná:

  • coincheapa agus stór focal a theagasc trí pantomaim, réada ón bhfíorshaol agus áiseanna amhairc eile
  • múineadh na gramadaí trí úsáid a bhaint as cur chuige ionduchtach (i.e. bíonn ar foghlaimeoirí na rialacha a fháil amach trí fhoirmeacha imleor teangeolaíochta a chur i láthair sa sprioctheanga)
  • lárnacht na teanga labhartha (lena n-áirítear fuaimniú mar a bheadh cainteoir dúchais ann)
  • díriú ar ghnásanna 'ceisteanna-freagra'

Sa 19ú Céad ba é an modh a bheachtaigh Karl Plotz agus Johann Seidenstücker an modh ba mhó tionchar ar theagasc beotheangacha.[1] Is iad ba bhuntréithre an mhodha seo foghlaim rialacha agus táblaí gramadaí de ghlanmheabhair agus aistriú abairtí ón da theanga sa dá threo. Mhair réim an mhodha seo ar feadh an chuid ba mhó den chéad sin. I gcás na tíre seo agus theagasc na Gaeilge is sampla réasúnta dílis den dearcadh seo an cúrsa teagaisc Easy lessons: or self-instruction in Irish leis an Chanónach Uileog de Búrca a foilsíodh i 'The Nation', Lúnasa 1858.[2]

Ar ndóigh, ainneoin na réime fada seo, ní gach duine a bhí sásta leis an oideas seo de rialacha gramadaí agus aistriúcháin. Suimiúil go leor, chomh fada siar le 1631, ina mhórshaothar Didactica magna, nocht Comenius a bharúil gur fusa gach teanga a fhoghlaim trí chleachtadh ná trí rialacha i.e. trí léamh, athléamh, cóipeáil, aithris le lámh agus le teanga, agus trí iad seo a dhéanamh chomh minic agus is féidir.

Ag deireadh an 19ú Céad, mar sin, thosaigh an frithghníomh ag cruinniú nirt. Bhí go leor scoláirí agus múinteoirí páirteach ann: Wilhelm Viëtor, mar shampla, a d'fhoilsigh Der Sprachunterricht muss umkehren (Gaeilge: Is gá teagasc teangacha a leasú) in 1882, inar ionsaigh sé múineadh foirmlí gramadaí agus aistriúcháin agus inar éiligh sé go mbeadh tús áite ag an chaint sa teagasc agus go bhfoghlaimeofaí an ghramadach ar bhealach ionduchtach as an chleachtadh cainte sin. Ba thábhachtach leis fosta go gcuirfí eiseamláirí nádúrtha den sprioctheanga i láthair na bhfoghlaimeoirí le go n-aithneoidísí mar theanga bheo agus ní mar shraith foirmlí marbha.

I dtrátha an ama chéanna foilsíodh L'art d'enseigner et d'étudier les langues (Gaeilge: An ealaín a bhaineann le teangacha a theagasc agus a staidéar) le F. Gouin, agus leis an leabhar sin cuireadh béim fosta ar thábhacht na gníomhaíochta fisiciúla sa phróiseas foghlama .i. gur cheart go mbeadh corp chomh maith le hinchinn an fhoghlaimeora rannpháirteach san fhoghlaim, agus chuige sin go n-úsáidfí sceitsí, mímeanna agus cluichí, srl., sa rang. Is ar an ábhar seo, ní foláir, a d'fhoilsigh Peadar Mac Fhionnlaoich, a chuir teoiricí Nicolas Gouïn Dufief in aithne do phobal na Gaeilge an chéad uair, a leabhrán Miondrámanna, in 1902.

Is suimiúil a thabhairt faoi deara nár shéan ceachtar den bheirt seo áit do chéad teanga na bhfoghlaimeoirí mar ghléas eadrána san fhoghlaim, ach is minic a tharlaíonn sé nach mbíonn deisceabail ceannródaí sásta go mbíonn a séala féin curtha acu ar an bhunsaothar. Nuair a táthaíodh na prionsabail seo uile le chéile go ndearnadh an Modh Díreach díobh, bhí cosc fógartha chomh maith ar úsáid na chéad teanga sa teagasc. Chuir an cosc seo, mar aon le gnéithe eile den mhodh, tús le díospóireacht bhríomhar a leathnaigh amach i measc lucht teagaisc theangacha agus a mhair ar feadh i bhfad cibé áit a raibh an Modh Díreach in úsáid, agus a raibh an díospóireacht a tharla i gcuid colún An Claidheamh Soluis ina macalla uirthi.

Is iontach an ceannas a bhí ag an Mhodh Díreach i mblianta tosaigh an fichiú haois ar fud cuid mhór den Eoraip. Sa Fhrainc, agus ina dhiaidh sin sa Ghearmáin, níor ceadaíodh teagasc teangacha de réir aon mhodha eile ach é sna scoileanna. Ach de réir a chéile tuigeadh nárbh fhéidir polasaí mar seo a leanúint go docht, agus ceadaíodh cuid de na cleachtais thraidisiúnta gramadach fhoirmiúil, aistriúchán, srl. - sna scoileanna arís de ghrá an chomhréitigh. Sna fichidí bhíothas ag caint ar an Mhodh Eicleicteach, nach raibh ann go bunúsach ach séala na hoifigiúlachta ar an chomhréiteach seo agus admháil nár aimsíodh go fóill an bealach órga chun na dara teanga.

In Éirinn, chuir lucht an Chonartha an-bhéim ar mhodheolaíocht an mhodha a bhí go mór i réim le linn tráth a bhunaithe, a bhuí le teoiricí Ghouin. Bhí an stíl múinteoireachta sin a shamhlaítear leis an modh díreach á moladh ag 'Aireacht na Gaeilge', ag tús an tSaorstáit agus le fada agus de shíor ag an Roinn Oideachais a tháinig I gcomharbacht uirthi

Ó thaobh na praiticiúlachta de, is minic a luadh gur ghá scil an-chumasach a bheith ag an mhúinteoir chun an Modh Díreach a fheidhmiú i gceart. Theastaigh fosta go mbeadh a leordhóthain d'áiseanna teagaisc aige/aici má bhí sé/sí leis an chéad teanga a sheachaint ina chuid oibre. Tá sé le rá gurb é sin an chéad mhóreaspa a bhí ar an mhodh teagaisc seo. Ní raibh riamh go leor de na háiseanna seo éagsúlachta iontu sin a bhí ar fáil, agus má bhí sé seo fíor ar fáil ná go leor thar lear bhí sé chomh fíor céanna in Éirinn. Tá sé le tuiscint on fthógra i Lámh-leabhar Mhodha na Ráidhte (1919) leis an Athair Domhnall O Tuathail, mar shampla, faoi léaráidí a bhí le húsáid leis an mhodh sin, agus ó na siollabais do na grúpaí éagsúla foghlaimeoirí a rianaítear sa lámhleabhar, go mbaintí feidhm as Humpty Dumpty agus An Teach a Thóg Seáinín sna ranganna do dhaoine fásta chomh maith le bunranganna na scoileanna náisiúnta. Cúrsaí nithiúla coincréiteacha ba ábhar do na ranganna seo cuid mhór, is cosúil, más fíor do na foinsí seo.

In An MacLeighinn (1912) [3] mar shampla, ainneoin go múintear an forainm réamhfhoclach ar i gCeacht a hAon Déag, mar a mbeadh súil le habairtí ar nós Tá tuirse, áthas, imní, srl. orm, níl oiread agus focal teibí amháin in iomlán an chúrsa. Ar ndóigh, d'fhéadfaí a rá nach raibh de bhuntáiste ag na scríbhneoirí seo go raibh fáil acu ar na suirbhéireachtaí minicíochta atá ag lucht scríofa cúrsaí an lae inniu, ach is mór an t-amhras go míníonn sé sin iomlán an scéil. Tar éis an tsaoil, ní raibh siad gan an t-eolas iomasach sin a thagann chuig gach múinteoir le taithí. Is é is dóichí nach bhféadfaí na codanna sin den teanga a láimhseáil le héifeacht gan na háiseanna cuí ná gan dul i muinín an Bhéarla.

Ainneoin nach bhfuil an Modh Díreach á chleachtadh go forleathan níos mó anois, ní foláir a rá go thábhachtach gnóthaithe aige i stair na modheolaíochta teangacha. Cuid mhór de na prionsabail agus na cleachtais ar a bhfuil modhanna teagaisc an lae inniu bunaithe tús áite ag an chaint, próiseas gníomhach foghlama, foghlaim teanga ní foghlaim i dtaobh teanga, úsáid súláiseanna agus realien, srl., is i ranganna an Mhodha Dhírigh a bhláthaigh siad ar dtús agus ní beag é sin mar theist air.[4]

"Fiú sa lá atá inniu ann, tá an modh díreach ina chomhartha sóirt fós ar mhúineadh na Gaeilge. Cé go raibh dea-theist ar an modh díreach féin, go minic, ní bhíodh ar siúl, áfach ach orduithe á dtabhairt ag an múinteoir nó ceisteanna den chineál dúnta, an múinteoir I gcónaí ag súil leis an aon fhreagra ceart, nó caint á dhéanamh ar mhaithe le riail áirithe gramadaí a mhíniú agus a shoiléiriú. B’annamh, mar sin féin, a bhíodh deis á tabhairt do dhaltaí fíorchumarsáid a dhéanamh. Go minic is baolach gur cuireadh srian le húsáid nádúrtha na teanga i measc foghlaimeoirí laistigh den seomra ranga agus gur cloíodh, dá réir, le cineál teanga amháin ann. B’ionann an cineál teanga seo agus an teanga thuairisciúil, .i. an teagascóir nó an múinteoir ag cur na ceiste agus an fhoghlaimeoir ag tabhairt an fhreagra a fhanann taobh le cineál na teanga tuairisciúla."[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Grammar-Translation Method. [1] Curtha i gcartlann 2022-01-27 ar an Wayback Machine
  2. DE BÚRCA, Uileog (1829–1887).[2]
  3. An Macleighinn: Leabhar Chomhraidh le Feargus Finnbheil (Diarmaid Ó Foghludha) , Muintir na Leabhar Gaedhilge, Dublin, 1908l.[3],
  4. Conradh na Gaeilge agus an tOideachas Aosach le Sean Mac Mathuna, Risteard Mac Gabhan. Cló Chois Fharraige, An Chéad Chló; 1981.
  5. An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisch. Eagarthóirí; Tadhg Ó HIfearnáin & Máire Ní Neachtain. Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta,2012, ISBN 978-1-907494-25-3