An modh díreach (oideachas)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is éard is an modh díreach (ar a dtugtar freisin an modh nádúrtha) ná dóigh le haghaidh teangacha iasachta a theagasc, a n-úsáideann an sprioctheanga, gan aon úsáid a bhaint as teanga dhúchais an fhoghlaimeora, sa seomra ranga.  Ba é an bunsmaoineamh taobh thiar dó ná go gcaithear teangacha iasachta a theagasc ar an mbealach céanna ina fhoghlaimítear teanga dúchasacha! Bunaíodh é sa Ghearmáin agus san Fhrainc timpeall na bliana 1900. Chonacthas go raibh sé ina fhreagra ar easnaimh an mhodha ghramadaí-aistriúcháin & an mhodha teagaisc Dhátheangaigh. agus modhanna traidisiúnta eile. Ghlac príomh-scoileanna teanga idirnáisiúnta ar nós Berlitz agus Inlingua é sna 1970í.

Hans H. Ørberg.

D'úsáid Hans Ørberg an modh díreach (nó an modh nádúrtha) sa théacslabhair cáiliúil 'Lingua Latina per se illustrata'[1] le Hans H. Ørberg. Sa mhodh seo tosaíonn an mac léinn, nach bhfuil aon eolas air roimhe ré ar an Laidin, le habairtí simplí, mar shampla "Rōma in Italiā est" ("Tá an Róimh san Iodáil."

Go ginearálta, díríonn an teagasc ar fhorbairt scileanna labhartha.[2]

In Éirinn, chuir lucht an Chonartha an-bhéim ar mhodheolaíocht an mhodha a bhí go mór i réim le linn tráth a bhunaithe, a bhuí le teoiricí Ghouin. Bhí an stíl múinteoireachta sin a shamhlaítear leis an modh díreach á moladh ag 'Aireacht na Gaeilge', ag tús an tSaorstáit agus le fada agus de shíor ag an Roinn Oideachais a tháinigh I gcomharbacht uirthi. Fiú sa lá atá inniu ann, tá an módh díreach ina cxhomhartha sóirt fós ar mhuineadh a Gaeilge. Cé go raibh sea-theist ar an modh síreach féin, go minic , ní bhíodh ar siúl, áfach ach orduithe á dtabhairt ag múinteoir nó ceisteanna sen chineál súnta, an múinteoir I gcónaí ag súil leis an aon fhreagra ceart, nó caint á dhéanamh ar mhaithe le riail áirithe gramadaí a mhíniú agus a shoiléiriú. B’annamh, mar sin féin, a bhíodh deis á tabhairt do dhaltaí fíorchumarsáid a dhéanamh. Go minic is baolach gur cuireadh rian le húsáid nádúrtha na teanga i measc foghlaimeoirí laistigh den seomra ranga agus gur cloíodh, dá réir, le cineál teanga amháin ann. B’ionann an cineál teanga seo agus an teanga thuairisciúil, i.e. an teagascóir nó an múinteoir ag cur na ceiste agus an fhoghlaimeoir ag tabhairt an fhreagra a fhanann taobh le cineál na teanga tuairisciúla.[3]

Seo a leanas saintréithe de chuid an mhodha dhírigh:

  • teagaisc na gcoincheap agus na stór focal trí mímeáilte, úsáid a bhaint as rudaí ón saol reatha  agus ábhar físiúil.
  • teagaisc na gramadaí trí chur chuige ionduchtach a úsáid (eadhon, ligint do na foghlaimeoirí rialacha a fháil amach, trí fhoirmeacha teanga leordhóthanacha a chur i láthair sa sprioctheanga)
  • béim a chur ar thábhacht na teanga labhartha (lena n-áirítear fuaimniú mar a bheadh cainteoir dúchais ann)
  • díriú ar na patrúin 'ceist-freagra'


Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "{{{title}}}" (1993). Latomus 52 (1): 239–40. Société d'Études Latines de Bruxelles. 
  2. http://www.inlingua-beograd.com/learn_serbian.php?lang=en&web_page_ls=About%20school
  3. An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisch. Eagarthóirí; Tadhg Ó HIfearnáin & Máire Ní Neachtain. Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta,2012, ISBN 978-1-907494-25-3