An Volta (abhainn)
| Cineál | Abhainn | |||
|---|---|---|---|---|
| Foinse | ||||
| Mór-roinn | an Afraic | |||
| Tír abhantraí | Gána agus Buircíne Fasó | |||
| Deireadh | ||||
| Suíomh | Murascaill na Guine | |||
| ||||
| Craobh-abhainn | ||||
| Tréithe | ||||
| Toisí | 1,500 ( | |||
| Abhantrach | 388,000 km² | |||
| Bearta agus táscairí | ||||
| Sreabhadh | 1,288 m³/s | |||
Is í An Volta an phríomh abhainnchóras is tábhachtaí i bPoblacht Ghána, tír in Iarthar na hAfraice. Sreabhann sí ó tuaidh i dtreo Ghána ó shléibhte Bhuircíne Fasó ar a dtugtar Ardchríocha Bobo-Dioulasso.
Is iad na trí phríomh-chuid den abhainn ná an Volta Dhubh, an Volta Bhán, agus an Volta Dhearg. San iarthuaisceart, is í an Volta Dhubh a chruthaíon teorainneacha idirnáisiúnta an Chósta Eabhair, Ghána, agus Buircíne Fasó. Sreabhann an Volta ó dheas feadh ardchríocha Akwapim-Togoland, agus sileann sí isteach san Aigéan Atlantach ag Murascaill na Guine ag Ada Foah. Téann ceann dá fo-aibhneacha níos lú, an Oti, isteach i nGána ó Thóga san oirthear. Dambáladh an Volta ag Akosombo chun leictreachas hidrileictreach a ghiniúint. Tá an taiscumar darb ainm Loch Volta ag síneadh ó Dhaba Akosombo ar an taobh ó dheas go dtí an chuid thuaidh den tír, agus is é an taiscumar daondéanta is mó ar domhan de réir achair.
