An Triail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An Triail  
Údar Máiréad Ní Ghráda
Tír Éire
Teanga Gaeilge
Foilsitheoir An Gúm (BÁC)
Cineál meáin Dráma, leabhar
Leathanaigh 77
ISBN 1-85791-126-1, 9781857911

Dráma le Máiréad Ní Ghráda is ea 'An Triail'[1], atá ar churaclam na hArdteistiméireachta. (An Triail a thugtar ar leagan Gaeilge le Risteárd Mac Annraoi de scéal eile freisin).

Scríobh Máiréad Ní Ghráda an dráma seo sna 1960idí, ach tá sé chomh tráthúil sa lá atá inniu ann.[2]  Léiríonn sí samplaí maithe den imeallú a bhíodh coitianta in Éirinn maidir le máithreacha singil. Taispeánann sí smacht láidir ag an Eaglais Chaitliceach na hÉireann ar an mhuintir agus conas a bhí tionchar acu orthu ar daoine in Éirinn.[3]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an dráma bunaithe in Éirinn le linn na 1960idí. Sa dráma corraitheach, trágóideach seo, feicimid an dearcadh cúng, bréagchráifeach, fimíneach a bhí ag tír Chríostaí seo i leith na cailín mar Mháire.[4]

Sna seascaidí ba mhór an scannal é páiste a bheith ag bean shingil. "Tuairim na gcomharsan" is mó a chuireann isteach ar mháthair Mháire. Bhí cumhacht agus smacht an-láidir ag an Eaglais Chaitliceach ar an bpobal ag an am. Bhí bean shingil le leanbh ar imeall na sochaí[5]. Bhí Máire imeallaithe ag gach duine, a teaglach san áireamh.

Taispeánann Ní Ghráda léiriú an-dhiúltach ar shocaí na hÉireann sa dráma seo.  Feicimid conas mar a déantar imeallú ar dhaoine áirithe toisc nach leanann siad na "rialacha"[6]. Tugtar léiriú dúinn den bhéalchráifeacht, forlámhas na bhfear, daoine gan scrupaill agus an striapachas[7].

Achoimre plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dráma trágóideach é.[8]  Léiríonn Ní Ghráda, Máire in umar na haimléise agus í tréighte.  Buaileann Máire le Pádraig ag an rince sa teach scoile.  Titeann sí i ngrá le Pádraig.  Ach tar éis tamaill an-ghairid, is léir go bhfuil sí ag iompar leanbh Phádraig[9]

Nuair a fhaigheann a máthair amach go bhfuil sí ag iompar clainne, déanann sí iarracht an leanbh i mbroinn Mháire a chur chun báis.  Is é náire an mothúchán is láidir, agus feiceann muid é nuair a dhéanann siad tagairt don ‘tuairimí gcomharsan’.  Cuireann Bean Uí Chathasaigh brú ar Mháire ainm athair an linbh a thabhairt di, ach diúltann sí; tá sí dílis dá fear.

Níl aon rogha eile as ag Máire ach dul ina haonar go Baile Átha Cliath agus saol nua a chruthú uirthi féin.  Caitheann Máire tréimhse ag obair i "dTeach Tearmainn". San áit sin coinnítear máithreacha singil atá ag súil le breith i bhfad ó shúile an phobail[10].  Taispeánann an dráma seo, conas a dhéanann an tsochaí a leithéidí do mháithreacha aonair. Is é seo an píosa:[11]

Mathair: “Ná bítear ag féachaint ormsa. Ní ormsa is cóir an milleán a chur. Thóg mise í go creidiúnach agus go Críostúil. Cad eile a d’fheadfainn a dhéanamh di?”

Sean: “Náirigh sí sinn. Bhí orm éirí as an tsagartóireacht. Ní fheadfainn aghaidh a tabhairt ar mo chomrádaithe sa choláiste…”

Liam: “Bhris Beití an cleamhnas a rinneadh dúinn. Níor fhéad sí an phoiblíocht a sheasamh.” [1]

Na Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Máire 

Is í Máire an phríomh-charactar an dráma seo.  Cailín ciúin, cúthail atá inti.  Tá sí go mór faoi smacht ag a máthair.  Chomh maith, tá meas aici ar a máthair agus déanann sí gach rud dá máthair mar, beidh Máire ag dul isteach sna mná rialta, dar léi, ach tá Máire féin in amhras faoi sin.  Níl mórán de thaithí an tsaoil ag Máire. 

Nuair a buaileann Máire le Pádraig Mac Cárthaigh den chéad uair, is cailín goilliúnach, soineanta í. Cuireann a máthair mallacht uirthi, nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil Máire ag iompar clainne[9].  Glaonn sí striapach uirthi, agus ruaigeann sí ón dteach í[5].  Acht fanann Máire an-dhílís do Phádraig. 

Tá saol dian, uaigneach ag Máire nuair a fhaigheann sí amach go raibh sí ag iompar clainne.  Tréigeann gach duine í, a clann san áireamh mar tá siad burtha faoi ‘thuairim na gcomharsan’.  I rith an dráma ar fad, tá Máire ag fás agus ag forbairt mar duine.  Cailín ciúin, soineanta a bhí inti ar dtús, ach, faigheann sí neart agus misneach nuair a théann sí go dtí Baile Átha Cliath.  Ach sroicheann sí deireadh na feide nuair a thréigeann Pádraig í agus a leanbh agus nuair a chuireann sé striapach uirthi, níl puinn dóchais fágtha aici.  Mar sin, tugann sí a breithiúnas féin ar an bhfadhb ina bhfuil sí:

'Mharaigh mé mo leanbh de bhrí gur cailín í. Fásann gach cailín suas ina bean. Ach tá m’iníon saor. Ta sí saor. Ní bheidh sí ina hóinsín bhog ghéilliúil ag aon fhear. Tá sí saor'[12].

Bean Uí Chathasaigh (máthair Mháire)

Máthair míthrocáireach, coiméadach atá inti.  Glacann sí páirt thábhachtach sa dráma seo.  Bhí saol crua aici ag sclábhaíocht ar an bhfeirm.  Bean an-údarásach atá ann, toisc go bhfuil pleananna móra saoil leagtha amach aici don triúr páiste.  Tá sí ag súil go rachadh Máire sna mná rialta, go mbeadh Seán ina shagart agus go bhfágfadh sí an fheirm do Liam[9].  Ní theastaíonn ar na páistí na bealaigh sin a roghnú, ach ní éisteann sí leo[12]. Nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil Máire torrach, tá fearg uirthi nach mbeidh sí in ann a cuid uaillmhianta a chomhlíonadh. Déanann sí iarracht leanbh sa bhroinn a mharú, mar dar léi ‘níl aon pheaca deireadh a chur le rud neamhghlan- rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine’[1].  Níor thaispeáin sí grá mháthair dá híníon.  Tá sí buartha faoi thuairimí na gcomharsan agus ceapann sí gur mór an peaca leanbh a bheith ag máthair shingil.[5]

Pádraig Mac Carthaigh

Is é an fríthlaoch an dráma seo.  Fear fimíneach é, iarábhar sagairt agus múinteoir scoile agus bhí meas mór ag gach duine leis.  Feicimid Pádraig den chéad uair sa teach scoile.  Buaileann sé le Máire.  Tuigeann sé go bhfuil cumhacht aige ar Mháire agus úsáideann sé é sin chun a shlí féin a bheith aige[12].  Meallann sé Máire.  Tuigeann sé go maith go bhfuil sí óg, saonta agus simplí.  Cuireann sé faoi gheasa í ag rá gur rud ‘beannaithe’ atá ar siúl eatarthu.  Tá bua na cainte aige.  Síleann sé go bhfuil Máire faoi smacht a máthair[5].  Déanann sé dúshaothrú mínáireach ar shoineantacht Mháire.  Tá sé fimíneach chomh maith, mar, os comhair na muintire, is duine urramach é, an máistir scoile. Ach san oíche, i ngan fhios d’éinne, tá sé ag bualadh le Máire, agus iarrann sé uirthi gan aon rud a rá le haon duine[12]

Is bréagóir é, nuair a fhaigheann sé amach go bhfuil sí ag iompar clainne, tréigeann sé í, mar is ar a shon féin atá sé i gcónaí.  Ag an deireadh, chuireann Máire lámh in bás féin agus maraíonn sí a leanbh.

Mailí

Cara le Máire is ea Mailí. Is í an t-aon chara atá ag Máire agus mhothaíonn trua aici di. Léiríonn sí sualicí an duine ar fad an dráma, mar ní chuireann sí brú ar bith ar Mháire. Feicimid an caidreamh maith idir Mailí agus na mná eile sa Teach Tearmainn[5].  Buaileann Máire léi den chéad uair nuair a théann sí go dtí an Teach Tearmainn.  Bhí siad sa chás céanna ach bhí Mailí sásta leis an tsocrú.  Striapach is ea í, chomh maith, mar sin tá sí imeallaithe ag an tsochaí[12].  Is bean chinéalta, chabrach í Mailí agus feiceann sí soineantacht Mháire, tugann sí comhairle di, mar sin, 'Croith suas tú féin, ná bí suite i gcónaí ag déanamh trua duit féin'[5]. Dar le Máire ‘Is aingeal í’, Mailí- ‘aingeal dubh’, mar is í Mailí an t-aon duine amháin a chabhraíonn léi.  Tá eitic Chríostaí níos láidre ag Mailí ná duine ar bith eile.

Liam Ó Cathasaigh (dearthair Mháire)

Is é Liam an deartháir is sine.  Tá sé faoi bhois an chait ag a mháthair.  Níl trua ar bith aige dá Mháire- nuair a fhaigheann a mháthair amach go bhfuil Máire ag iompar clainne ní thacaíonn sé léi[10].  Tar éis a athair a fuair bás, ghlac sé lena húdaras.  Ach is léir go bhfuil eagla air roimh a mháthair[5], mar d'éalaíonn sé amach an bhfuinneog san oíche agus buaileann sé lena chailín Beití de Búrca.  Nuair a cheistigh a mháthair é, inisíonn sé bréag dá mháthair.  Tá sé féinlárnach.  Deireann sé ‘Ní mise a coimeádaí’.  Tá comhluadar dá chuid féin aige[5].

Seán Ó Cathasaigh (dearthair Mháire)

Is é Seán an deatháir is óige.  Tá sé faoin smacht ag a mháthair agus tá plean ag a mháthair go mbeidh a mac ina shagart. Cosúil le Liam, duine leithleasach atá ann; ní smaoiníonn sé ar dhuine ar bith ach air féin[5]

Fiú go mbeadh sé ina shagart, ní thaispeánann sé aon catharnacht do Mháire. Deireann sé ‘ní ghlacann sí Comaoineach Naofa’[10]. Níl sé ag smaoineamh faoi conas a mhothaíonn Máire.  Ní léiriíonn sé aon trua di. Dar leis, pheacaigh Máire in aghaidh Dé[12].


Téamaí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Teach Tearmainn[13]


  • Gan amhras, is í fimíneacht mhuintir na hÉireann sna caogaidí agus sna seascaidí an phríomh-théama an dráma seo.
  • Léiríonn an t-údar béim mhór ar chúrsaí creideamh, ba mhaith máthair Mháire go mbeadh a hiníon ina bean rialta.  Ach, nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil a hiníon ag iompar- is beag rian den Chríostaíocht a fheicimid inti - ‘níl aon pheaca deireadh a chur le rud neamhghlan- rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine’.  Fiú, is máthair í, níl treithe maithreacha aici in aon chor.
  • Bhuail Máire le Pádraig Mac Cárthaigh, ag an rince sa teach scoile. Fimíneach ba ea é gan dabht[14].  Creideann Máire gach rud a deireann sé.  Cuireann sé faoi gheasa í.
  • Tháinig na scéalta truamhéalacha ar fad amach faoi mhná agus leanaí sna 'Tithe Níocháin Maigdiléanacha[15] agus sna dílleachtlanna, le déanaí.  Faraor nuair a scríobh Ní Ghráda an dráma seo, ba bheag caint faoi in Éirinn ag an am[16].



Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]



Féách freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Máiréad Ní Ghráda ar an Vicipéid[19]


Físeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Acmhainní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Ní Ghráda, M., 1978. An Triail. Baile Átha Cliath: An Gúm.
  2. Garry Bannister (2015-05-31). "AN TRIAIL le Máiréad Ní Ghráda (2015)". 
  3. "Our forgotten writer who put society on trial in the 1960s" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2019-04-28.
  4. anaithnid. "[file:///home/chronos/u-387d750b5958874ec047cafa3a77fd4bab976271/Downloads/An%20Triail.pdf An Triail | Key Phrases]". Dáta rochtana: 2019.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 5.6 5.7 5.8 Ní Ghlinn, Gearóidín. (2002). "An triail : staidéar ar an dráma don Ardteistiméireacht (Ardleibhéal)". Gill & Macmillan. OCLC 49738883. 
  6. Foinse sa Rang. 2010. Máire torrach fághta ar an imeall. Independent. 24 Feabhra Dé Céadaoin.
  7. Foinse sa Rang. 2010. An taobh dorcha den duine. Independent. 5 Bealtaine Dé Céadaoin.
  8. achoimre i mBéarla. "Gaeltacht Minnesota: An Triail". www.gaelminn.org. Dáta rochtana: 2019-04-28.
  9. 9.0 9.1 9.2 Wikipedia. 2019. An Triail. Ar fáil: https://en.wikipedia.org/wiki/An_Triail#Main_characters. Dáta rochtana: 24/02/19.
  10. 10.0 10.1 10.2 Studyclix. 2019. An Triail. Ar fáil: https://www.studyclix.ie/resources/leaving-certificate/higher/irish/prose-_dash_-an-triail/. Dáta rochtana: 24/02/19.
  11. Headstuff. 2019. Why Máiréad Ní Ghráda's play is still relevant. Ar fáil: https://www.headstuff.org/culture/literature/an-triail-mairead-ni-ghrada-relevant-2018/. Dáta rochtana: 24/02/19.
  12. 12.0 12.1 12.2 12.3 12.4 12.5 O Laoghaire, D. 2015. An Triail. Ar fáil: http://dolaoghaire.wdfiles.com/local--files/drama/An%20Triail.pdf. Dáta rochtana: 24/02/19.
  13. Fallon, D. 2014. ‘Hidden Dublin: From the Monto to Little Jerusalem’. Ar fáil: https://comeheretome.com/2014/01/06/hidden-dublin-from-the-monto-to-little-jerusalem/. Dáta rochtana: 27/02/19.
  14. Foinse sa Rang. 2010. An fhimíneacht mar thréith Éireannach. Independent. 3 Feabhra Dé Céadaoin.
  15. "Rún na dTithe Níocháin Maigdiléanacha" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-04-28.
  16. Ní Nuadháin, M., 2019. Feimineach a bhí i Mairéad Ní Ghráda nuair nárbh ann don téarma sin. Tuairisc.
  17. TG4 (2017-03-30). "Próifíl: Caitlín Maude (Géibheann)". 
  18. RTÉ Archives. 2014. An Triail At The Damer Theatre 1965. Ar fáil: https://www.rte.ie/archives/2014/0922/645418-ground-breaking-play-an-triail-50-years-old/. Dáta rochtana: 24/02/2019.
  19. "Máiréad Ní Ghráda" (in ga) (2019-04-28). Vicipéid. 
  20. Garry Bannister (2015-05-31). "AN TRIAIL le Máiréad Ní Ghráda (2015)". 
  21. Leavingcertirish.com (2017-11-23). "An Triail: Téama an Dráma - Anailís". 
  22. Mo Dhuine (2017-04-05). "An Triail le Máiréad Ní Ghráda - An Dráma". 
  23. L. Ní Mhuineog (2012-05-14). "Gaeilge Coláiste Pobail Acla: Bean Uí Chathasaigh". Gaeilge Coláiste Pobail Acla. Dáta rochtana: 2019-04-28.
  24. L. Ní Mhuineog (2012-05-03). "Gaeilge Coláiste Pobail Acla: An Triail : Ceisteanna Scrúdaithe". Gaeilge Coláiste Pobail Acla. Dáta rochtana: 2019-04-28.
  25. L. Ní Mhuineog (2012-05-03). "Gaeilge Coláiste Pobail Acla: An Triail: Cé atá ciontach?". Gaeilge Coláiste Pobail Acla. Dáta rochtana: 2019-04-28.
  26. PDST. "Cá bhfuil ár dTriall nuair a léímid “An Triail”? • Moltaí praiticiúla ... Powerpoint". Dáta rochtana: 2019.
  27. Foinse. "Níor cás eisceachtúil Máire ag an am". Dáta rochtana: 2019.