An Taibhse
Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | John Farrelly ![]() |
Léiriú | Jim Sheridan ![]() |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | Éire ![]() |
Céadléiriú | 10 Iúil 2024 ![]() |
Bunteanga | an Ghaeilge ![]() |
Cur síos | |
Seánra | scannán uafáis ![]() |
Príomhábhar | an t-osnádúr ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() |
Is é An Taibhse an chéad fhadscannán uafáis Ghaeilge.[1] Tháinig sé amach sa bhliain 2024-2025. Jim Sheridan a léirigh, fear a ainmníodh sé huaire d'Oscar, agus John Farrelly a stiúraigh.[2]
Scéal scéiniúil é atá suite le linn an ghorta mhóir in Éirinn sa bhliain 1852. Tosaíonn Éamon agus a iníon Máire ar ról suaimhneach mar airíoch i dteach mór iargúlta le linn mhíonna crua an gheimhridh. Ach scaoileann a dtasc suaimhneach tromluí ar mhéid osnádúrtha istigh i mballaí an tí mhóir, ag corraí rúin dhorcha ón am a chuaigh thart.[3]

Plota
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an scéal suite i ngeimhreadh na bliana 1852, i dtreo deireadh tréimhse an Ghorta, agus an Tigh agus an cheantar scriosta dá bharr. Is faoi cailín, Máire (Livvy Hill), agus a hathair, Éamon (Tom Kerrisk) atá an scéal. Oibríonn siad mar chúramóirí nó mar fheighlithe geimhreadh i dTigh Mór Seoirseach i rith ghearróga dubha an gheimhridh. Ach scaoiltear tromluí osnádúrtha ina dtreo nuair a dhúisíonn fórsa mailíseach taobh istigh de bhallaí an tí mhóir, agus dúisítear arís rúin dhorcha ón am atá thart.
Tarlaíonn gníomhaíochtaí paranormálta éagsúla thart timpeall na hiníne, a threisíonn le himeacht ama.[4] Athraíonn iompar an athar, Éamon, i rith an scannáin, agus tosaíonn sé á iompar féin ar bhealach aisteach.[5] Mar sin an cheist ná – cad é an ghníomhaíocht paranormálta seo agus canathaobh go bhfuil sé dírithe ar an iníon?
Téama
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an scéal dírithe ar na tarlúintí osnádúrtha agus an fáth go bhfuil siad ceangailte leis an iníon. Scrúdaíonn an scannán doimhneacht athléimneacht an duine in aghaidh uafáis. Is léiriú éifeachtach é ar mharthanas agus ar na bealaí casta a théann an aigne in oiriúint dá comhthéacs.
Léirítear é seo freisin i suíomh an scannáin mar bhí go leor daoine ag streachailt le teacht slán le linn an Ghorta Mhóir. Léiriú an scannán ar iarrachtaí an chosmhuintir an atógáil a dhéanamh arís agus teacht aniar éigin a lorg ina saolta.[4]
Cé gur scannán uafáis é, deirtear go léiríonn sé teachtaireacht dóchais. ‘Ná bíodh eagla ort’ an mana, mar ní buan an mhí-úsáid agus bíonn dóchas ann i gcónaí.[5]


Léiriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gearrscannán a bhí sa scannán seo ar dtús, a rinne an stiúrthóir Johnny Farrelly (a rugadh sa bhliain 2000/2021), nuair a bhí sé san ollscoil. Bhí sé an-sásta leis an toradh agus shocraigh sé fadscannáin a dhéanamh as. Rinneadh scannánú air i mí na Samhna 2021 i Coolattin House[6] i gCill Mhantáin, in aice le Síol Éalaigh. Lasmuigh rinneadh scannánú air i gContae Dhún na nGall (tháinig an fhoireann as Doire).
Ní raibh ach €3,000 mar bhuiséad don scannán. bbhí ar gach éinne an saothar a roinnt, agus ualach na jabanna ar fad a iompair. Bhí orthu pleanáil a dhéanamh nuair a scannánaíodh radhairc bunaithe ar sholas na gréine mar ní raibh aon airgead acu le haghaidh soilsiú. Bhí siad ullmhaithe go maith agus d’oibrigh gach duine ar an bhfoireann le chéile chun costais a choinneáil íseal. Chun na mothúcháin a thaispeáint go héifeachtach sa scannán, ní raibh barraíocht daoine sa seomra agus iad ag taifeadadh na radharc.[5]
Roghnaigh Farrelly An Taibhse a dhéanamh i nGaeilge mar cheap sé go mbeadh sé nádúrtha agus iontaofa agus gur bealach níos fearr é chun a lucht féachana a thumadh sa scéal. Ba í an Ghaeilge an teanga labhartha ag an am sin in Éirinn, tréimhse an Ghorta Mhóir.
Ní hé An Taibhse an chéad scannán as Gaeilge a rinne John Farrelly a stiúradh. Stiúir sé Different in 2022, scannán rómánsúil. Chomh maith leis sin, bhuaigh sé Duais an Ghiúiré ag an LA Horror Film Festival don scannán The Sleep Experiment.[5]
Thaitin an bhunleagan le Jim Sheridan (is ainmní Oscar sé huaire é.) agus tháinig sé ar bord mar Léiritheoir Feidhmeach. Ba mhór an chabhair é i léiriú an scannáin agus thug sé roinnt moltaí do Farrelly.
Glacadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]"Tá an Ghaeilge i An Taibhse tubaisteach. Tá sí chomh lochtach sin gur rídheacair sult a bhaint as nó go fiú an aisteoireacht ann a mheas. Gaeilge Ultach a bhí sa script is cosúil, blas nach raibh ag cuid de na haisteoirí. Shamhlófá go bhfuil focail go leor á rá acu nár chuala siad ariamh cheana. Bheadh sé suimiúil breathnú ar an script le fáil amach an uaithi sin nó ó na haisteoirí a tháinig na botúin teanga. Is léir nach nós leo an teanga a labhairt. ... Tá an fhoghraíocht chomh dona sin gur gá brath ar na fotheidil go han-rialta."[1]
Is í Livvy Hill an iníon, Máire, sa scannán. Ní raibh focal Gaeilge ar bith aici roimh an scannán. D’fhoghlaim sí a cuid línte de réir na foghraíochta i gcanúint Uladh.
Féilte
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taispeánadh An Taibhse ag féile scannán éagsúla ar fud an domhain. Bhí sé díolta amach ag Fright Fest, ceann de na féilte is mó horror ar domhain, áit a raibh An Taibhse á thaispeáint ar an bpríomh scáileáin i bpictiúrlann Leicester Square i Londain ar an 23 Lúnasa 2024.[4]
Taispeánadh an scannán ag Fleadh Scannán na Gaillimhe in 2024 chomh maith, agus taispeánadh é ag Newport Beach Film Festival i Meiriceá. Taispeánadh é chomh maith ag féiltí scannánaíochta san Íoslainn, san Iodáil agus in áiteanna fud fad na hÉireann.[7]
Tar éis taispeáint An Taibhse i Londain, bhí daoine ag rá gurb é an chéad uair dóibh an Ghaeilge a chloisteáil.[5]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Agallamh leis an scríbhneoir agus stiúrthóir, John Farrelly
- Agallamh leis an aisteoir Tom Kerrisk
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Eoin P. Ó Murchú (3 Aibreán 2025). "Scannán uafáis millte ag Gaeilge lofa dhothuigthe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-03.
- ↑ Jackpot Films (2025-03-04). "Réamhbhlaiseadh : AN TAIBHSE (The Ghost) - Irish Language Horror Film Official Trailer".
- ↑ "Scannán - An Taibhse / Film - The Ghost -" (ga-IE). Visit Derry (2024). Dáta rochtana: 2025-03-27.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 RTÉ (2024-08-12). "Agallamh: "Ní chreidim ionta ach tá siad ann" - An Taibhse" (as ga-IE).
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Jenna Goulding (2025-03-14). "An Taibhse: an chéad scannán uafáis as Gaeilge – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-27.
- ↑ 6.0 6.1 "Coollattin House" (as en) (2025-03-25). Wikipedia.
- ↑ Philip Downes (2025-03-24). "An Taibhse: Osclaíonn scannán uafáis as Gaeilge Dé hAoine" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-27.