An Strainséir (Albert Camus)
| (fr) L'Étranger | |
|---|---|
| Cineál | saothar liteartha |
| Cárta innéacs | |
| Údar | Albert Camus |
| Teanga | an Fhraincis |
| Foilseachán | an Fhrainc, 1942 |
| Dáta a bunaíodh | Bealtaine 1940 Meitheamh 1942 |
| Tréith | |
| Seánra | úrscéal fealsúnachta agus litríocht éigiallta |
| Carachtair | |
| Suíomh scéalaíochta | an Ailgéir |
| Gradam a fuarthas | |
| Gradam a fuarthas | 100 Leabhar na hAoise de réir Le Monde |
| Cuid den tsraith | |
| Cycle de l'absurde | |
Is é L'Étranger ("An Stráinséir") an chéad úrscéal a d'fhoilsigh an scríbhneoir Francach Albert Camus. Chuir an teach foilsitheoireachta Gallimard i gcló i bPáras é ar an 19 Bealtaine 1942, agus tá sé ar cheann de mhórshaothair litríocht na Fraince san fhichiú haois. Roghnaíodh é mar an chéad leabhar ar liosta 100 Leabhar na hAoise de réir Le Monde.
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Camus i 1957.



Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an leabhar roinnte ina dhá chuid, agus is é Meursault féin, fear óg Francach atá ag cur faoi san Ailgéir, a insíonn an scéal. Is fear diomúch é. Is beag rud is cás leis: bás a mháthar, dul chun cinn ina phost, ná grá a chailín Marie. Lá te ar an trá, maraíonn Meursault fear Arabach le gunna, eachtra a mbeidh impleachtaí uafásacha leis. Sa dara cuid cuirtear ar a thriail é, agus is ar a neamhshuim i sochraid a mháthar, seachas ar an marú féin, is mó a dhíríonn an chúirt. Daortar chun báis é.[1]
Téamaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í fealsúnacht an éigiallachais atá mar bhunchloch faoin úrscéal: dar le Camus, níl aon bhrí leis an saol ann féin, agus ní mór don duine aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne sin gan sólás bréige.
Caithfidh gach duine againn ár dtuiscint féin a bhaint as an réaltacht ina bhfuilimid. Ba é tuairim Camus gur rud dodhéanta é sin toisc a neamhthrócairí is atá an chruinne – sin an fáth ar thug sé ‘éigiallachas’ ar a fhealsúnacht féin. Tá Meursault diomúch toisc go dtuigeann sé éigiallachas na beatha.[1]
Diúltaíonn Meursault bréag a insint faoina chuid mothúchán, agus is í sin an choir is mó a chuirtear ina leith. San aiste Le Mythe de Sisyphe, a foilsíodh an bhliain chéanna, leag Camus an fhealsúnacht chéanna amach go díreach.
Cóirithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh cóiriú scannáin ar an úrscéal faoi dhó ar a laghad: Lo straniero (1967) faoi stiúir Luchino Visconti, agus L'Étranger (2025) faoi stiúir François Ozon, scannán dubh agus bán le Benjamin Voisin i bpáirt Meursault. Mhol an léirmheastóir Ross Coleman ar NÓS an chineamatagrafaíocht agus an t-atmaisféar a chruthaítear sa chóiriú sin, ach thug sé rabhadh gur deacair don ghnáthlucht féachana sult a bhaint as gan cur amach a bheith acu ar fhealsúnacht Camus roimh ré.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Coleman, Ross. "L'ÉTRANGER: cóiriú álainn ar leabhar Camus ach ní scannán do chách é", NÓS, 21 Bealtaine 2026. https://nos.ie/news/letranger-coiriu-alainn-ar-leabhar-camus-ach-ni-scannan-do-chach-e/