An Rubha, Earra-Ghaidheal agus Bód

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An eaglais paróiste ar an Rubha

Is baile agus seanpharóiste suite in Earra-Gháidheal agus Bód é an Rubha (Béarla: Rhu). "Row" a thugtaí ar an áit i mBéarla ach athraíodh é go "Rhu" chun an fhoghraíocht áitiúil a léiriú. Tá an baile ar bhruach thoir an Ghearr Locha ar chósta thiar na hAlban. D'éirigh an áit faiseanta i measc lucht an rachmais as Glaschú san 19ú haois. Inniu féin is ionad luamhaireachta suntasach é agus muiríne le bearta feistithe le haghaidh 235 bád ann.