An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (Éire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálaireacht iompair
Ranna Stáit na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1959

Suíomh gréasáingov.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: Dept_Transport LinkedIn: department-of-transport-ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt freagrach as bóithre, cúrsaí eitleoireachta agus cúrsaí mara ar fud na tíre. An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt atá i gceannas uirthi, agus beirt Airí Stáit ag cuidiú leis. Tá ceanncheathrú na Roinne suite sa Teach Iompair, Sr. Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire.

Tá sé de mhandáit ag an Roinn clár náisiúnta bóithre a chur ar fáil de réir an Phlean Forbartha Náisiúnta, córas iompair éifeachtach a chur ar fáil, a dhéanamh deimhin de go bhfuil modhanna eitleoireachta ag cur leis an gcaighdeán idirnáisiúnta, agus aird a thabhairt ar shábháilteacht farraige agus ar chomhshaol na mara.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhartha bóthair i gContae Laoise.

Bunaíodh an Roinn sa bhliain 1959, agus ba é Erskine Childers an chéad Aire aici. Is minic a tugadh malairt ainm uirthi:

  • An Roinn Iompair agus Fuinnimh (1959–1977)
  • An Roinn Turasóireachta agus Iompair (1977–1980)
  • An Roinn Iompair (1980–1987)
  • An Roinn Turasóireachta agus Iompair (1987–1991)
  • An Roinn Turasóireachta, Iompair agus Cumarsáide (1991–1993)
  • An Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide (1993–1997)
  • An Roinn Fiontraíochta Poiblí (1997–2002)
  • An Roinn Iompair (2002–2011)
  • An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (2011 i leith)

Forais spleácha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá baint ag an Roinn leis na forais a leanas:

  • Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre[1]
  • An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród
  • Údarás Eitlíochta na hÉireann[2]
  • Garda Cósta na hÉireann
  • An tÚdarás urn Bóithre Náisiúnta[3]
  • An Coimisiún um Rialáil Eitlíochta[4]
  • An Coimisiún Um Rialáil Tascaithe
  • Údarás Náisiúnta Iompair (arb é an príomhúdarás iompair i mBaile Átha cliath é agus cead ceadúnaithe aige ar fud na tíre)
  • An tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí[5]

Bóithre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caithfidh an Roinn cloí leis an reachtaíocht a bhaineann le caomhnú na mbóithre, airgead a sholáthar do chlár náisiúnta na mbóithre agus cuidiú leis na bóithre a dhéanamh níos sábháilte. 

Tugtar aird ar leith ar bhóithre áitiúla trí dheontais agus scéimeanna, mar síltear go bhfuil tábhacht an-mhór leo i gcúrsaí geilleagair agus sóisialta. Tá os cionn 91,000 ciliméadar de bhóithre áitiúla agus réigiúnacha in Éirinn, agus 94% de bhóithre na tíre le fáil ina measc.

Sábháilteacht bóithre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Roinn ina cathaoirleach ar an gCoiste Ard-Leibhéil um Shábháilteacht Bóithre, coiste a bheartaíonn polasaithe agus a thugann tuairisc ar a n-éifeacht. Is iad na fadhbanna is measa in Éirinn tiomáint ar meisce agus tiomáint róthapaidh, ach idir na blianta 1991 agus 2004 tháinig laghdú ar an méid timpistí. Tríd is tríd, tá reachtaíocht na hÉireann ag teacht le rialacha an Aontais Eorpaigh, rud a bhfuil baint aige le pointí pionóis agus obair na ngardaí tráchta.

Eitleoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aerstáisiún Chorcaí

Tá sé de cheangal ar an Roinn féachaint chuige go bhfuil caighdeán na heitleoireachta ar aon chéim leis an gcaighdeán is airde i dtíortha eile. Ní mór di beocht agus brí a choinneáil san earnáil agus a oiread aerfort agus seirbhísí a sholáthar agus is gá. Tá na gníomhaireachtaí a leanas faoina choimirce:

  • Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath[6]
  • Aerfort na Sionainne
  • Aerfort Chorcaí[7]
  • Údarás Eitlíochta na hÉireann[8]
  • An Coimisiún um Rialáil Eitlíochta[9]

An tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann an tAonad scrúdú ar thimpistí agus ar imeachtaí tromchúiseacha in Éirinn, agus uaireanta ar thimpistí thar lear a bhaineann d'eitleáin atá cláraithe in Éirinn.

Tugann an tArd-Scrúdaitheoir tuairisc go díreach don Aire Iompair.  

Muir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá chraobh ag na Seirbhísí Sábháilteachta Mara, mar atá Stiúrthóireacht na Sábháilteachta Mara agus Garda Cósta na hÉireann. Táthar ag brath ar aon ghníomhaireacht amháin a dhéanamh díobh amach anseo.

Is éard is cuspóir don Gharda Cósta breis daoine a choinneáil slán ar locha agus ar aibhneacha agus taobh istigh den Réigiún Cuardaigh agus Tarrthála in Éirinn, an comhshaol a chaomhnú, sealúchas a chosaint agus caighdeáin sábháilteachta a fheabhsú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "RSA.ie - Baile". www.rsa.ie. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  2. "Home". www.iaa.ie. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  3. "Home - Transport Infrastructure Ireland -". www.tii.ie. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  4. "Welcome to the Commission for Aviation Regulation Ireland, About the Commission for Aviation Regulation, CAR website Ireland, Commission for Aviation Regulation Website". www.aviationreg.ie. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  5. "Home | AAIU.ie". www.aaiu.ie. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  6. "Home" (en-GB). daa. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  7. "Cork Airport | Welcome to Cork Airport | Flights from Cork Airport". www.corkairport.com. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  8. "Home". www.iaa.ie. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  9. "Welcome to the Commission for Aviation Regulation Ireland, About the Commission for Aviation Regulation, CAR website Ireland, Commission for Aviation Regulation Website". www.aviationreg.ie. Dáta rochtana: 2021-01-26.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leagan Gaeilge de shuíomh na Roinne Curtha i gcartlann 2011-07-21 ar an Wayback Machine