Jump to content

An Ribhéar

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Ribhéar
Íomhá
CineálAbhainn Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 51° 46′ 39″ N, 9° 56′ 33″ O / 51.7775°N,9.9425°W / 51.7775; -9.9425

Is inbhear caol tanaí é An Ribhéar nó Bá Neidíneach[1] suite i gContaetha Ciarraí (go formhór) agus Corcaí (san iardheisceart). Tá an t-inbhear timpeallaithe ag na leithinsí Uíbh Ráthach ó thuaidh agus Béarra ó dheas. Ag barr an inbhir tá an baile beag, An Neidín.

Is gleann oighreach báite é an bá le buncharraig gaineamhchloiche deirge.[2] Tá go léir oileán beag ann, sa áireamh Oileáin Dhún Ciaráin, Oileáin Ghrianáin, Ros Deochan, Garinis, Inis Caorach, Oileán an Éadain, Oileán Seirce, Inis Fearn Ard, An tOileán Liath agus Oileán Sléibhe.[3]

Ainm agus stair

[cuir in eagar | athraigh foinse]

In ainneoin a ainm as Béarla (Kenmare River), is é go deimhin inbhear sáile,[4][5] San aimsir a caitheadh, chuir na tiarnaí Lansdowne a dtoill i bhfeidhmin chun cearta iascaigh a choimeád, agus coinníodh an t-ainm ag cartagrafaithe. [3]

Sa mheánaois, b'é a ainm Inbhear Scéine, agus é an áit, dar le Leabhar Gabhála Éireann den 11ú haois, ar tháinig an luath-lonnaitheoir Parthalán i dtír.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sreabhann An Ruachtach san Ribhéar isteach, díreach ag an áit a bhuaileann Uíbh Ráthach agus anand Béarra le chéile, taobh ó dheas den Neidín.

Broighill ag eitilt thar bhruach an Ríbhéir, le Sléibhte Dhún Ciaráin sa chúlra

Stair an dúlra

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gnáthóg agus tearmainn fiadhúlra é An Ribhéar do bhradán fiáin[6] agus go léir spéiceas eile, san áireamh seilide rinseach béalchaol, Crú-ialtóg bheag, dobharchú, rón beag, geabhróg Artach, bundún uachaise? .[2] Tá ann go hiondúil i nÉirinn fosta fean mara tuaisceartach occurs.[2]

Bhí éisc (go háirithe breac geal) go flúirseach tráth sna haibhne a sheachadadh san Inbhear isteach, san áireamh An Ruachtach, An tSimhin, Abha na Sleachaine agus An Abhainn Mhór. Tugadh faoi deara, i lár na 1990í, laghdú i líon na n-iasc.[7] Chuir lucht iascaigh áitiúl an locht ar fhoirgeacht míolta mara ó fheirmeacha bradán.[7] Bhóthar i gcoinne tuilleadh feirmeacha sna 2000í,[8]chomh maith le bailiúchán feamainne sna 2020í.[9]

Rinneadh Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta de thailte le hachar 2,000 ha (5,000 acres), ag síneadh ó Cheann an Uain ar Uíbh Ráthach, tríd An Neidín go dtí Sunda Baoi ar an mBéarra.[10] [11] cé go rabhthar ina choinne i dtosach báire.[10][12]

  1. "An Ribhéar / Kenmare River". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie)}. Dáta rochtana: 4ú Deireadh Fómhair 2023.
  2. 1 2 3 "Site Synopsis". An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Department of Housing, Local Government and Heritage. Dáta rochtana: 2a Deireadh Fómhair 2023.
  3. 1 2 "The Islands of Ireland: Pining for the island in the river". Irish Examiner (2018). Dáta rochtana: 2a Deireadh Fómhair 2023.
  4. "Ireland Touring Map" (2018). Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann.
  5. "Kenmare". Irish Tourism. Irish Tourism Limited. Dáta rochtana: 2a Deireadh Fómhair 2023.
  6. Lucey, Anne (18 July 2002). "Gamekeeper turns salmon poacher". Irish Independent. Dáta rochtana: 4ú Deireadh Fómhair 2023.
  7. 1 2 Roche, Barry (23ú Nollaig 1994). "Fisheries board hears of collapse of salmon stock". The Kerryman.
  8. "Fishermen will challenge Minister's decision to issue trial salmon farm licences in High Court". Irish Examiner (19ú Eanáir 2001).
  9. Fernane, Stephen. "Company defends seaweed harvest". The Kerryman.
  10. 1 2 O'Connor, Aidan (23ú Aibreán 2008). "5,000 acres in Kenmare to be conserved". The Kerryman.
  11. "Kenmare River SAC". National Parks & Wildlife Service. Department of Housing, Local Government and Heritage. Dáta rochtana: 2a Deireadh Fómhair 2023.
  12. "Concerns regarding SACs". Southern Star (4ú Aibreán 2009).