An Pholáibis
Poláibis (Wenska rec) | |
---|---|
Á labhairt: | Marbh |
Réigiún: | Oirthear na Gearmáine |
Cainteoirí san Iomlán: | 0 |
Rang: | - |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais Teangacha Slavacha |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | (Marbh) |
Foras Pleanála Teanga: | (Níl aon rialtóir) |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | - |
ISO 639-2 | sla |
ISO 639-3 | pox |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Teanga mharbh í an Pholáibis a bhí á labhairt ag treibheacha Slavacha in oirthear na Gearmáine. Teanga Shlavach Iartharach a bhí ann, agus í an-ghaolmhar leis an gCaisiúibis, thar aon teanga eile. Bhí sí á labhairt chois na habhann úd Eilbe, a dtugtar Labe uirthi as Seicis.
Fuair an cainteoir dúchais deireanach bás sa bhliain 1756. Seanbhean a bhí ann. Níor forbraíodh teanga liteartha don Pholáibis riamh, ach is féidir teacht ar iarsmaí scríofa in áiteanna, ó chuir cúpla duine suim sa teanga nuair a bhí sí ag saothrú an bháis. Scríobh an feirmeoir Johann Parum Schulze (1677-1740) croinic chuimsitheach faoi shaol na bPolábach, agus an teanga ó dhúchas aige. B'é an ministir Protastúnach Christian Henning von Jessen a bhreac síos an chuid is mó de na teilgeanacha cainte sa teanga atá fágtha. Bhí cónaí ar Schulze i Süthen, agus Jessen lonnaithe i Wustrow. Tá an dá áit suite in aice le Hannover, mar a bhfuil ceantar tuaithe Lüchow-Dannenberg inniu. B'ansin a mhair an teanga ní b'fhaide ná in aon áit eile, agus inniu féin, tugtar Wendland nó Tír na Slavach ar an gceantar go minic.