Jump to content

An Phlá Damhsa 1518

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Phlá Damhsa 1518
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldancing mania (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1518 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhStrasbourg, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla An Phlá Damhsa i Strasbourg atá anois mar pháirt den Fhrainc. Bhí daoine ag damhsa go doshrianta agus go drogallach lá i ndiaidh lae gan stad. Ach d’fhan an máine agus an ruaille bhuille seo ar feadh dhá mhí. Stop an eachtra chomh gasta inar thosaigh sé. Thosaigh na daoine ag damhsa timpeall ar mí Iúil 1518 agus níor stop siad chuig mí Mhéan Fómhair 1518. Bhí eachtraí cosúil le seo róimhe. Dúradh go raibh an damhsa é féin mar an leigheas agus an donas.  

I mí Iúil 1518 deirtear go tháinig bhean darbh ainm Frau Troffea amach ar an sráid agus  thosaigh sí ag damhsa. Bhí an chuma uirthi nach raibh sí in ann stopadh. Níor stop sí go dtí thit sí as  sheasamh le tuirse. Ach, fiú i ndiadh sos a ghlacadh lean sí uirthi ag damhsa gan smacht. Lean sí uirthi mar seo ar feadh cúpla lá, agus de réir a chéile le linn seachtain amháin bhí níos mó de 30 duine ag damhsa léi. [1]

Faoi mí iúil an bhliain sin bhí an phla tar eis mhilleadh thart ar 400 daoine. Gan aon smaointí ar cad a bhí ag dul ar aghaidh, cheap na dochtúirí áitiúla go raibh 'fuil te' mar chúis den feiniméan seo. Thug na dochtúirí comhairle do na daoine chun rothlú timpeall agus damhsa mealltach a dhéanamh. [2]

Chun cabhrú leis na daoine, cruthaigh siad stáitse agus tháinig damhsóirí proifisiúnta isteach, chomh maith le banna cheoil. Go luath, bhí tús curtha leis an iarmhairt den phlá. Thosaigh daoine ag titim as a sheasamh. Fuair daoine bás de bharr ar stróc, agus roinnt mar thoradh ar taom croí. Cuireadh stop leis an eachtra seo nuair a cuireadh na daoine chuig scrín ar bharr sleibh chun guí. [2]

Le linn an eachtra seo fuair thart ar 15 duine bhás gach lá. [3]

Ní raibh an phlá damhsa de 1518 an chéad uair go tharla rud mar seo.

Tharla eachtra eile in 1021, Oíche Nollaig in Kölbigk san Ghearmáin. Bhailigh 18 duine taobh amuigh den séipéal agus thosaigh sin ag damhsa gan stró. Tháinig an sagart amach mar thoradh ar an raic agus thug sé ordú dóibh stop. Rinne siad neamh-aird air agus lean siad orthu, bhí siad lámh le lámh ag damhsa i “ring dance of sin”. Bhí an sagart ar bhuaille agus ar taifead ag croiniceoir áitiúla, chuir sé mhallacht orthu; nach mbeidh siad in ann stop ar feadh bhliain. Is léir go n-obair sé, níor stop na daoine ag damhsa go dtí an Nollaig i ndiaidh sin. Mar thoradh den damhsa chuaigh na daoine isteach i chodladh trom, níor dhúisigh roinnt dóibh.[3]  

Chomh maith le seo, bhris daoine amach ag damhsa in Aachen san Ghearmáin in 1374. Scaip an máine de damhsa go tapaidh chuig bailtí san Bheilg agus taobh le abhainn Rhine san Ísiltír. Tháinig na daoine chuig na sráide ag damhsa, bhí na céadta dóibh ann. Bhí sé cosúil go raibh muintir na háit i dtámh, gan smacht ar a chuid choirp féin. Bhí na heasláin ag scread le phian, ach ní raibh siad in ann stopadh. Dúirt na daoine ag bhreathnú ar go raibh na daoine ag damhsa mar ghealt, trína chéile agus cosúil go raibh siabhrán orthu.  Ní raibh siad in ann ithe, nó codladh, ní raibh siad in ann leanúint ar aghaidh. De réir a chéile thit sin leis an traochta.  Chuaigh an máine agus ruaille bhuaile seo ar súil ar feadh roinnt seachtain, bhí tionchar ar na mílte duine. Ansin chomh tobann leis an tús de, stop sé. [4]

Eachtraí eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Labhríonn croinicí níos deanaí ar eachtra eile a tharla i 1247 in Erfurt san Ghearmáin. Áit inar damhsa doshrianta agus uaireanta marfach ann.

Go luath ina dhiaidh sin, deirtear go thosaigh thart ar 200 duine ag damhsa go mífhoighneach ar dhroichead thar Abhainn Moselle i Maastricht, deirtear go mbris an droichead agus gur bádh iad go léir. [5]

Tá roinnt teoiricí amach ansin ar cad a chuir tús leis na heachtraí seo.  

Oll-neamhord sícigineach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is e seo teoiric amháin ó lá atá inniu ann.  

Bhí ann am seo lán le strus. Bhí na daoine ag súil le pionós Dhiaga agus bhí eagla orthu. Chomh maith le seo bhí daoine faoin smaoineamh go raibh Dia feargach leo. Cheap daoine fosta go chur St. Vitus mhallacht orthu.

“There are all sorts of theories in play with what happened in Strasbourg in 1518. But as far as I can see, all the ingredients are obviously there for it to be mass psychogenic illness” - John Waller

Bhí an 16ú aois lán trioblóid agus tráma. Bhí daoine ag streachailt agus bhí eagla rompu roimh na Naomh, cheap siad go raibh siad in ann mallacht a chuir ort. I Strasbourg St. Vitus a bhí ann. Ní raibh daoine ag iarradh fearg a chuir air agus bhí sin go leor brú. Bhí siad go hiomlán trína chéile.  

Anuas ar seo bhí na daoine seo ar deileáil leis ráigeanna den phlá bhúbónach. Bhí an-eagla ar dhaoine roimh an phlá agus d’fhag sé tráma ar dhaoine go chaill daoine muinteartha agus cóngarach dóibh. Ach níl sé i bhfad ón fírinne go dtarlódh eachtra mhór de thinneas sícigineach sa chomhthéacs sin.[6]

Bhí na daoine Aachen tar éis déileáil leis an phlá Dubh, rud an-tromchúiseach. Aontaíonn seo leis an teoiric de neamhord sícigineach.[7]

Is teoiric é nimhiú bia, mholadh amháin a bhí ag fhiosraitheoirí. Bhí seans an go raibh arán s’acu, arán seagail, truaillithe le galar fungasach eargót. Tá aithne air an galar seo trithí a tháirgeadh. [1] 

Ach é sin ráite diúltaíonn John Waller leis an teoiric seo. Dar leis ní bheadh an tionchar sin ar daoine agus go mbeadh siad in ann damhsa ar feadh an méid sin ama. [3] 

  1. 1.0 1.1 "Dancing plague of 1518 | Facts & Theories | Britannica" (en). www.britannica.com (2025-01-17). Dáta rochtana: 2025-01-29.
  2. 2.0 2.1 "What Was the Dancing Plague of 1518?" (en). HISTORY (2023-11-03). Dáta rochtana: 2025-01-30.
  3. 3.0 3.1 3.2 John Waller (2009-02). "A forgotten plague: making sense of dancing mania" (as English). The Lancet 373 (9664): 624–625. doi:10.1016/S0140-6736(09)60386-X. ISSN 0140-6736. 
  4. "The unsolved mystery of the medieval dancing plague" (en-GB). Guinness World Records. Dáta rochtana: 2025-01-30.
  5. John Waller (2009-02). "A forgotten plague: making sense of dancing mania" (as English). The Lancet 373 (9664): 624–625. doi:10.1016/S0140-6736(09)60386-X. ISSN 0140-6736. 
  6. Paulie Doyle (2022-03-09). "Uncommon Diagnosis: The Dancing Plague of 1518" (en). Irish Medical Times. Dáta rochtana: 2025-01-30.
  7. Smithsonian Magazine, Maris Fessenden. "A Strange Case of Dancing Mania Struck Germany Six Centuries Ago Today" (en). Smithsonian Magazine. Dáta rochtana: 2025-01-30.