An Pálás Criostail
Jump to navigation
Jump to search
Foirgneamh déanta d'iarann teilgthe agus plátghloine a tógadh i Hyde Park, Londain Shasana, sa bhliain 1851 ab ea an Pálás Criostail. Tógadh é i gcomhair an Taispeántais Mhóir, an chéad taispeántas domhanda. Joseph Paxton a dhear an pálás, agus é ag baint úsáid as bealach ceannródaíoch tógála ar a dtugtar réamhdhéanamh inniu. Aistríodh an Pálás Criostail go Sydenham i ndeisceart Londan nuair tháinig deireadh an taispeántais sa bhliain 1854. Baineadh anuas an Pálás Criostail agus tógadh arís é i gcomharsanacht in Sydenham ar a dtugtar Crystal Palace go dtí an lá inniu. Ceann scríbe do thurasóirí as gach aicme sóisialta a bhí ann. Scriosadh i ndóiteán é ar 30 Samhain 1936.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |