An Liobáin (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
1995

Sa scannán 'An Liobáin', a stiúraigh Samuel Maoz sa bhliain 2009, instear scéal corraitheach saighdiúirí óga Iosraelacha, a raibh orthu dul i mbun cogaidh leis an Liobáin sna 1980idí, trí shúile criú tanc cogaidh.[1]

1997

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcomparáid leis an mbeochan chuimhneacháin Waltz With Bashir le Ari Folman, scannán eile dírbheathaisnéise a insíonn scéal an chogaidh chéanna, baineann Levanone úsáid as cur chuige iomlán eile le cur síos a dhéanamh ar uafás na cogaíochta seachas ar an gcúlra polaitíochta a bhaineann leis. Uaireanta, mheasfadh duine agus é ag féachaint ar na radharcanna de dhaoine agus den chomhrá a bhíonn ar bun eatarthu gur radharcanna iad a bhaineann leis an Dara Cogadh Domhanda.[1]

Titeann an scéal ar fad amach laistigh de thanc armúrtha cógaidh; ní fheictear den saol lasmuigh ach radharcanna trí aimsitheoir an ghunna. Is é an toradh atá air ná cur síos gan stad gan staonadh ar an uafás. Fanfaidh an scannán seo i gcuimhne lucht a fheicthe go deo.[1]

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buaiteoir - Golden Lion Best Film, Féile Scannán na Veinéise 2009

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Club scannán, Sailearna (2016). "An Liobáin" (ga-ie). Club Scannán Sailearna. Dáta rochtana: 2021-08-13.