An Lá Domhanda gan Tobac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
World-no-tobacco-day-2018.jpg

Ceiliúrtar an Lá Domhanda gan Tobac ar an 31 Bealtaine gach bliain.

Tionscnaimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraíodh cúpla tionscnamh a raibh tacaíocht airgid acu ón rialtas.

2018[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an tionscnamh "Éire Shláintiúil' i bhfeidhm ar fud an Rialtais chun tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do dhaoine le roghanna sláintiúla a dhéanamh ina saol. Bhí bearta nua ar bun, mar shampla, chun bia sláintiúil agus leibhéil shláintiúla de ghníomhaíochtaí fisiciúla a chur chun cinn.[1]

Calcutta, India, 31 Bealtaine 2010

2019[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla méadú suntasach ar an bpraghas agus an dleacht mháil íosta ar tháirgí tobac, rud a leagadh síos i mBuiséad 2019.

2020[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraíodh in Éirinn an tionscnamh "Ag Tacú le Mná atá ag Iompar Clainne Éirí as Tobac agus gan Tobac a Chaitheamh Arís".[2] Is é an timpeallacht sa bhaile an fachtóir is mó a bhfuil tionchar aige ar an dóchúlacht go gcaithfidh daoine tobac nuair atá siad níos sine.

1958, An Roinn Sláinte, an Nua-Shéalainn

2021[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnaíodh Éire chun óstáil a dhéanamh ar an gcéad Chomhdháil Dhomhanda eile ar an Tobac nó an tSláinte sa bhliain 2021, rud arb é an phríomhchomhdháil ar shaincheisteanna tobac é.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]