Jump to content

An Glanadh Mór (Stáit Aontaithe)

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Glanadh Mór
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 39° 49′ 41″ N, 98° 34′ 46″ O / 39.828175°N,98.5795°W / 39.828175; -98.5795
Cineáldíbirt
imirce éigeantais
glanadh eitneach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1830 - 1845
SuíomhStáit Aontaithe Mheiriceá, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocBundúchasaigh sna Stáit Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
CúisIndian Removal Act (en) Aistrigh
cinniúint fhollasach Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna íosmhéid 8,000 Cuir in eagar ar Wikidata

Tugtar ‘An Glanadh Mór’[1] ar an iarracht mhór a rinneadh sna Stáit Aontaithe sa 19ú haois chun na Bundúchasaigh a ruaigeadh agus an talamh a thabhairt do na Meiriceánaigh ‘nua’, daoine de shliocht na hEorpa.

6 Nollaig 1830: Teachtaireacht Andrew Jackson chuig Comhdháil na Stát Aontaithe
Fuair 3,500 Créacach (muintir Creek nó Tréibh Muscogee) bás as 14,000 ar a bhealach go Oklahoma, 1836-1837
Lárionad Cultúrtha Chickasaw
An sclábhaíocht agus an tionscal cadáis, 1857

Sa mbliain 1830 shínigh Uachtarán Mheiriceá Andrew Jackson an reachtaíocht a ruaigfeadh na hIndiaigh dhúchasacha as oirdheisceart Mheiriceá.[2] ‘The wandering savage’ a thug an t-Uachtarán Jackson orthu agus é ag brú tríd an reachtaíocht a chuirfeadh amach as a gcuid tailte iad.[3]

Scríobhadh an reachtaíocht[4] sa gcaoi is gur tugadh le fios gur ar leas na nIndiach a bheadh sé. Agus cé go raibh drogall ar chuid de na polaiteoirí a dtacaíocht a thabhairt, chuaigh sé tríd an Seanad (29-19 vóta) agus an Comhthionól (102-97 vóta). Agus Acht 1830 rite ag an rialtas, thosaigh siad á gcur siar thar abhainn an Mississippi.

Thóg sé 28 bliain eile sula mbeadh na treibheanna ar fad ‘glanta’ ón oirdheisceart. Cé go gceanglaítear ainm Jackson leis an mbeart, is é fírinne an scéil ná gur thóg sé tréimhsí ocht nUachtarán eile ina dhiaidh, go dtí go raibh an beart curtha i gcrích go hiomlán.[3]

‘Bealach na nDeor’

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar (agus níl ann ach meastachán) gur ‘glanadh’ 67,000 Indiach dá dtailte agus gur cuireadh siar thar an Mississippi iad. Níl aon fhigiúr oifigiúil ann, áfach, don líon iomlán daoine a cuireadh siar go tailte nua. Baineadh costas daonna ollmhór leis,... na daoine a fuair bás ar an mbealach, na daoine a fuair bás nuair a shroicheadar talamh nach raibh feiliúnach dá saol, na daoine a buaileadh le galair éagsúla, na páistí a mb’éigean dóibh taisteal i rith an gheimhridh.

Tá figiúirí ann don líon daoine a fuair bás ar an mbealach, ina measc, luaitear treibh, na Cherokee, go bhfuair idir 2,000 agus 4,000 duine díobh bás. Baisteadh ainm ar leith ar an turas a rinne na Cherokee siar – ‘Bealach na nDeor.’

Buaileadh na Seactách[5] go dona, dream a thug cúnamh do na hÉireannaigh aimsir an Ghorta. Meastar go bhfuair 4,000 acu sin bás ar an mbealach siar. Deirtear gur bhrúigh Rialtas na Stát Aontaithe conradh ‘síochána’ bréagach orthu agus gur brúdh amach iad i rith geimhreadh a bhí thar a bheith crua. Bhíodar in ainm is a bheith beathaithe agus bia tugtha dóibh don turas ach ba chosúil nár tharla sé sin.[3][6]

Príomhalt: Bealach na nDeor

Crios an Chadáis

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go tapaidh tar éis an ‘glanadh’ tosaíodh ar olltáirgeadh cadáis sa cheantar mór sin in oirdheisceart Mheiriceá. Forbraíodh ceangal idir na Plandálacha sa deisceart agus muilte cadáis i Massachusetts, tithe airgeadais i Nua-Eabhrac agus le trádálaithe i Londain agus Learpholl.

Bhí lucht oibre ollmhór ar na Plandálacha sa deisceart – na daoine, Afracaigh den chuid is mó, a bhí faoi chuing na sclábhaíochta agus a d’oibrigh go crua ag chuile chéim den táirgeadh cadáis.

Dúradh gur tharla sé go mbíodh na treibheanna Indiacha á dtabhairt amach as a gcuid tailte ar longa a bhí ag seoladh ó thuaidh ar an Mississippi agus uaidh sin chuig a dtailte ‘nua’ in Oklahoma, ag an am céanna is a bhí an cadás a d’fhás ar a gcuid tailte á sheoladh ó dheas ar an Mississippi céanna ag déanamh ar chalafort New Orleans agus uaidh sin go calafoirt an domhain. Cuireadh tús dá bharr sin le ‘míorúilt’ eacnamaíochta ollmhór i Meiriceá sa 19ú haois.[3]

Tá na treibheanna fós lonnaithe in áiteacha éagsúla – fiú amháin in oirthear na tíre. Mar shampla, tá breis is 200,000 ball cláraithe ag an Náisiún Seactách (sa bhliain 2024), rud a fhágann gurb é ceann de na náisiúin dhúchasacha is mó sna Stáit Aontaithe é. Tá an chuid is mó díobh ina gcónaí i Oklahoma fós.[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, ‘The Great Removal’ nó 'Indian Removal'.
  2. "Indian Removal Act | Definition, History, Significance, & Facts | Britannica" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2026-05-22.
  3. 1 2 3 4 Mairéad Ní Nuadháin (22 Bealtaine 2026). "LITIR Ó WASHINGTON: An ‘Glanadh Mór‘ go dtí ‘Bealach na nDeor’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-22.
  4. "Indian Removal Act" (as en) (2026-04-27). Wikipedia.
  5. I mBéarla, na Choctaw
  6. "Trail of Tears, Indian Removal Act, Andrew Jackson, Native American displacement, Cherokee, forced migration, 1830s, U.S. government policy" (en). National Leader in Civic Education Resources | Bill of Rights Institute. Dáta rochtana: 2026-05-22.
  7. Maitiú Ó Coimín (12 Deireadh Fómhair 2025). "Comharthaí sráide Seactáise crochta i Meiriceá den chéad uair riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-12.