An Ghaeilge san Airgintín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is beag trácht a dhéantar ar an nGaeilge san Airgintín, ach sa 19ú haois bhain idir 40,000 agus 45,000 Éireannach amach an tír sin. Níor fhán ach timpeall 20,000 duine acu sa tír ó chuaigh an oiread sin acu ar ais go dtí Éire nó go dtí Meiriceá Thuaidh, an Astráil agus tíortha eile.[1] As an 20,000 duine a d’fhan ann, bhí idir 10,000 agus 15,000 gan sliocht nó scoite amach ón bpobal Éireannach áitiúil. Dá bhrí sin ní raibh de bhunús ag an bpobal úd ach idir 4,000 agus 5,000 duine.[2]

Tháinig a lán daoine ó limistéar ag teorainn Chontae Longfoirt agus Chontae na hIarmhí, agus Baile Átha Luain, Meathas Troim, an Muileann gCearr agus Cill Bheagáin ar a imeall. I lár an limistéir bhí an Baile Mór le fáil, agus chuaigh beagnach gach duine ón gceantar máguaird chun Buenos Aires sna 1860s.[3] Meastar gur tháinig 43.35% de na himircigh ó Chontae na hIarmhí, 14.57% ó Chontae Longfoirt agus 15.51% ó Chontae Loch Garman.[4] Is minic gurb iad an chlann ab óige de na feirmeoirí láidre a d’imigh, cé go n-íocadh feirmeoirí caorach san Airgintín pasáiste na n-aoirí oilte freisin.[5]

Iarthar na hAirgintíne

Is féidir eolas ar staid na Gaeilge i mbarúntachtaí dúchais na n-imirceach a fháil ó dhaonáirimh de chuid an 19ú haois, ach ní mór a bheith san airdeall agus feidhm á baint astu, ós dócha go raibh níos mó cainteoirí dúchais ann ná mar a léiríonn na figiúirí.[6] An figiúirí daonáirimh a bhaineann le Contae na hIarmhí (a sholáthair mórán imirceach don Airgintín) taispeánann siad céatadán na gcainteoirí dúchais mar a leanas: 17% sa tréimhse 1831-41, 12% sa tréimhse 1841-51, agus 8% sa tréimhse 1851-61. Ní chuirfí an scéal as a riocht dá gcuirfí cúpla pointe céatadáin leis na figiúirí sin. Má chuimhnítear go mbeadh na fíorfhigiúirí níos airde, is cosúil go raibh roinnt éigin cainteoirí dúchais i measc na ndaoine a d’imigh idir daichidí agus seascaidí an 19ú haois, cé nach dócha gur mhór é a líon.

I Mí Eanáir 1884 tháinig an tAthair Antaine Ó Fathaigh, Beinidictíneach agus ceannaire na gCaitliceach ó Éirinn san Airgintín, agus paróiste nua aige a bhí níos leithne ná Éire ar fad.[7]. Rugadh é i mBaile Locha Riach i gContae na Gaillimhe, agus ní dóichí rud ná go raibh Gaeilge ar a thoil aige.[8]

Bhí neart ban ag teacht anall ó Éirinn faoi na 1850í, agus é de nós acu Éireannaigh a phósadh sa tír nua agus a n-aghaidh a thabhairt ar an tuath. Níor dheacair fear a aimsiú agus a laghad sin ban ann, agus cuid de na fir nár toghadh phós siad mná nárbh Éireannaigh iad.[9] Bhí leathantas amuigh faoin tuath, agus anuas go dtí na 1870í ní raibh séipéil ná scoileanna ag na hÉireannaigh. Ní thagaidís le chéile ach le haghaidh bainisí, tórramh agus bhearradh na gcaorach.[10] Ní raibh na hÉireannaigh rómhór leis na hIndiaigh agus leis na leath-Indiaigh. [11] Thiocfadh leis an nGaeilge agus leis an mBéarla araon maireachtáil níos faide ann, b'fhéidir, de bharr an uaignis, neart an dúchais agus daoine a bheith gar dá chéile, rud nach dtarlódh chomh furasta sin dá bpósfadh na Éireannaigh lucht labhartha Spáinnise.

Sna 1920í tháinig rabharta nua inimirceach ó Éirinn ar dhaoine oilte cathrach a bhformhór agus a lán Protastúnach ina measc.[12] Ní cosúil go raibh Gaeilge ag mórán acu.

Buenos Aires (San Telmo)

Daoine a raibh sáite i gcúrsaí náisiúnachais in Éirinn is mó a chuir suim sa teanga san Airgintín. Náisiúnaí Éireannach ba ea William Bulfin, agus údar gearrscéalta agus leabhair thaistil. Ba é eagarthóir an Southern Cross, nuachtán Gael-Airgintíneach, é agus suim aige sa Ghaeilge. Ba é Éamon (1892-1968) an mac ba shine aige, agus nuair a d’fhill an teaghlach ar Éirinn chuaigh Éamon ar scoil ag an bPiarsach. Bhí sé páirteach in Éirí Amach na bliana 1918, agus cheap de Valera mar an gcéad ionadaí Éireannach san Airgintín é nuair a bunaíodh an Saorstát. Bhí scoth Gaeilge aige. Gníomhaí eile a bhí i bPádraig Mac Maghnuis (1864-1929), fear a rugadh i dTamhnach an tSalainn i gContae Dhún na nGall. Eisean a bhunaigh craobh de Chonradh na Gaeilge i mBuenos Aires. Bhunaigh sé an iris phoblachtach Fianna i mBuenos Aires sa bhliain 1912, agus d’fhill sé féin agus a bhean chéile ar Éirinn faoi dheireadh.[13]

Mhair an Conradh ar feadh fiche bliain nó mar sin i mBuenos Aires,[14] ach is deacair faisnéis a fháil ar dhaoine a bhí ag cur na teanga chun cinn níos déanaí. Mar sin féin, bíonn ranganna Gaeilge ar siúl i gcónaí i mBuenos Aires.[15]

Tábla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag seo figiúirí Gaeilge ón daonáireamh maidir leis na ceantair is mó a sholáthair imircigh don Airgintín. Ba chóir i ndáiríre cúpla pointe ar a laghad a chur leis na céatadáin.[16]

Ceantair i gCo na hIarmhí Barúntachtaí Tréimhse agus céatadán

Muilte Fearannáin Corca Raoi 1821-31 1%: 1831-41 0%: 1841-51 0%: 1851-61 0%
Maigh Mhórdha Ráth Conarta '1821-31 1%: 1831-41 0%: 1841-51 0%: 1851-61 0%
An Baile Mór Ráth Conarta 1821-31 1%: 1831-41 0%: 1841-51 0%: 1851-61 0%
Droim Raithne Cill Chainnigh Thiar 1821-31 0%: 1831-41 0%: 1841-51 0%: 1851-61 0%
Ceantair i gCo an Longfoird Barúntachtaí Tréimhse agus céatadán

Baile Uí Mhatháin Ráth Claon 1821-31 1%: 1831-41 1%: 1841-51 0%: 1851-61 0%
Mainistir Shruthla Sruthail 1821-31 1%: 1831-41 1%: 1841-51 1%: 1851-61 1%
Meathas Troim Ardach 1821-31 1%: 1831-41 1%: 1841-51 1%: 1851-61 1%
Bailte móra ar imeall an limistéir imirce Barúntachtaí Tréimhse agus céatadán

An Baile Mór Ráth Claon 1821-31 1%: 1831-41 1%: 1841-51 0%: 1851-61 0%
Baile Átha Luain Breámhaine 1821-31 5%: 1831-41 6%: 1841-51 3%: 1851-61 1%
An Muileann gCearr Maigh Asail agus Machaire Ó dTiarnáin 1821-31 1%: 1831-41 2%: 1841-51 1%: 1851-61 1%
Cill Bheagáin Maigh Chaisil 1821-31 0%: 1831-41 1%: 1841-51 0%: 1851-61 0%

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Murray, Edmundo (2006), 'The Irish Road to South America: Nineteenth-Century Travel Patterns from Ireland to the River Plate,' Irish Migration Studies in Latin America, http://www.irlandeses.org/road.htm, lch 1.
  2. Murray, Edmundo, 'Irish Settlers in Argentina,' Irish Migration Studies in Latin America, http://www.irlandeses.org/settlers.htm
  3. Murray, op.cit., lch 1, ó Kirby, Peadar (1992), Ireland and Latin America, Links and Lessons, Dublin: Trócaire.
  4. Murray, op.cit., lch 1, ó McKenna.
  5. Murray, op.cit. lch 6.
  6. Déantar an scéal seo a scagadh in Fitzgerald, Garret, ‘Estimates for baronies of minimal level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts, 117-1781 to 1861-1871,’ lgh 153-4, Volume 84, Proceedings of the Royal Irish Academy. Royal Irish Academy, Dublin. Tugann sé le fios, i bhfianaise na Suirbhéanna Staitisticiúla a rinneadh go luath sa 19ú haois, tuairimí daoine oilte ag an am, agus lochtanna soiléire na bhfigiúirí daonáirimh, gurbh fhiú na figiúirí úd a mhéadú.
  7. Féach '19th Century Irish Emigration to Argentina,' léacht a rinne an tOllamh David Barnwell, Department of Spanish & Portuguese, Columbia University, New York, ag seimineár léinn Éireannaigh de chuid Ollscoil Columbia (gan dáta): http://www.irlandeses.org/argentina.pdf (Irish Migration Studies in Latin America). Léadh ar 30 Bealtaine 2010.
  8. Is féidir a dhéanamh amach ó fhigiúirí daonáirimh go raibh Gaeilge ó dhúchas ag os cionn 90% de phobal Chontae na Gaillimhe sna 1840í agus roimhe sin. Fitzgerald, op.cit., lch 135.
  9. Barnwell op.cit.
  10. ibid.
  11. ibid.
  12. Murray, op.cit., lch 8.
  13. Dictionary of Irish Latin American Biography: Gonzalo Cané a chuir in eagar: Irish Migration Studies in Latin America, http://www.irlandeses.org/bios1.htm.
  14. Barnwell, op.cit.
  15. Féach 'A la comunidad irlandesa le falta más cohesión,' agallamh a chuir Julián Doyle ar Fernando (Ferry) O'Killian don nuachtán Gael-Airgintíneach The Southern Cross (Mayo 2010): http://www.tsc.com.ar/notacomp.php?id=768/. Léadh ar 30 Bealtaine 2010. Féach freisin http://www.temperleyweb.com.ar/celta/killian.htm. Is deacair eolas a fháil ar chruinnithe Gaeilgeoirí san Airgintín, fiú i mBuenos Aires: féach http://irish.meetup.com/cities/ar/.
  16. Tá na figiúirí seo de réir Fitzgerald, op.cit.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]