An Ghaeilge sa Dlí (leabhar)
| Cineál | saothar scríofa |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Dáithí Mac Cárthaigh |
| Teanga | an Ghaeilge |

Leabhar is ea An Ghaeilge sa Dlí a bhaineann le stádas na Gaeilge faoin mBunreacht, faoin gcásdlí, agus faoi dhlí an Aontais Eorpaigh — go stairiúil agus faoi láthair. Is é Dáithí Mac Cárthaigh[1] údar an leabhair, agus is é Seamás Ó Tuathail an t-eagarthóir comhairleach.[2]
Cuimsítear sa leabhar seo; pleanáil agus pleanáil teanga, oideachas, craolachán, an tseirbhís phoiblí, cúrsaí Gaeltachta, Tithe an Oireachtais agus na Cúirteanna. Déantar mionphlé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus moltar leasuithe atá bunaithe ar scoth-chleachtais i gCeanada agus ar Mhór-Roinn na hEorpa.
Is sain-téacsleabhar í seo don mhac léinn agus don dlíodóir cleachtach atá scríofa ar shlí atá intuigthe d’aon duine gur cás leis cúis na Gaeilge.
Tá 280 leathanach sa leabhar agus tá sé ar phraghas €30.
D'fhoilsigh Leabhar Breac an leabhar (ISBN 9781909907843), sa bhliain 2020.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Dáithí Mac Cárthaigh Archives" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2021-06-22.
- ↑ Dáithí Mac Cárthaigh (2020). "An Ghaeilge sa Dlí" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2021-06-22.
| Is síol faoin dlí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Cearta Gaeilge
- Stair an Dlí
- Dlí na hÉireann
- Dlí agus Ceart in Éirinn
- Dlí bunreachtúil
- Dlí an Aontais Eorpaigh
- Conspóidí forfheidhmithe an dlí
- Polasaí teanga
- Gaeltacht
- Gaeloideachas
- Oideachas in Éirinn
- Rialtas na hÉireann
- Tithe an Oireachtais
- Leabhair staire i nGaeilge
- Leabhair Ghaeilge
- Leabhair a foilsíodh in 2020
- Leabhair Éireannacha
- Síolta a bhaineann le dlí