An Ghaeilge ar na Meáin Shóisialta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na Meáin Shóisialta

an Ghaeilge ar cheann de na teangacha labhartha is sine ar domhan ach an bhfuil an teanga ag maireachtáil ar líne nó an bhfuil ár dteanga dhúchais choilíneach ag teacht i gceannas. Is iad Facebook, Twitter, YouTube, Instagram, Snapchat agus WhatsApp na meáin shóisialta is mó atá úsáidte inniu[1]. Ach cén áit ina bhfuil an Ghaeilge ag aois na meán shóisialta?

Tá na meáin shóisialta mar chuid mhór de shaol daoine óga sa lá atá inniu ann. Bíonn an chuid is mó de dhaoine óga dátheangach agus mar sin d’fhéadfadh go bhfuil ról tábhachtach ag suíomh meáin ar úsáid na mionteangacha agus ag dul i bhfeidhm ar tuiscintí ar an teanga sin. Dar le John Caulfield, is uirlis luachmhar iad na meáin shóisialta don athbheochan sa Ghaeilge mar gheall go bhfuil sé an cineál cumarsáide is mó atá ann faoi láthair, mar sin is féidir leis an Ghaelphobal nasc a dhéanamh le lucht féachana níos mó[2].

Tá ról iontach mór ag na meáin shóisialta in ag iompú teanga agus tá an Ghaeilge ag fás ar na meáin shóisialta sa lá atá inniu ann. Má thugtar tacaíocht don líonrú sóisialta d’fhéadfadh a bheith in ann líofacht a choinneáil sa teanga agus an teanga a chur ar aghaidh do chainteoirí sa teanga sin[3].

Dar le staidéar UNESCO, tá timpeall 3,000 teanga atá i mbaol agus is í Gaeilge ceann amháin acu. Moltar sa staidéar go gcabhraíonn na meáin shóisialta le cumhacht na teanga ceannasaí a leathnú ar chostas na teanga atá i mbaol.[4] Luaigh David Crystal go bhfuil sé chúinsí suntasacha le haghaidh athbheochan teanga, ceann amháin ná: “An endangered language will progress if its speakers can make use of electronic technology”[5]. Dar le hÉadaoin Nic Mhuiris, is réabhlóid nó gluaiseacht atá ag tarlú ar na meáin shóisialta sa Ghaeilge faoi láthair ach nach a fhios ag a lán daoine faoi[6].

Tá pobal de chainteoirí atá paiseanta faoin nGaeilge ar na meáin shóisialta sa lá atá inniu ann agus bíonn siad ag giolcaireacht agus ag cur stádas suas sa teanga. Cabhraítear seo leis an teanga a chur chun cinn agus chun daoine a spreagadh chun an teanga a fhoghlaim agus a fheabhsú.

Twitter[cuir in eagar | athraigh foinse]

Haischlib

Tá Twitter ceann amháin de na hardáin mheáin shóisialta is mó sa domhan faoi láthair, le timpeall trí chéad milliún úsáideoir gníomhach. Is áit iontach maith chun do thuairimí féin a roinnt le daoine eile ar fud an domhain. Soláthraíonn cumarsáid aonair sna meáin shóisialta, cosúil le Twitter, deiseanna chun cuir le mionteanga[7]. Tá tríocha is a ceathair teanga faoi thacaíocht ag Twitter agus níl Gaeilge san áireamh sa liosta sin[8] ach tá tú in ann haischlib Ghaeilge a cuardaigh agus beidh tú in ann go leor giolc a fháil sa teanga agus roinnt leathanaigh a fháil atá bunaithe don Ghaeilge amháin.

Tá an Gaelphobal Twitter ollmhór ar líne faoi láthair agus bíonn siad ar fad ag iarraidh an teanga a chur chun cinn ar an aip. Tá timpeall ceithre chéad cuntas Ghaeilge ar fáil ar Twitter agus bíonn siad ar fad ag baint úsáid as an teanga an t-am ar fad. Is iad tuairisceoirí, iriseoirí agus láithreoirí cosúil le @maitiuocoimin agus @siomhanir, grupaí, fiontair agus eagraíochtaí Gaeilge cosúil le @CnaG, @GaelLinn agus @gaelchultur agus stáisiúin raidió agus teilifís cosúil le @TG4TV, @raidionalife agus @RaidioRiRa na cuntais is mó a bhíonn ag baint úsáid as an Ghaeilge ar Twitter an t-am ar fad.

Chomh maith le sin, bíonn cuntais Twitter ag daoine, cosúil le tionchairí, atá ag iarraidh an teanga a scaipeadh go spraíúil agus go heolach. Mar shampla, tá cuntas @coistenabhfocal agus bíonn siad ag giolcaireacht faoi nuafhocail agus Béarlagair i nGaeilge. Chruthaigh Kevin Scannell suíomh gréasáin darbh ainm ‘Indigenous Tweets’ agus an spreagadh a bhí aige ná a spéis phearsanta sa teanga Ghaeilge agus cé chomh minic atá sé úsáidte ar líne.

Dar le suíomh gréasáin Scannell, is é @aonghusoha an cuntas is mó a bhaineann úsáid as an Ghaeilge ar Twitter faoi láthair agus go bhfuil timpeall 14,000 úsáideoirí Twitter ag giolcaireacht go gníomhach as Gaeilge (Feabhra, 2020)[9].De réir an taighde is déanaí ag Kevin Scannell, cuirtear timpeall ocht míle cúig chéad giolc Gaeilge, ar an mheán, amach gach seachtain.

Baineann daoine úsáid as an haischlib Ghaeilge chun nasc fíorúil a bheith acu le daoine eile ina bhfuil an dearcadh céanna agaibh leis an teanga a úsáid ar líne[10]. Tugann Twitter spás cumarsáideach do dhaoine a ábhar féin a chruthú agus a roinnt le daoine eile agus tugann seo saoirse cainte agus smaointe agus bíonn tionchar ar chultúr agus ar shochaí dá bharr. Is iad #Gaeilge, #Gaelic, #SnaG (Seachtain na Gaeilge), #TG4, #LaGaeilge agus #CLG na haischlib is mó úsáidte nuair a bhí duine ag giolcaireacht i nGaeilge[10].

Baineann úsáideoirí ar líne úsáid den haischlib Ghaeilge agus mar sin bíonn ceangal eatarthu leis an teanga, chomh maith le téamaí, imeachtaí agus topaicí comhroinnte leis an Ghaeilge. De réir an taighde ag John Caulfield, léiríonn an úsáid de haischlib coitianta atá bainte le hábhar teilifíse, nuachta agus raidió Gaeilge an chaoi gur féidir le Twitter nasc a chruthú idir na daoine a mbíonn suim acu san ábhar agus in ann tuairimí agus taithí a roinnt ar líne[2] .Is sampla é An Dream Dearg[11] ar an chaoi ina bhfuil siad ag cur chun cinn an Ghaeilge ar líne le haghaidh gluaiseachta polaitíochta agus go bhfuil sé cruthaithe acu gur féidir leis na meáin shóisialta an teanga a athspreagadh agus bíonn siad ag baint úsáid as an haischlib #DeargleFearg chun pobal a bhailiú ar líne don gluaiseacht s’acu[12].

Instagram[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deilbhín Instagram

Cuireann Instagram ardán nua ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh a gcuid buanna, scileanna agus earraí a thaispeáint, ach chomh maith le sin, is spás é do dhaoine atá ag iarraidh foghlaim de réir mar a theagascann daoine eile iad. Sa lá atá inniu ann, tá go leor cuntais ar fáil ar Instagram agus faightear cúrsaí gramadach, bia, taistil, bia, spóirt agus cúrsaí reatha ach as Gaeilge amháin[13].

Megan O’Connor is ainm do bhean óg atá ag dul i bhfeidhm ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus ar Ghaeilgeoirí ar Instagram. Is múinteoir Gaeilge agus Stair í. Tá sí aithne mar @muinteoirmeg ar Instagram[14] agus tá timpeall 16,000 leantóirí aici. Tá gach uile rud go hiomlán as Gaeilge ar cuntas Instagram s’aici agus faightear cúrsaí bia, faisin, agus taistil chomh maith le cúrsaí gramadach agus focal an lae[15]. Dar le Meg is bealach iontach iad na meáin shóisialta chun daoine sa tír seo a spreagadh an Ghaeilge a fhoghlaim nó a labhairt go rialta. Bíonn stór focal ar fáil sna postálacha ar fad a chuireann Meg suas ar Instagram agus roinneann sí na focail sin toisc go mbeidh daoine in ann teacht ar stór focal nua-aimseartha agus ionas go mbeidh foghlaimeoirí in ann focail nua a fhoghlaim. Dar léi, tá sé níos cruinne na nathanna nó na focail a thabhairt go daoine in ionad na bpostálacha a aistriú go hiomlán go Béarla mar ansin beidh daoine in ann a n-abairtí féin a chruthú leo.

Bean óg eile atá ag dul i bhfeidhm ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge ar Instagram ná Múinteoir Murphy agus is múinteoir Gaeilge agus Fraincise. Tá cuntas Instagram aici darbh ainm @muinteoirmurphy [16] , chomh maith le cainéal YouTube agus blag. Foilsítear ábhar bunaithe ar gnáthshaol s’aici, chomh maith le cúrsaí gramadach agus ábhar d'fhoghlaimeoirí na Gaeilge ar na hardáin seo go rialta.

Is é @cuplafocal_ cuntas eile ar Instagram[17] agus bíonn sí ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn le cúpla focal as Gaeilge a chur suas ar an aip gach lá. Is scoláire í sa chúigiú bliain agus bíonn sí ag iarraidh a cuid Gaeilge féin a fheabhsú chomh maith. Tá timpeall 15,000 leantóirí acu.

Snapchat[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le Ipsos MRBI, tá cuntas Snapchat ag 29% den tír agus bíonn 57% acu ag baint úsáid as an aip go laethúil[18]. Is ardán é ina roinntear an saol laethúil le daoine eile i mbealach éasca ach le cúpla bliain anuas tá an aip tar éis áit a fháil don Ghaeilge. Tá go leor Gaeilgeoirí ag baint úsáid as an aip sa lá atá inniu ann cosúil le Siún Ní Dhúinn (@siunie), Éadaoin Nic Mhuiris (@BandEadd),  Caoimhe Ní Chathail (@caoimhechats) agus blagálaí Gaeilge, Gaeilge Le Glam (@gaeilgeleglam). Bíonn na daoine seo agus gach Gaeilgeoir eile a mbíonn ag baint úsáid as an aip ag caint, ag teagasc agus ag roinnt an teanga lena lucht leanúna. Tá an aidhm den chineál céanna acu go léir agus is é sin ná an teanga a chur chun cinn agus normalú a dhéanamh ar an teanga freisin.

Dar le Siún Ní Dhúinn, taispeánann Snapchat an taobh nuálach den Ghaeilge agus a cainteoirí. Is maith le Caoimhe Ní Chathail focail nua sa Ghaeilge a chur in aithne ar Snapchat dá lucht leanúna s’aici. Chomh maith le sin, tógann sí a lucht leanúna ar an bhóthar léi nuair a bhíonn sí ag tuairisciú do RTÉ[19]. Is blag áilleacht agus nós maireachtála é Gaeilge le Glam[20] agus tá ceathrar múinteoir meánscoile ó Ghaillimh i mbun air. Bíonn siad ag baint úsáid as Snapchat freisin agus bíonn siad ag caint faoi ghnéithe pearsanta a saoil chomh maith le cócaireacht, corpacmhainn agus faisean.Dar leo, léiríonn na tuairimí maith a bhfuair siad ó Snapchat go bhfuil an-aird ag daoine ar an Ghaeilge agus tá siad ag súil go bhfásann an teanga.

Chomh maith le sin, sa bhliain 2016, thosaigh Conradh na Gaeilge feachtas chun geo-scagaire Gaeilge a fháil do gach contae in Éirinn[21]. Tá 32 scagaire ar fáil anois ar Snapchat agus is iad Ciarraí, Corcaigh, Dún na nGall agus Gaillimh na contaetha is mó a baineadh úsáid as na scagairí nua. Tá timpeall 152 milliún ‘amharc’ faighte ar na geo-scagairí ag úsáideoirí Snapchat ar fud an domhain[22].

Facebook[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deilbhín Facebook

Is é Facebook ceann amháin de na mórchomhlachtaí teicniúil a chur Gaeilge ar fáil mar Rogha Teanga ar an suíomh gréasáin. Chruthaigh foireann Mark Zuckerberg socruithe teanga ar Facebook ionas go mbeidh úsáideoirí ar fud an domhain in ann a dteanga féin a úsáid ar an aip[23]. Is féidir le húsáideoirí Éireannach a gcuid próifil a aistriú go Gaeilge[24].

Dar le Niamh Sweeney, ceann polasaí poiblí de Facebook Ireland, bíonn siad ag iarraidh cultúir difriúil a chur chun cinn ar Facebook agus is í an Ghaeilge páirt thábhachtach dár gcultúr agus ár bhféiniúlacht. Chomh maith le sin, go bhfuil an comhlacht paiseanta  d'fheidhm a bhaint as an Ghaeilge[25].

Léiríonn Facebook comharthaí go bhfuil Gaelphobal beo ar líne faoi láthair[2]. Tá grúpa ar fáil ar Facebook darbh ainm Gaeilge Amháin[26] agus bíonn Gaeilgeoirí ag scríobh i nGaeilge amháin agus ag cur suas naisc agus físeáin i nGaeilge freisin. Tá timpeall 12,000 baill den ghrúpa Facebook seo.

Deilbhín YouTube

YouTube[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Ghaeilge feicthe ar an ardán comhroinnte físeáin fosta. Tá cainéal YouTube ag "tionchairí" ar líne cosúil le hÉadaoin Nic Mhuiris (BandEadd)[27], Múinteoir Murphy[28] agus Caoimhe Ní Chathail (caoimhe chats)[29]. Bíonn siad ag cur vlaganna suas bunaithe ar an saol laethúil as Gaeilge agus físeáin eile ar 'haul' éadaí agus dul siar ar cúrsaí scoile.

Rinne Éadaoin Nic Mhuiris clár faisnéise beag darbh ainm ‘Gaeilge Ar Líne’ agus tá sé faoi conas atá beocht nua tagtha ar an Ghaeilge ó na meáin shóisialta[30]. Dar léi, tá athbheochan don Ghaeilge ag tarlú ar líne. Chuir sí cúigear faoi agallamh: Caoimhe Ní Chathail, Siún Ní Dhuinn, Micheál Ó Ciaraidh, Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha. Thug siad a dtuairimí féin ar an Ghaeilge ar na meáin shóisialta agus bhí réimse leathan de thuairimí le feiceáil.

Dar le Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha, tá Gaeilgeoirí “ ag glacadh páirt i sórt gluaiseacht shóisialta ar líne ag déanamh simpliú ar an Ghaeilge..nach rud sórt draíochta agus deacair í an Ghaeilge ach gur teanga í” agus dar le Caoimhe Ní Chathail, “tugann na meáin shóisialta deiseanna agus cumhacht don Ghaeilge”. Ina iomláine, ceapann siad ar fad go bhfuil na meáin shóisialta ag cabhrú le fás an teanga agus go bhfuil níos mó daoine ag iarraidh an teanga a fhoghlaim.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The rise of social media". Our World in Data. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  2. 2.0 2.1 2.2 John Caulfield (2013). "A social network analysis of Irish language use in social media" (as en). Cardiff University. 
  3. Julia Sallabank (2010). "The Role of Social Networks in Endangered Language Maintenance and Revitalization: The Case of Guernesiais in the Channel Islands" (as en). Anthropological Linguistics 52 (2): 184–205. doi:10.1353/anl.2010.0011. ISSN 1944-6527. 
  4. Daniel Cunliffe, Delyth Morris, Cynog Prys (2013-04-01). "Young Bilinguals' Language Behaviour in Social Networking Sites: The Use of Welsh on Facebook" (as en). Journal of Computer-Mediated Communication 18 (3): 339–361. doi:10.1111/jcc4.12010. 
  5. David Crystal (2000). "Language Death". Language Death (CAMBRIDGE UNIVERSITY PRESS): 141. 
  6. Éadaoin Fitzmaurice (2017). "Gaeilge ar Líne: A TV Documentary about the benefits of social media for the promotion and revival of the Irish language." (as en). Griffith College. 
  7. Niamh Ní Bhroin (2015-03-09). "Social Media-Innovation: The Case of Indigenous Tweets" (as en). The Journal of Media Innovations 2 (1): 89–106. doi:10.5617/jmi.v2i1.974. ISSN 1894-5562. 
  8. "Twitter for Websites Supported Languages" (en). developer.twitter.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  9. "Indigenous Tweets: Gaeilge". indigenoustweets.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  10. 10.0 10.1 Mairéad Nic Giolla Mhichíl, Theo Lynn, Pierangelo Rosati (2018-11-26). "Twitter and the Irish language, #Gaeilge – agents and activities: exploring a data set with micro-implementers in social media". Journal of Multilingual and Multicultural Development 39 (10): 868–881. doi:10.1080/01434632.2018.1450414. ISSN 0143-4632. 
  11. "An Dream Dearg 🅾️🦸🏽‍♀️🦸🏻‍♂️ (@dreamdearg) | Twitter" (en). twitter.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  12. "Post" (en). smaoineamhosard. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-13. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  13. Fionnuala Jones. "These are the gaeilgeoirí you should be following on Insta this Seachtain na Gaeilge" (en). The Daily Edge. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  14. "Múinteoir Meg (@muinteoirmeg) • Instagram photos and videos" (en). www.instagram.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  15. Ciara O' Connor (2019-07-11). "What's the Gaeilge for 'influencer'?" (as ga). 
  16. "Múinteoir Murphy (@muinteoirmurphy) • Instagram photos and videos" (en). www.instagram.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  17. "Cúpla Focal as Gaeilge (@cuplafocal_) • Instagram photos and videos" (en). www.instagram.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  18. "Social Networking and Messaging Trackers December 2019" (en-ie). Ipsos. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-13. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  19. Valerie Loftus. "How the Irish language lives on Snapchat: 5 Gaeilgeoirí leading the way" (en). The Daily Edge. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  20. "Gaeilge le Glam". gaeilgeleglam.blogspot.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  21. "GAILEARAÍ: Gach Geo-Scagaire Gaeilge Snapchat do chontaetha na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  22. "10 milliún ‘filter’ Gaeilge seolta ar Snapchat in imeacht míosa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  23. Newstalk. "Teicneolaíocht trí mhean na Gaeilge". Newstalk. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  24. "Gaeilge ar an Idirlíon" (ga). aoisnuanagaeilge (2012-04-03). Dáta rochtana: 2020-02-13.
  25. silicon (2017-03-03). "Facebook encourages users to go ‘as Gaeilge’ for SnaG" (en). Silicon Republic. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  26. "Gaeilge Amháin" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  27. "BandEadd" (en). YouTube. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  28. "Múinteoir Murphy" (en). YouTube. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  29. "Caoimhe Chats" (en). YouTube. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  30. "Gaeilge Ar Líne le Éadaoin Nic Mhuiris" (as en) .