An Ghaeilge Bheo - Destined to Pass

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leabhar i nGaeilge agus i mBéarla faoi theanga na Gaeilge atá in An Ghaeilge Bheo - Destined to Pass a scríobh Máirtín Ó Cadhain sna blianta 1962 agus 1963 agus a chur Seán Ó Laighin in eagar. Céadfoilsíodh é sa bhliain 1963 agus d'fhoilsigh Coiscéim athleagan sa bhliain 2002. Déanann sé cáineadh ann ar pholasaithe rialtais i leith na teanga agus déantar cur síos ar an staid reatha ina raibh an teanga. Tá timpeall is an ceathrú cuid den leabhar scríofa as Béarla.