An Garbhán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is leabhar do pháistí é An Garbhán (Béarla: The Gruffalo) le scríbhneoir agus drámadóir Julia Donaldson. Tá an leabhar mhaisithe ag Axel Scheffler chomh maith. Sa leabhar seo, insíodh scéal faoi luchóg, atá mar phríomhcharachtar an leabhair, ag glacadh siúlóide tríd na coillte agus na rudaí a tharlaíonn dó agus é ar an tsiúlóid seo. Díoladh níos mó ná 13 milliún cóip den leabhar, bhuaigh an leabhar roinnt duaiseanna do litríocht na bpáistí, agus forbraíodh é mar dráma ar an West End agus ar Broadway agus fiú scannán beoite a bhí ainmnithe le haghaidh duais Oscar.

Bhí an Garbhán foilsithe ar dtús sa bhliain 1999 sa Ríocht Aontaithe ag Macmillan Children’s Books mar eagrán faoi chlúdach crua le 32 leathanach san iomlán, ina dhiaidh sin, eagrán faoi chlúdach bog sé mhí ina dhiaidh, agus tar éis sin, eagrán leabhair le boird i bhformáid bheag, a scríobhadh do léitheoirí idir trí bliana d'aois agus seacht mbliana d'aois. Tá thart fá 700 focal ann san iomlán sa leabhar. Tá sé scríofa i gcúpláin ríme, le véarsaí athchleachtach le mionathrú iontu.