Jump to content

An Focloir Bearla Gaoidheilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Focloir Bearla Gaoidheilge
(en) The English-Irish Dictionary
(ga) An foclóir Béarla Gaoidheilge Cuir in eagar ar Wikidata
Fotheidealar na chur a neagar le Conchobhar O Beaglaoich mar aon le congnamh Aodh Bhuidhe mac Cuirtin agus fós i bPairis 1732
Cineálfoclóir agus foclóir Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarConchubhar Ó Beaglaoich Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla agus an Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1732 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é An Focloir Bearla Gaoidheilge an chéad fhoclóir BéarlaGaeilge dar cuireadh i gcló riamh.[nóta 1] Is sa bhliain 1732 a d'fhoilsigh Conchubhar Ó Beaglaoich agus Aodh Buí Mac Cruitín é i bPáras na Fraince.[1][2] Bhí cóip de ghraiméar Mhic Chruitín san áireamh sa leabhar. Ní léir cén chúnamh eile a thug Mac Cruitín don Bheaglaoich ach tá roinnt lámhscríbhinní ann mar a thugtar foclóir Mhic Cruitín air.[1]

Maítear sa réamhrá go rabhthas ag leanúint eiseamláir Boyer agus Bailey i bhfoclóir Uí Bheaglaoich agus Mhic Cruitín, .i. Abel Boyer a bhí foclóirí mar Dictionaire Royal, François-Anglois et Anglois-François curtha le chéile aige, agus Nathan Bailey, údar An Universal Etymological Dictionary.[1]

Bhí sé beartaithe foclóir Gaeilge-Béarla a fhoilsiú freisin ach níor tháinig sé sin ar an saol.[1]

Díoladh ar an 1 Deireadh Fómhair 2025 cóip de ‘Fhoclóir Uí Bheaglaoich’. Bhíothas ag súil le €700 ar Fhoclóir Uí Bheaglaoich ag an gceant ach díoladh sa deireadh é ar €1,800.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 Harrison (1986), lgh 67–69.
  2. 1 2 "Cóip lámhscríofa de Foras Feasa ar Éirinn díolta ar €35,000". Tuairisc.ie (2025-10-01). Dáta rochtana: 2025-10-01.
  1. Féach áfach Foclóir nó Sanasán Nua (1643), Foclóir Lainne agus Gaoidheilge an Phluincéidigh (1662, lámhscríbhinn), Nua-fhoclóir bog chruaidheach an Bhailisigh (1706, lámhscríbhinn), Archæologia Britannica an Laoidigh (1707), agus gluais Briotáinis–Gaeilge–Laidin in The History of the Druids (1726) leis an dTuathalánach.