Jump to content

An Fia sa Choill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Fia sa Choill
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarSadhbh Devlin Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
MaisitheoirAnastasia Melnykova Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire, 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirFuta Fata
Tréith
Seánraficsean do pháistí Cuir in eagar ar Wikidata

Is leabhar do pháistí é An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin. Is í Anastasia Melnykova a mhaisigh é agus Futa Fata a d'fhoilsigh.[1][2][3] Leagan úr ar sheanscéal Fiannaíochta Sadhbh agus Finn mhic Chumhaill atá ann.[2][4] Tá sé dírithe ar pháistí atá beagán níos sine.[4] Tá ealaín an leabhair ina chumasc idir stíl traidisiúnta Gaelach agus ealaín nua-aimseartha.[2]

Ainmníodh An Fia sa Choill ar ghearrliosta Leabhar Páistí na Bliana (do shóisir) ag Gradaim Leabhar na Bliana An Post 2025, an chéad uair ar ainmníodh leabhar Gaeilge sa chatagóir sin. Céim chun cinn a bhí ann – rinneadh suntas den nós a bhí á cleachtadh ag lucht eagraithe na ngradam sin leabhair i mBéarla amháin a ainmniú sna catagóirí go léir seachas an ceann a bhaineann go sonrach leis an nGaeilge, ó bunaíodh iad scór bliain roimhe.[1][2][3] Bhí borradh tar éis teacht ar iarrthóirí Gaeilge sa chatagóir sin, a shroich os cionn 6% sa bhliain sin. Dúirt an Devlin go bhfuil sí ag súil go n-osclóidh sé seo "an doras do níos mó leabhair Ghaeilge do pháistí, agus nach mbeidh muid á gcur i mboscaí."[2]

Tá vóta phoiblí ar siúl mar chuid de na gradaim leabhair seo.[2]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "Na leabhair Ghaeilge atá ainmnithe do Ghradaim Leabhar na Bliana An Post fógartha". Tuairisc.ie (23 Deireadh Fómhair 2025). Dáta rochtana: 2025-10-29.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 Cóilín Duffy (24 Deireadh Fómhair 2025). "Céim stairiúil don Ghaeilge ag Gradaim Leabhar na Bliana". An Páipéar (52). 
  3. 3.0 3.1 Michelle Nic Pháidín (28 Deireadh Fómhair 2025). "Dul chun cinn déanta ag Gradaim Leabhair na Bliana An Post". Scéal: lch 3. 
  4. 4.0 4.1 Eoin Mac Raghnaill (03 Samhain 2024). "Sadhbh Devlin’s new children’s book inspired by mythology of her name" (as Béarla). Bray People. Dáta rochtana: 2025-10-31.