Jump to content

An Fhriúilis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Fhriúilis
furlan agus lenghe furlane

Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais300,000 (2002)
Dúchasach doVeneto agus Friuli-Venezia Giulia
Stáitan Iodáil agus an Rómáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
teangacha Rómánsacha Iartharacha
teangacha Gall-Ibéaracha
teangacha Gall-Rómánsacha
Gallo-Rhaetian (en) Aistrigh
teangacha Raeta-Rómáinsice
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheRegional Agency for Friulian Language (Italy) (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta3 cinnte i mbaol
Cóid
ISO 639-2fur
ISO 639-3fur
Glottologfriu1240
Linguasphere51-AAA-m
Ethnologuefur Cuir in eagar ar Wikidata
UNESCO353 Cuir in eagar ar Wikidata
IETFfur Cuir in eagar ar Wikidata
Endangered languages3400 Cuir in eagar ar Wikidata

Teanga Rómánsach í an Fhriúilis (furlan) agus i á labhairt ag 400,000-600,000 duine ó dhúchas i réigiún féinrialaitheah Friuli-Venezia Giulia, i gcúigí Udine agus Pordenone agus i gcodanna áirithe de chúigí Gorizia agus na Veinéise, i dtuaisceart na hIodáile. Sna laethanta a bhí, bhí canúint Friúilise (tergestino) timpeall chathair Trieste chomh maith. Bhí an chearn seo den domhan beo bocht go dtí na 1960idí, agus dá réir sin chuaigh a lán daoine ar imirce ar fud na cruinne, ionas go bhfuil diaspóra mór de lucht labhartha na Friúilise san Oileán Úr féin inniu (i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus san Airgintín, cuir i gcás). An chuid is mó de na cainteoirí Friúilise tá siad in ann Iodáilis a labhairt chomh maith. Téann litríocht na Friúilise siar go dtí an bhliain 1300, agus roimhe sin féin bhí an teanga scríofa á cleachtadh sna cáipéisí oifigiúla. Is minic a ghlactar leis gur teanga Raeta-Rómánsach í, is é sin go bhfuil dlúthghaol aici leis an Laidinis agus le canúintí Rómánsacha chantún Grischun (Graubünden) san Eilvéis. Is í an Laidinis an teanga is cóngaraí di, ach níl na teangeolaithe go léir ar aon fhocal faoi bhaint chruinn na dteangacha seo uile le chéile.

Ba é Pier Paolo Pasolini an file Friúilise ba chlúití sa 20ú haois, nó d'fhoilsigh sé leabhar filíochta sa teanga nuair a bhí sé óg. Chuaigh sé leis an Iodáilis ina dhiaidh sin, áfach. Mar sin féin áirítear ar chlasaicigh nua-aoisiúla na teanga é i gcónaí.