An Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach
Íomhá
Cineálimeacht féiltiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1971 - 
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Is é atá i gceist leis an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ná féile ina ndéantar ceiliúradh ar na naisc chultúrtha idir na náisiúin ceilteacha ar fad: Éire; Albain; Oileán Mhanann; An Bhreatain Bheag; Corn na Breataine; agus An Bhriotáin. Bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, damhsóirí, córacha, filí agus scéalaithe. Bíonn léachtaí, coirmeacha ceoil agus comórtais éagsúla ann.[1]

Rinne an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ceiliúradh ar 50 bliain ar an bhfód sa bhliain 2024. Reáchtáltar comórtais fhidle, cruite, ceol beirte, córacha agus damhsa idir na tíortha Ceilteacha le linn na féile. Is minic a bhíonn sí ar siúl i gCeatharlach.

I gcás na gcomórtas amhránaíochta traidisiúnta, is iad buaiteoirí Chorn Uí Riada, Shean-Nós na mBan agus Shean-Nós na bhFear ó Oireachtas na Samhna 2023 a bheidh ag glacadh páirte ar son na hÉireann. Sa bhliain 2024 ba í Éabha Breathnach as an gCeathrú Rua i gConamara a bheidh san iomaíocht don duais mhór ag an gComórtas Amhrán Nua Pan Cheilteach théis di an comórtas náisiúnta a bhuachan ag deireadh Eanáir.

Bunús agus stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an Fhéile Phan-Cheilteach i gCill Airne, agus eagraíodh an fhéile mar fhéile cheoil, a reáchtáladh gach Earrach, chun na gcultúr nua-aimseartha agus na dteangacha Ceilteacha a chur chun cinn trí mheán an cheoil. Is é an teideal a bhí air ar dtús ná Gintyyl Gerdd Bach (Breatnais: Féile Bheag Cheoil), le Con O'Connaill, ach d'athraigh sé a hainm ina dhiaidh sin. I mBealtaine 1971, bhí an chéad fhéile ar siúl i gCill Airne; agus bhí ceoltóirí den scoth le feiceáil ann, ón Bhreatain Bheag (Phyllis agus Meredydd Evans), Éire (Scoil na Toirbhirte), agus an Bhriotáin (Les Tregerez Group agus Alan Stivell).[2]

Capercaillie, buaiteoir sa bhliain 1985 le "Urnuigh a Bhan Thigreach".
Na h-Òganaich, buaiteoir sa bhliain 1972

Bhí Meredydd Evans i mbun cainteanna le eagraí na féile, Ó Connaill, tar éis Fhéile 1971, agus thug sé cuireadh dó chuig Eisteddfod Náisiúnta na Breataine Bige. Ag an Eisteddfod, bhuail Ó Connaill le baill ó náisiúin Cheilteacha eile, agus bhunaigh sé coiste don Fhéile Phan-Cheilteach. Ghlac rannpháirtithe ó shé náisiún Ceilteacha, an Bhriotáin (Breizh), an Corn (Kernow), an Bhreatain Bheag (Cymru), Albain (Alba ), Éire) agus Oileán Mhanann (Ellan Vannin) páirt sa dara Féile Phan-Cheilteach, a reáchtáladh arís i gCill Airne i 1972. Ba le linn na féile seo a tugadh bunstruchtúr na hócáide chun críche tar éis cruinniú le baill an choiste. Is iad na prionsabail seo ná; na teangacha, buanna ceoil agus cultúir a chur chun cinn laistigh de na sé chríoch a aithnítear mar náisiúin Cheilteacha.[3]

Is é an Bhreatain Bheag an náisiún is rathúla le ceithre bhua dhéag, (go dtí 2015) agus tá Éire sa dara háit, tar éis an chomórtais a bhuachan aon uair déag. Ba é Bénjad, a rinne ionadaíocht ar son an Choirn sa bhliain 2012 agus 2013, an chéad ealaíontóir i stair na féile a bhuaigh faoi dhó. Is é Oileán Mhanann an náisiún is lú rath, d'uireasa bua ach aon uair amháin sa bhliain 2014.

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl le linn na féile, ceolchoirmeacha, comórtais taibhealaíona, ceardlanna, seisiúin, taispeántais, clubanna, paráidí agus go leor eile ina measc. Is é sprioc na féile freisin an turasóireacht, an trádáil, agus an tráchtáil agus gréasánaíocht Idir-Cheilteach a “éascú agus a fhorbairt”.[1]

Rannpháirtíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtálann gach náisiún rannpháirteach a imeacht roghnúcháin náisiúnta féin, chun a ionadaithe a roghnú don Fhéile. Tá náisiúin Cheilteacha ó na críocha i dTuaisceart agus in Iarthar na hEorpa ina bhfuil teangacha Ceilteacha nó tréithe cultúrtha tagtha slán, agus atá ina mbaill den Chonradh Cheilteach incháilithe chun dul san iomaíocht ag an bhFéile Phan- Cheilteach .[4] Úsáidtear an téarma “ náisiún ” sa chiall bhunaidh chun pobal a roinneann féiniúlacht agus cultúr coiteann agus a shainaithnítear le críoch thraidisiúnta. Níl sé comhchiallach le " stát ceannasach ".[3]

Náisiún [3] Ainm Ceilteach Bliain tosaigh
</img> Breizh 1971
</img> Kernow 1972
</img> Éireann Éire 1971
</img> Manainn 1972
</img> Alba 1972
</img> Cymru 1971
Incháilithe chun páirt a ghlacadh ach nár ghlac páirt ann fós.

Roghanna náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Bhriotáin: Gouelioù Etrekeltikek An Oriant[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féile bhliantúil Cheilteach í Féile Idircheilteach Lorient nó Emvod Ar Gelted An Oriant (Briotáinis), nó Gŵyl Ryng-Geltaidd An Oriant i Breatnais), atá suite i gcathair Lorient, sa Bhriotáin.

Corn na Breataine: Kan Rag Kernow[cuir in eagar | athraigh foinse]

 

Comórtas amhrán bliantúil Coirnise is ea Kan Rag Kernow (Gaeilge : Amhrán don Chorn) chun ionadaí a aimsiú do Chorn ag an bhFéile Phan-Cheilteach, a reáchtáiltear in Éirinn gach bliain.[5] Bhuaigh an grúpa Coirneach, The Changing Room, an 2015 Kan Rag Kernow ar 30 Eanáir 2015.[6] Chuaigh an grúpa ar aghaidh chun ionadaíochta a dhéanamh ar Chorn na Breataine ag an bhFéile sa bhliain 2015, ag críochnú sa chéad áit leis an amhrán "Hal an Tow" (Lá Flora).[7]

Éire: Comórtas Amhrán Náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

 

Is é an Comórtas Amhrán Náisiúnta próiseas roghnaithe na hÉireann chun ionadaithe na hÉireann a chinneadh ag an bhFéile Phan-Cheilteach bhliantúil. In 2015, reáchtáladh an seó roghnóireachta in Óstán Seven Oaks, i gCeatharlach, ar 7 Márta.[8]

Oileán Mhanann: Arrane son Mannin[cuir in eagar | athraigh foinse]

 

Is é an Comórtas Arrane son Mannin (Béarla: Song for the Isle of Man ) an comórtas Manannach trína roghnaítear amhrán don Fhéile Phan-Cheilteach. In 2015, roghnaíodh an ceathairéad 'Shenn Scoill', chun ionadaíocht a dhéanamh ar an oileán.[9]

Albain: Am Mòd Náisiúnta Ríoga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá próiseas roghnúcháin na hAlban á bhainistiú ag An Comunn Gàidhealach ag an Mòd Náisiúnta Ríoga, chun ionadaí Albanach a aimsiú don Fhéile Phan-Cheilteach, a reáchtáiltear in Éirinn gach bliain.[10] Ba iad Na h-Óganaich, na chéad ionadaithe d’Albain ag an bhFéile Phan Cheilteach 1971. Rinne siad ionadaíocht ar Albain arís i 1972, leis an amhrán "Mi le m'Uillin", ag críochnú sa chéad áit.[11]

An Bhreatain Bheag: Cân i Gymru[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 NÓS (2023-05-31). "An Fhéile Pan Cheilteach le filleadh ar Cheatharlach le haghaidh chomóradh na leathchéid" (en-US). Dáta rochtana: 2023-06-05.
  2. Gwyl Ban Geltaidd
  3. 3.0 3.1 3.2 Gwyl Ban Geltaidd: History”. Gŵyl Ban Geltaidd. Dáta rochtana: 10 April 2015. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "PCF History" defined multiple times with different content
  4. Koch, John (2005). "Celtic Culture: A Historical Encyclopedia": xx, 300, 421, 495, 512, 583, 985. ABL-CIO. ISBN 978-1-85109-440-0. Dáta rochtana: 24 November 2011. 
  5. Kan rag Kernow”. Maga Kernow. Dáta rochtana: 11 April 2015.
  6. Flora Day inspired song wins competition to find Cornish song for Pan Celtic Festival”. Falmouth Packet (4 February 2015). Dáta rochtana: 11 April 2015.
  7. Granger, Anthony (10 April 2015). “Pan Celtic: Cornwall wins Pan Celtic Song Contest 2015”. Eurovoix. Dáta rochtana: 10 April 2015.
  8. Pan Celtic National Song Contest 2015”. Visual Carlow. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 April 2015. Dáta rochtana: 11 April 2015.
  9. Caine, Valerie (8 April 2015). “Isle of Man: Manx Competitors Head for the Legenderry Pan Celtic Festival”. Transceltic. Dáta rochtana: 11 April 2015.
  10. ACG History”. An Comunn Gàidhealach. Dáta rochtana: 11 April 2015.
  11. Na h'Oganaich”. Scottish Traditional Music Hall of Fame. Dáta rochtana: 11 April 2015.