Jump to content

Féile Náisiúnta Drámaíochta

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFéile Náisiúnta Drámaíochta
Map
 51° 54′ 16″ N, 8° 57′ 25″ O / 51.904354°N,8.956947°W / 51.904354; -8.956947
Cineálféile amharclannaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh2025: Maigh Chromtha, Éire
2026: Cathair na Mart, Éire
2027: Baile Átha Luain, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
MoltóirOireachtas na Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta á heagrú ag Oireachtas na Gaeilge (á eagrú ag Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta roimhe sin). Bíonn drámaí Gaeilge do dhaoine fásta ó cheithre chúige na hÉireann le feiceáil ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta.

Bronntar gradaim faoi dheireadh na féile ar son feabhais san aisteoireacht, san scríbhneoireacht, sa léiriúchán, agus catagóirí nach iad.[1]

Sa bhreis ar an ndrámaíocht féin bíonn imeachtaí ceoil ar siúl mar chuid den fhéile.[2][3]

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí aisteoirí le Gaeilge chun a gcuid drámaí a léiriú mar chuid den fhéile. Bíonn éagsúlacht sna léiriúcháin a thugann na compántais chun stáitse – chomh maith leis na drámaí (fada agus gearr), glactar le drámaíocht dhúchasach (scéaldrámaí, agallaimh bheirte, lúibíní agus scéalaíocht). Bíonn bronnadh na ngradam ag an bhféile freisin.[4][3]

Bíonn léirmheastóirí aitheanta i measc an lucht féachana a thugann aiseolas ar gach dráma, a shíl Máire Ní Fhearraigh ó Ardán Mhaigh Eo a bheith "iontach cothrom", lena n-áirítear pointí go bhféadfaí feabhas a chur orthu.[3][5]

Cuireann an Oireachtas pacáistí tacaíochta ar fáil ag freisin don drámaíocht amaitéarach, idir nua agus seanbhunaithe.

Reáchtáladh Féile Náisiúnta Drámaíochta na bliana 2025 in Amharclann Bhearna na Sceiche, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.[4][6]An Páipéar Léiríodh éagsúlacht seánraí, ina measc: drámaí ilghníomh, gearrdhrámaí agus sceitsí.

Ba í seo an chéad bhliain ar reáchtáil an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta an fhéile faoi scáth an Oireachtais, faoi réir chlár maoinithe na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.[4] De réir RTÉ, bhí "an-rath" ar an fhéile na bliana sin.[7]

Is i gCathair na Mart a reáchtáladh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i mbliana ó 19–21 Márta 2026, agus compántais ó gach cúige le feiceáil.[8][2][3] B'iad Áine Máire Ní Óráin agus Mícheál Ó Meallaigh moltóirí na féile. Thug Muireann Ní Dhroighneáin, Comhordaitheoir Náisiúnta Taibhealaíon an Oireachtais, suntas don oiread compántas nua a bhí ag éirí leo léirithe ar ardchaighdeán a chur chun stáitse.[9]

Is ar Chumann Drámaíochta Naomh Pádraig (Cathair na Mart) a bronnadh an gradam is mó, "Dráma na Féile", as an dráma nuascríofa An Rud Eatarthu le Séamas Mac Eachmharcaigh. Bronnadh an duais sa chatagóir "Léiriú / Stiúradh" thar ceann léiriú Aisteoirí Bhréanainn (Ciarraí) ar Scaoil leis an gCaid le Breandán Mac Gearailt ar Mharina Ní Dhubháin, agus Sláine Ní Chathalláin agus Bríd Criomhthain mar stiúrthóirí cúnta aici. Bhí an duais don "Aisteoir is Fearr" ag dul do Pádraig Ó Briain (Aisteoirí Chúil Aodha) agus d'Alanna Ní Mhíocháin (Cumann Drámaíochta Naomh Pádraig). Bhuaigh Míle Murder i Muine Bheag le Cathal Ó Catháin an gradam don "Script is Éifeachtaí" agus b'iad Ardán Mhaigh Eo a bhain an gradam sa chatagóir "Prapaí / Cultacha" as a léiriú de Na Spéaclaí Draíochta. Luadh mar "Rogha na Léirmheastóirí" léirithe Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar Chuairt an Uachtaráin, Aisteoirí an Sciobóil ar Bhiseach, agus Aisteoirí an Spidéil ar An tOthar agus Oifig an Phoist.[9][10]

Beidh Féile Náisiúnta Drámaíochta 2027 ar siúl i mBaile Átha Luain ar an 18–20 Márta.[9]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]