Jump to content

An Eithne

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Eithne
Íomhá
CineálAbhainn Cuir in eagar ar Wikidata
Foinse
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh
SuíomhLoch Rí Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 35′ 41″ N, 7° 36′ 20″ O / 53.5947°N,7.6056°W / 53.5947; -7.6056
Craobh-abhainn
Abhantrach draenálaAbhantrach na Sionainne Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí52 (fad) km

Abhainn de chuid Abhantrach na Sionainne is ea An Eithne (Béarla: River Inny).[1] Tá sí 88.5 kilometres (55.0 mi) ar fad, agus tá roinnt lochanna aici ar feadh a cúrsa.

Tá an abhainn ainmnithe as Ethniu, an phearsa mhiotaseolaíochta a fuair bás a deirtear i bhfánsruth atá i léinseacha íochtaracha na habhann.[2]

Éiríonn An Eithne mar tsruthán ag Sliabh na Caillí, i mbaile fearainn Thigh Bríde, gar den Seanchaisleán,[3] ceantar cnocach ina bhfuil tuamaí meigiliteacha ainmnithe agus as Loch Craobh, all in Contae na Mí. Anseo ina léinseacha uachtaracha, cruthaíonn sí an teorainn idir Contaetha na Mí a agus an Chabháin le hachar gearr, síos théann sí i Loch Síleann isteach, air a bhuaileann Cabhán agus an Mhí lr Contae na hIarmhí. Glaoitear scaití An Eithne Uachtarach ar ann abhainn anseo (nó Béarla: the Ross River).[4]

Ag Loch Síleann, ritheann go leor craobh-aibhneacha isteach, ina measc Abhainn Mountnugent (Mount Nugent) [5][6] agus Srutháin Garrán Bell (aitheanta fosta mar Bealach an Chaoláin) agus Cruabhar,[7] maraon leis na srutháin Mauraghboy, Carraig, Roisín, Muine Bheag agus Teach Scoile.[4]: 4  Faightear aolchloch faoi bhíonn na hEithne Uachtarach agus Loch Síleann féin, cás go ritheann roinnt desna craobh-aibhneacha thar grianchloichít.[4]

Ó Loch Síleann amach, cruthaíonn an Eithne Íochtarach[8] an teorainn idir an Iarmhí agus an Cabhán. Sreabhann sí tríd an sráidbhaile Fiodh an Átha, agus ansin i Loch Cinnéile isteach, áit a bhuaileann an Cabhán agus an Iarmhí le Longfort.

As sin amach, is ionann an abhainn agus an teorainn idir Longfort agus an Iarmhí, go dtí go dtéann sí san Iarmhí isteach gar den Sráid agus sreabhann sí isteach i Loch Dairbhreach. Tá trácht ar leith leis an loch seo agus an seanscéal Oidheadh Chlainne Lir.

Sreabhann An Eithne ansin gar den tsráidbhaile Béal Átha na Leac agus isteach i Loch Iarainn, agus trasnaíonn i Longfort isteach gar de Mhainistir Shruthla. Is é anseo a iompraíonn an Whitworth Aqueduct An Chanáil Ríoga that an abhainn,[2] agus soláthraíonn pumpaí an chanáil le huisce canal with water. Ag Tigh na Leice in aice láimhe, de réir an seanchais, bháigh Eithne san fhánsruth.[2] Le fada an lá, sholáthair an fánsrith úd cumhacht do dhá mhuileann. Leanann sí ar aghaidh thar Newcastle House go dtí Baile Uí Mhatháin.[3][9][10]

An Eithne ag Droichead an Chaisleáin Nua

Leis an sruth ó Bhaile Uí Mhatháin, cruthaíonn an Eithne an teorainn idir Longfort agus an Iarmhí, agus ritheann sí siar i Loch Rí isteach ag Bá na hEithne.[3][10]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "An Eithne". logainm.ie. Dáta rochtana: 16ú Meitheamh 2025.
  2. 2.0 2.1 2.2 "Fishing and the River Inny". Comhairle Contae an Longfoirt. Dáta rochtana: 25ú Márta 2020.
  3. 3.0 3.1 3.2 "The River Inny". Dáta rochtana: 26ú Márta 2020.
  4. 4.0 4.1 4.2 "Lough Sheelin and its catchment - water quality status and nutrient loadings, 1998-2005". Bord Réigiúnach Iascaigh na Sionainne. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-15. Dáta rochtana: 24ú Márta 2020.
  5. "Mountnugent River". logainm.ie. Dáta rochtana: 16ú Meitheamh 2025.
  6. "Environmental River Enhancement Programme - Annual Report 2013" (2014). Sord, Co. Bhaile Átha Cliath: Iascach Intíre Éireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí. “ Both Mount Nugent and Mountnugent forms shown” 
  7. "The Quality of River and Lake Water in County Cavan: Lough Sheelin Feeder Streams". Comhairle Contae an Chabháin (2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-24. Dáta rochtana: 21d Márta 2020.
  8. "Lough Sheelin Guide". The Shannon Regional Fisheries Board via This is Cavan. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-24. Dáta rochtana: 24ú Márta 2020.
  9. "Notes on River Basins" (1872). Londain: Longmans, Green and Co.. “':... forms Loughs Sheelin and Derevaragh; passes n(ear) Granard, and Ballymahon” 
  10. 10.0 10.1 "Geohive (integrated State mapping)". Government of Ireland. Dáta rochtana: 26ú Márta 2020.