Jump to content

An Dochtúir (dráma)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinAn Dochtúir
Cineálsaothar drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarSéamus Ó Beirn Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Seánracoiméide Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaCúige Chonnacht Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1904 Cuir in eagar ar Wikidata
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Is scigdhráma é An Dochtúir a bhaineann le ceapadh dochtúra i gceantar Gaeltachta agus gan aon fhocal Gaeilge aige, agus bunús sa bhfíorshaol leis.[1] Is é Séamus Ó Beirn a scríobh é, fear a bhunaigh an Taibhdhearc ina dhiaidh sin. Is dráma dátheangach é atá "an-ghreannmhar, spreagúil, rómánsúil agus mothúchánach".[2][3]

Baineann an scéal le

"dochtúir óg soineanta saonta ó Bhaile Átha Cliath gan aon Ghaeilge atá ag iarraidh bualadh in athuair lena ghrá geal Máire atá ina hathbheochanóir Gaeilge díograiseach agus a ghlacann le post, mar sin, in íoclann iargúlta i gConamara, beag beann air nach labhróidh a chuid othar ach Gaeilge. Ag cur lena thríoblóidí agus é ag iarraidh chuile shórt a oibriú amach, tá muintir na háite nach bhfuil puinn sásta, an mháthair chéile a d'fhéadfadh a bheith aige a bhfuil éirí in airde ag baint léi go mór agus deargnamhaid mórtasach an dochtúra a bhfuil sé mar uaillmhian aige Máire a phósadh."[3]

Droichead Thamhain. B'as Tamhain don Bheirneach

Léiríodh An Dochtúir den chéad uair i dTamhain, oileán dúchais na scríbhneora i gCuan na Gaillimhe, oileán a bhí ina bhreac-Ghaeltacht lena linn. Bhain sé gáire as an lucht féachana agus an bhliain dár gcionn cuireadh ar stáitse arís é in Amharclann na Cúirte i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath, agus in áiteanna nach iad. Ba dhochtúir teaghlaigh an Beirneach féin agus ghlac sé páirt sa dráma mar aisteoir chomh maith le scríbhneoir agus bainisteoir stáitse.[2]

Bhí Athbheochan na Gaeilge faoi lán seoil faoin tráth seo[3] agus bhí an-ghlacadh leis an ndráma scigiúil. Nuair a cuireadh i láthair é ar an gCeathrú Rua, bhíodh daoine á gcur ó dhoras d'uireasa spáis.[2] "Píosa an-ghreannmhar é", an tuairim a bhí ag léirmheastóir amháin, ag "'spáint gur seafóideach an rud dochtúirí nach bhfuil aon eólas ar Ghaedhilg аса a chur isteach ar cheanntair Ghaedhealacha ar fud na tuaithe."[1] "Samhail de shaoghal i nÉireann is eadh é seo, gan gó" a dúirt ceann eile, á thuar go "gcuirfidh "An Dochtúir" muinntir Bhaile Átha Cliath i riocht a sgoilte le gáire."[1]

Ollscoil Mhá Nuad

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Leabharlann OMN

Chuir mic léinn de chuid OMN léiriú de An Dochtúir i láthair i Maigh Nuad i rith Sheachtain na Gaeilge 2025. Ba chomhthionscadal é idir Chuallacht Cholmcille agus Cumann Drámaíochta Ollscoil Mhá Nuad.[3]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 Nollaig Mac Congáil (2010). "Fíoradh na Físe Gaelaí? Bunú Choláiste Thamhain 100 bliain ó shin: Stair Chorrach". Journal of the Galway Archaeological and Historical Society 62: lgh 157-185.
  2. 1 2 3 "Ó BEIRN, Séamus (1881–1935)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2025-02-25.
  3. 1 2 3 4 "An Dochtúir" (ga-IE ⁊ en-IE). Eventbrite (2025-03-05). Dáta rochtana: 2025-02-25.