An Dara Rogha
| Cineál | saothar liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Celia de Fréine |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Foilseachán | Éire, 2021 |
| Tréith | |
| Seánra | litríocht dhiostóipeach, litríocht iar-apacailipteach, ficsean do dhaoine fásta óga, ficsean eachtraíochta agus litríocht ficsean eolaíochta |
Is úrscéal tuairimeach é An Dara Rogha le Celia de Fréine a thiteann amach san am atá le teacht, i sochaí dhiostóipeach iar dtubaiste. Ríomhtar scéal Emma agus í sa tóir ar an eolais faoi chéard a tharla dá cara atá ar iarraidh agus faoi fhírinne na sochaí ina d'fhásadar aníos.[1][2][3]

Úrscéal dorcha, samhlaíoch, suaite atá ann, a fuair moladh ó léirmheastóirí mar leabhar físiúil sainiúil spreagúil, a dhéantar plé neamhumhal ann ar cheisteanna móra.[2][3][4][5][6][7][8]
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Titeann scéal An Dara Rogha amach sa Ré Úr, i gcathair ollteicneolaíoch darb ainm Bithsféar 9, é dúnta faoi dhíon cosanta. Loisceadh na tailte lasmuigh den screamh shaorga seo fadó.[2][3] Tá an saol nasctha chomh dlúth sin leis an mBithsféar gur cuid den teanga féin é.[4] Sochaí ollsmachtach atá i réim i mBithsféar 9 ina bhfuil aicmiú docht i bhfeidhm, faire géar ag na hÚdaráis ar an daonra, agus smacht acu ar gach eolas a fhaigheann daoine.[2][3][5]
Coinnítear páistí baineann agus fireann ar shiúl óna chéile go dtagann siad in inmhe agus ní bhíonn caidreamh idir chlann agus thuismitheoirí.[6][3] In aois a 17, roinntear na daoine de réir a gcumas intleachta, mar a mheasann an rialtas é, ina gcoláisteánaigh agus ina síolraitheoirí.[2][5] Tá gnéithe áirithe d'atáirgeadh an daonra meicnithe ach má tá féin, na mná a roghnaítear mar shíolraitheoirí, cuirtear chuig Feirm na bhFéatas iad, áit a chuirtear iallach orthu páistí a bhreith. Baintear cumas síolraithe den chuid eile den daonra le cóir leighis. Sa Ré Úr, glactar leis an staid seo mar ghnáthchuid den saol, más go míchompordach féin é.[3][2]
Is sa tóir ar fhoirfeacht dhaonna atá na hÚdaráis, mar a fheictear dóibh féin é: fionn, seang, gormshúileach, andraigíneach. Baintear feidhm as an eoiginic, an mháinliacht agus drugaí chun cloí leis an gcaighdeán a leagtar síos.[3][4] Cuirtear daoine geala i lár na staire. Cé go bhfuil cónaí ar gach duine sa bhithsféar céanna, tá ordlathas soiléir maidir leis na tíortha ab fhearr san am atá thart.[6]
Dá dhoichte greim na nÚdarás ar na daoine faoina gcuing, tá méid áirithe eolais fós ar marthain faoin méid a tharla san am atá thart agus faoi bhealaí eile ina bhíodh sochaithe a riar, ach é a aimsiú.[6]
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus an scéal seo ina thús, tá Emma ag cur scrúdaithe di agus ag ceiliúradh a seachtú breithlá déag, cloch mhíle mór sa Bhithsféar, agus ag cur aithne ar dhaoine nua.[6] Tá sé i leagtha amach di tabhairt faoi chúrsa ardghradaim ollscoile a roghnaíodh di. Nuair a théann a cara cléibh Zara ar iarraidh áfach, caithfidh Emma teacht thart ar ollfhaireachas na nÚdarás chun an rún a fhuascailt.[2][5]
Agus í ag iarraidh fáil amach céard a tharla dá cara nochtfaidh Emma fíricí gránna faoin tsochaí agus beidh go leor dúshlán le sárú, ach is é croí na ceiste ná an mbeidh orthu glacadh lena bhfuil leagtha amach rompu, nó an ann don dara rogha?[6][1] Is scéal é seo faoi fhonn éalaithe, faoi chairdeas, agus faoi chabhair ó chearn nach mbeifí ag súil leis.[3]
Téamaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann an leabhar i ngleic le téamaí tromchúiseacha.[7] Tá machnamh criticiúil ann ar an dtodhchaí, ar eagrú na sochaí agus ar cheisteanna máithreachais, muintearais, agus cultúr mionlaithe.[6][3][7] Éiríonn leis an údar léiriú cé chomh héasca is atá sé glacadh le gnásmhaireachtaí déistineacha agus déanann plé ar "smachtú colainne, an dídhaonnú, agus cumhacht an Stáit".[2] Is scéal é a bhfuil "go leor don am i láthair" ann, mar aon le machnamh faoin dtodhchaí.[3] Úrscéal theacht in inmhe atá ann a bhfuil eachtraíocht ag baint leis.[2][3]
Glacadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainmníodh An Dara Rogha ar an ngearrliosta do ghradam leabhar Gaeilge na bliana Ghradaim na Leabhar Éireannach 2022[9] agus bhí sé ar liosta Tuairisc de na leabhair is fearr a foilsíodh sa teanga i rith na bliana sin freisin.[5]
Cuirtear An Dara Rogha i gcomparáid le saothar Margaret Atwood, Louise O'Neill, Aldous Huxley agus George Orwell, bíodh gur ionramháil físiúil agus sainiúil dá cuid féin a dhéanann de Fréine ar na téamaí a bhfuil i gcoiteann leo.[8][10][2][3][7]
Thug léirmheastóir de chuid NÓS Hanna Ní Chonghaile le fios gur thaitin An Dara Rogha go mór léi agus go raibh sé "ar aon dul" le clasaicí an tseánra.[8] Dúirt Áine Ní Ghlinn ar Thús Áite gur úrscéal "thar a bheith taitneamhach" agus "an-spéisiúil" atá ann agus go bhfuil sé "deacair é a leagan as do láimh"[4] Shíl Aonghus Ó hAlmhain go healaíonta a phlé de Fréine leis na téamaí agus fuair sé cúis dóchais ann freisin.[3]
Thug Stiofán Ó Briain le fios go bhfuil domhan an scéil "tarraingteach agus spéisiúil" agus go bhfágann an leabhar "le ceisteanna thú".[7] Luaigh Ní Ghlinn agus Ó hAlmhain gur domhan é a bhfuil sé éasca creidimh ann.[4][3]
Gluaiseann an scéal ar aghaidh go maith, a deir léirmheastóir de chuid Chomhar Aonghus Ó Lochlainn, agus coimeádann sé aird an léitheora.[2] Dúirt Ailbhe van der Heide go bhfuil sé "breá éasca le léamh" agus go dtugtar go leor ama don léitheoir teacht i dtaithí ar an domhan agus go ngluaiseann cúrsaí ar aghaidh níos sciobthaí níos faide anonn sa scéal. Mheas sí go bhfuil leagan amach na gcaibidlí leis an am agus na dátaí cabhrach don léitheoir.[7]
Thug Ó Lochlainn le fios gur bhain blurba an leabhair "stangadh" as. Úrscéal "dorcha, samhlaíoch, suaite" atá ann, le fís "an-spreagúil, an-uaillmhianach". Déanann de Fréine ionramháil ar thrópanna a shamhlaítear le déaglitríocht ficsean-eolaíochta ar bhealach a bhfuil "blas na húire" air trí leas a bhaint astu chun féidearthachtaí dhomhain an scéil a fhionnadh agus chun ceisteanna ionraice a chur "faoinár ndomhan féin, faoi mar a chaitheann muid le chéile, agus faoi cad atá uainn mar dhaoine nó mar phobal".[2]
Chuir léirmheastóirí fáilte roimh áiseanna don léitheoir sa leabhar: léarscáil "a chuidíonn leis an léitheoir an t-aicsean a leanúint agus a chuireann le dealraitheacht an Bhithsféir",[2][4][7] agus gluais a mhíníonn na beagán téarmaí neamhchoitianta sa leabhar agus cinn a cumadh mar ghléas cruthaithe domhain.[4][7]
Shíl léirmheastóirí áirithe go raibh cuid den chomhrá "ciotach" agus nach raibh cuid de na carachtair tánaisteacha chomh forbartha leis an bpríomhcharachtar.[2][7] Os a choinne sin scríobh Dónall Ó Braonáin ar Thuairisc gur éirigh le de Fréine "carachtair sho-aitheanta a chruthú".[5] Shíl Ó Lochlainn gur éirigh foilsiú an eolais faoin ndomhan don léitheoir "teagascach", cé go gcuireann nochtadh eolais nua d'Emma agus don léitheoir in éineacht le mothú na taiscéalaíochta. Ba mhaith leis tuilleadh den tsochaí a fheiceáil. Is "miondeacrachtaí" iad seo ar fad áfach, a deir sé, sa leabhar seo atá ar "ardchaighdeán scríbhneoireachta". Tá "téagar agus mealltacht" ann a deir sé, agus smaointeoireacht "ar scála an-mhór" faoi theacht in inmhe, cearta na colainne, agus cumhacht an Stáit.[2]
Cé go luaitear an leabhar a bheith dírithe ar dhéagóirí, tugann léirmheastóirí le fios go bhfuil idir thaitneamh agus lón machnaimh ann don léitheoir fásta.[8][6][3][5] Shíl léirmheastóirí áirithe go mb'fhéidir nach mbeadh sé oiriúnach do dhéagóirí óga toisc na gceisteanna tromchúiseacha a phléitear ann.[7][10]
Naisc amach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh an fhoilsitheora (LeabhairCOMHAR): An Dara Rogha
- Sliocht as an úrscéal
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "An Dara Rogha". LeabhairCOMHAR. Dáta rochtana: 2026-02-24.
- 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 Aonghus Ó Lochlainn (Meán Fómhair 2022). "An Dara Rogha: Léirmheas le hAonghus Ó Lochlainn". Comhar 82 (9): lgh 22–23.
- 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 Aonghus Ó hAlmhain (2022-01-24). "Saol nua misniúil". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2026-02-26.
- 1 2 3 4 5 6 7 8 "Tús Áite: Mír na Leabhar". RTÉ (2022-06-01). Dáta rochtana: 2026-02-27.
- 1 2 3 4 5 6 7 Dónall Ó Braonáin (2022-12-20). "Na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh in 2022". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-27.
- 1 2 3 4 5 6 7 8 Claire Dunne (Meitheamh 2025). "Glór an Mhionlaigh". Comhar 85 (6): lgh 10–11.
- 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 Clubleabhar.com. "An Dara Rogha - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2022". Soundcloud.
- 1 2 3 4 Hannah Ní Chonghaile (2023-05-11). "Ceithre mholadh randamacha don léitheoir craosach". NÓS. Dáta rochtana: 2026-02-26.[nasc briste go buan]
- ↑ "Cúig leabhar ainmnithe ar an ngearrliosta do Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards". Tuairisc.ie (2022-10-20). Dáta rochtana: 2026-02-27.
- 1 2 Áine Ní Ghlinn (10 Nollaig 2022). "Áine Ní Ghlinn on the best Irish-language books of 2022" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-27.
- Leathanaigh le naisc seachtrach briste from Aibreán 2026
- An Dara Rogha
- Leabhair le Celia de Fréine
- Ficsean tuairimeach i nGaeilge
- Ficsean tuairimeach Éireannach
- Ficsean tuairimeach
- Ficsean eolaíochta i nGaeilge
- Ficsean eolaíochta Éireannach
- Leabhair Ghaeilge
- Leabhair Éireannacha
- Ficsean eolaíochta
- Úrscéalta Gaeilge
- Úrscéalta
- Déaglitríocht na Gaeilge
- Déaglitríocht
- Leabhair a foilsíodh in 2021
- Leabhair a foilsíodh sna 2020idí