Jump to content

An Cleite ar Snámh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Cleite ar Snámh
Ealaíontóir Melchior d'Hondecoeter
Bliain c.1680
Meán Ola-ar-chanbhás
Toisí 159 cm × 144 cm (62

+12 in × 56+12 in)

Láthair Rijksmuseum, Amsterdam

Is é An Cleite ar Snámh an t-ainm coitianta a úsáidtear ar phictiúr ola-ar-chanbhás leis an ealaíontóir Ollannach Melchior d'Hondecoeter, dar teideal mar is ceart Peileacán agus Éin Eile in aice Linne. Ba chúis í an mhionghné den chleite ar snámh ar an lochán le hathrú an teidil "oifigiúla".

Péinteáladh an pictiúr timpeall 1680, is dócha do lóiste seilge Stadholder Uilliam III Óráiste, a bhfuil anois mar an pálás ríoga ag Soestdijk, nó do Phálás Het Loo in Apeldoorn.

Taispeánann an phictiúr roinnt éan, coitianta agus andúchasach araon, bailithe timpeall linne. Bhí cáil ar Hondecoeter as a staidéir éin agus go háirithe as an léargas réalaíoch dá ábhair. Cé gur thriail sé le stíleanna éagsúla go luath ina ghairm, tar éis 1660 b'fhearr leis cumadóireacht cosúil leo siúd a fheictear san Cleite Ar Snámh: ábhair fairthe go cúramach i gclóis fheirme, i gclóis nó páirceanna tuaithe le gnéithe ailtireachta nó tírdhreacha ag saibhriú na gcúlraí. Bhain leasríthe agus ceannaithe Amstardam sásamh as a chuid pictiúr, in éineaacht le hUilliam III, a raibh saothair aige i dtrí cinn dá phálás. Bhí múrphictiúirí agus pictiúir mhóra Hondecoeter an-oiriúnach do na tithe móra tuaithe agus do dhúil an ama araon.

Bhí clós éanlaithe da chuid féin ag Hondecoeter lena theach, ach thug sé cuairt ar thithe tuaithe a phátrún inar fhéadfadh sé staidéar a dhéannamh ar speicis níos andúchasaí. Dúradh gur thraenáil sé coileach chun seasamh go socair ar ordú, ionas go bhféadfadh sé é a phéinteáil gan cur isteach. Sa phictiúr seo, taobh leis an bpeileacán mór bán tá speicis d'éanlaith fhiáin agus lacha ceansaithe, ina measc praslach Eoráiseach, síolta mhór, gé bhroinnrua, rualacha, seil-lacha, musclacha, cadhain, síolta gheal, géanna Éigipteacha, agus biorearraigh. Ar an taobh thall den linn tá éin mhóra ó mhór-roinne éagsúla: casabhara theas, grús dubh-corónach, agus lasaireán Meiriceánach. Tá grús sarásach agus lasaireán eile le feiceáil sa chúlra. Ag eitilt os cionn na linne tá óiréal órga léirithe.

Peileacán agus Éin Andúchasacha Eile i bPáirc

Tháirg Hondecoeter pictiúr fíor-chosúil, Peileacán agus éin andúchasacha eile i bpáirc, ina bhfuil roinnt gnéithe den chumadóireacht comhionann: na héin ar an uisce, an grúpa éan andúchasach, an peileacán, agus an cleite ar snámh. Tá gnéithe eile cosúil, amhail an tírdhreach agus an musclacha atá le feiceáil ina hiomláine, agus tá cuid acu go hiomlán difriúil; sa phictiúr seo suíonn cocatú Molacaíoch i gcrann os cionn na linne agus tugtar isteach éin éagsúla ar an taobh thall den linn ar dheis. Níl dáta cruinn an phictiúir seo ar eolas, ach meastar gur idir 1655 agus 1660 a tháirgeadh í.