Jump to content

An Chéad Ghlúin Eile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Chéad Ghlúin Eile
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Áit ar bunaíodh éRáth Chairn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
SeánraSean-nós agus ceol traidisiúnta na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://www.ancheadghluineile.com

Is amhránaithe ar an sean-nós, cainteoirí dúchais Gaeilge agus deirfiúracha ó Ghaeltacht Ráth Chairn na Mí iad An Chéad Ghlúin Eile. Bhain Étáin agus Máire Ní Churraoin an chéad áit amach i gcomórtas teaghlaigh TG4 'Réalta agus Gaolta' sa bhliain 2019. Seanuncail leo ab ea an t-amhránaí clúiteach Darach Ó Catháin. Bíonn an bheirt ag taibhiú leo ar stáitsí ar fud fad na tíre, an domhain mhóir agus ar an teilifís. ‘Cá’il an Bheirt?’ atá ar a gcéad dlúthdhiosca! Bíonn na deirfiúracha gníomhach ar na meáin shóisialta ag cur chultúr agus oidhreacht na nGael chun cinn! Is baill iad Étáin agus Máire den bhanna idirGhaeltachta Bláth na hÓige a bhuaigh RTÉ Folk Award do Folk Track na bliana 2024 agus den bhanna ‘Aibhse’.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]