Jump to content

An Chéad Chogadh Ndeibéileach

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Chéad Chogadh Ndeibéileach
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 19° 50′ S, 28° 10′ E / 19.83°S,28.16°E / -19.83; 28.16
Cineálcogadh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deDara Chogadh Ndeibéileach Cuir in eagar ar Wikidata
TréimhseDeireadh Fómhair 1893 - Eanáir 1894
SuíomhMatabeleland, An tSiombáib (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Troideadh an Chéad Chogadh Ndeibéileach in 1893 agus 1894 san áit a bhfuil an tSiombáib anois. Chuir sé Comhlacht na Breataine san Afraic Theas (The British South Africa Company (BSAC)) i gcoinne ríocht na Ndeibéileach. Rinne Lobengula, a rí, iarracht cogadh a sheachaint mar bhí sé féin agus a chomhairleoirí ar an eolas faoi chumhacht mhillteanach arm na nEorpach ar na himpis (reisimintí) Ndeibéileach, a bhí ag brath ar ionsaithe en masse. Bhailigh Lobengula 80,000 lansaí agus 20,000 fiúsailéir armtha le raidhfilí Martini-Henry, airm nua-aimseartha ar feadh an ama, ach nár úsáideadh go maith mar gheall ar easpa oiliúna chuí.

Ní raibh níos mó ná 750 fear ag an BSAC, liostáilte i bPóilíní na hAfraice Theas (British South Africa Police), mar aon le líon anaithnid d’oibrithe deonacha coilíneacha agus 700 comhghuaillí Suánacha . Rinne Cecil Rhodes, Príomh-Aire Choilíneacht na Rinne, agus Leander Starr Jameson, Riarthóir Mashonaland, iarracht aghaidh a sheachaint freisin ionas nach mbainfí an bonn de mhuinín i dtodhchaí na críche. D’éirigh rudaí ní ba chasta nuair a cheadaigh Lobengula ruathar chun cáin a bhí dlite ag taoiseach Seoinise i gceantar Fort Victoria a bhailiú le fórsa, rud a d’fhág go raibh caismirt dhosheachanta ann leis an BSAC.

Imeachtaí as a dtiocfaidh cogadh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Duine de mhuintir Bulawayo, sa bhliain 1890.