Jump to content

Bord Síochána

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Bord Síochána)
Bosca Sonraí EagraíochtaBord Síochána
(en) Board of Peace Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómóssíocháin Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
GiorrúchánBoP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibresíochánaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh22 Eanáir 2026
Bunaitheoir(í)Donald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtDonald Trump (2026–) Cuir in eagar ar Wikidata
Duine ábharthaDonald Trump
Nikolay Mladenov Cuir in eagar ar Wikidata


X: BoardOfPeace Cuir in eagar ar Wikidata
United States Institute of Peace Headquarters (en) Aistrigh
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálFoirgneamh agus foirgneamh oifige Cuir in eagar ar Wikidata
AiltireMoshe Safdie Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht2011 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Stíl ailtireachtaailtireacht nua-aimseartha Cuir in eagar ar Wikidata
Stórtha os cionn talún5 Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 38° 53′ 34″ N, 77° 03′ 02″ O / 38.892756°N,77.050692°W / 38.892756; -77.050692
X: BoardOfPeace

Déanfaidh An Bord Síochána[1] de chuid Donald Trump idirghabháil i gcoimhlintí idirnáisiúnta éagsúla. Ní bord chun na síochána é, dar le Mary Robinson, ach bord é atá ar mhaithe le cumhacht duine amháin, agus Rialtas na Stáit Aontaithe ag iarraidh an bonn a bhaint d'obair na Náisiún Aontaithe.[2]

Ballraíocht (buí)
Bualadh bos ollmhór do Donald Trumo, Davos, 22 Eanáir 2026
'Cairt an Bhoird Síochána' sínithe ag Donald Trump, Davos, 22 Eanáir 2026

Cruthaíodh can Bord Síochána in 2025, agus de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar atógáil Gaza agus ar sheachadadh cabhrach daonnúla.[3]

Ceapadh ar an gcéad dul síos - in 2025 - gur le Gaza amháin a bhainfeadh 'Bord Síochána' Trump. Tháinig feidhm le cuid a haon de phlean Trump ar an 10 Deireadh Fómhair 2025 nuair a cuireadh deireadh go hoifigiúil leis an gcogaíocht in Gaza.

Thug Comhairle na Náisiún Aontaithe faomhadh do Bhord Síochána ag an am, a chuirfeadh i bhfeidhm na 20 céim sa phlean síochána do Gaza (ach i mí Eanáir 2026, bhí cuma eile ar fad ar an mBord Síochána de chuid Trump).[4]

Is cosúil go mbeidh sé de chúram ar an mbord "Fórsa Idirnáisiúnta Cobhsaithe" a thabhairt le chéile in Gaza in 2026 agus fórsa nua póilíneachta Palaistíneach a bhunú ann chomh maith.[5]

Bhí Gaza ag croí na mandáide atá faofa ag na Náisiúin Aontaithe,ach

Ar an 22 Eanáir 20226, bhí cairt 'an Bhoird Síochána' sínithe ag Donald Trump (in éineacht ag toscairí ó Bhairéin agus ó Mharacó) in Davos san Eilvéis (Fóram Eacnamaíoch Domhanda).[6][7] I ráiteas bladhmannach bóibéiseach, mhaígh Trump gurb é "an bord is fearr agus is measúla dar tugadh le chéile riamh é ag aon am in aon áit".[8] Bheadh Trump féin, agus Trump amháin, i gceannas ar an mBord go brách na breithe, Bord chun chumhacht duine amháin.

Ní raibh aon tagairt do Gaza i gcairt Bhord na Síochána i mí Eanáir.[4]

Bhí cuireadh tugtha ag Trump do 60 tír, an Rúis agus an Bhealarúis san áireamh. Thug Trump cuireadh don Phápa chomh maith.

Bhí cuireadh Trump diúltaithe láithreach ag seacht dtír – an Bhreatain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Iorua, an tSlóivéin, agus an tSualainn. Ní raibh glactha leis ach ag ballstát amháin den Aontas Eorpach – an Ungáir.[6]

Rinneadh 'bullaíocht' ar na Náisiúin Aontaithe, a dúirt Mary Robinson, agus Bord na Síochána á chur ar bun. Ní gá na Náisiún Aontaithe a dhíchur, a dúirt sí, ach tá gá lena leasú, rud a bhí á iarraidh ag na Elders le fada. Dúirt sí go raibh cumhachta na Stát Aontaithe ag Donald Trump, gan bac gan srian, laistigh agus lasmuigh den tír sin. Níor aontaigh baill den Comhdháíl Slándála leis an mBord Síochána seo, a dúirt sí, agus gan aon tagairt ina cairt bhunaithe ann do Gaza ná don mhándáid ó na NA.[4]

Thug an Taoiseach le fios (ag an gcruinniú bliantúil den Fhóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos) "go raibh ceisteanna ag baint leis an mbord nua sin nár mhór don Rialtas a machnamh a dhéanamh orthu" sula ndéanfaí aon chinneadh faoi pháirt a ghlacadh ann.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Board of Peace
  2. Nuacht RTÉ (2026-01-26). "'Siabhrán cumhachta' é Bord na Síochána ag Trump - Mary Robinson" (as ga-IE).
  3. Conradh na Gaeilge, Londain (22 Samhain 2025). "Nuach Mhall (Luimneach)" (ru). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-01-22.
  4. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2026-01-26). "'Siabhrán cumhachta' é Bord na Síochána ag Trump - Mary Robinson" (as ga-IE).
  5. Dealraíonn sé go bhfuil glactha ag Hamas leis an mbord ó dúirt ball sinsearach den eagraíocht sin i mí Eanáir 2026 gur "faoi na Meiriceánaigh agus faoin bpobal idirnáisiúnta a bhí sé an bord a údarú".
  6. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2026-01-22). "Bord nua Trump: 'Rialtas na hÉireann ag breithniú cuiridh'" (as ga-IE).
  7. "Trump to hold 'Board of Peace' signing ceremony in Davos" (en). RTE Radio (2026-01-22). Dáta rochtana: 2026-01-22.
  8. Nuacht RTÉ (2026-01-16). "Gaza: bord nua 'ar an mbord is fearr riamh ar bith'" (as ga-IE).