An Bhuatais (Aor an tSagairt)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóAn Bhuatais
Cineálsaothar ceoil

Is amhrán traidisiúnta Éireannach é An Bhuatais (Aor an tSagairt). Deirtear gurbh é Diarmaid na Bolgaí Ó Sé (c. 1755–1846) a chum é.

An t-amhrán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ailliliú, a dhuine a chruinnigh an t-ualach,
Ar mhiste leat gluaiseacht nó an mairfir go brách?
Bágún dod chistin a dh’oirfeadh rómhór duit
Is má chuirtear san uaigh leat é codail go sámh.
Dá mhéad iad do dhlithe, d’ionmhas is d’ualach
Chífidh tú an tuama romhat lán de na cnámh’.
Ach de réir mar a thuigim do shentence an uair úd,
Ní thabharfairse an bhuatais go Flaithis na nGrás.

Is dóigh liom gur chodail tí i gcraiceann mhic tíre
Is an t-ainspiorad coimhthíoch ag faire ar do bhráid.
Ná déan dia ded bholg i bhfochair na ndaoine,
Nó an bhfeiceann tú Gaeil bhocht’ le heasnamh ag fáil bháis?
D’aithníos ar do dhochma lá croite na síol dom
Nach raibh do chroíse istigh ag smaoineamh ar eagla an bháis.
Ach an crann a mbíonn an toradh air ní airím go gcríonann,
Is go bhfóire go caoin é Mac Mhuire na nGrás.

Mo ghrá, mo lagar, i mbranar ag gluaiseacht
Ní chloisim aon duan duit i bhFlaitheas na nGrás;
Ní airím ná meamram cneasta ná stuama,
Ó chailleadh Eoghan Rua bocht, níl a bharra le fáil.
An té thabharfadh bliain ar an leaba i ngalar is i gcruatan,
Is a d’éireodh ina sheasamh ag grafadh is ag bualadh,
Is ná smaoineodh ar Aifreann beannaithe an Uanmhic,
A shaorfadh ón gcruatan a anam lá an ghá.

A bhráthair, gach filleadh a thuillis go buacach,
Chífidh tú an buachaill marbh ar chlár,
Cordaí go daingean á cheangal ar ghuaillibh,
Go gcuirfear san uaigh é le hualach ón rámhainn;
Nó ar fhéach tú go minic ar dhuine a bhí i gcruatan?
Gheobhaidh tú do dhualgas, mar a mheasaim, lá an bháis;
Raghair sna Flaithis gan hata gan bhuatais,
Ach cochall ró-uasal anuas ort go sáil.

Ailliliú, a dhuine, chonaic tú na mílte,
Is ní fhaca tú Íosa a d’fhulaing an Pháis
Ar Chranna na Croise is an chonairt á dheoladh
Mar a mbíodh an fhuil ghlórmhar ina ceathanna ar lár.
A Ríon dil na cruinne tríd’ bhroinn gur seoladh
Le haoibhneas do bhrollaigh ba mhilis a thóg É;
An té dhein fíon den uisce ní bhainfidh sé an choróin díot,
A Bhanríon na Glóire, mar thuillis í a fháil.

Ni mhaireann Peadar ba chalma, Séamus,
Ná Aindriú ba néata dár shiúlaigh i mbróig,
Mathghamhain a’s Pilib a’s aon-mhac Alphéus,
Síomón ró-naofa, Jude agus Eoin;
Nach iad siúd an fhoireann a chonaic Zaccheus
Ins an gcrann a’s é ag feitheamh ar dhlithibh an Aon-Mhic.
Is dóigh liom, a dhuine, ná tuigeann tú an Ghréigis,
Caith díot an éide mara leanair Naomh Pól!

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Feic Tóibín, N. Duanaire Déiseach, Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath; 1978
  • Aor an tSagairt in Ó Súilleabháin, S.(Eag.) Diarmuid na Bolgaighe agus a Chómhursain, Muintir Chathail, Baile Átha Cliath; 1937 (go leor véarsaí breise).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]