An Bhalúitseastáin
| Ainmnithe in ómós | Na Balúitsigh | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Suíomh | |||||
| |||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mhuir Arabach | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Eachtra thábhachtach | |||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Is é an Bhalúitseastáin[1] an cúige is mó sa Phacastáin. Tá sé suite in iardheisceart na tíre, ag críochantacht leis an Afganastáin ó thuaidh agus siar, leis an Iaráin siar theas, agus leis An Mhuir Arabach ó dheas. Cé go bhfuil an cúige fairsing ó thaobh achair talún de — thart ar 44% d'achar iomlán na Pacastáine — tá sé gann ó thaobh daonra de: maireann thart ar 14-15 milliún duine ann. Is é Quetta príomhchathair an chúige.




Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá críocha stairiúla na mBalúitseach roinnte idir an Iaráin, an Phacastáin agus an Afganastáin. Tá ceannaircigh Bhalúitseacha ag cur in aghaidh na dtrí stát sin le blianta fada le dúil náisiún neamhspleách dá gcuid féin a bhunú.[2]
Cuireadh an Bhalúitseastáin isteach sa Phacastáin in 1948 (bunaíodh an Phacastáin in 1947). Níor ghlac cuid de cheannairí Balúitseacha leis seo riamh. Bhí ceannairc armtha ann in aghaidh rialtas na Pacastáine in 1948, 1958–1959, 1962–1963, 1973–1977, agus arís ó thús na 2000idí i leith.
Ach oiread le coimhlintí stairiúla ar fud an domhain, scéal casta atá ann agus mar leis an bprionsabal 'is é namhaid mo namhad mo chara', baineann sé go mór le hábhar sa chás seo. Mar atá an scéal, creidtear go dtacaíonn an Iaráin le reibiliúnaithe Balúitseacha atá ag troid in aghaidh na Pacastáine agus go dtacaíonn an Phacastáin le reibiliúnaithe Balúitseacha eile atá ag troid in aghaidh na hIaráine.
I gcomhthéacs Chogadh na Pacastáine–Afganastáine 2026, tá suim ar leith ag an Talaban sa Bhalúitseastáin. Thabharfadh seilbh ar an gcúige rochtain ar An Mhuir Arabach don Afganastáin — tír nach bhfuil cósta ar bith aici faoi láthair. Ina theannta sin, bheadh na hacmhainní nádúrtha mar bhuntáiste. Ach níl mórán fianaise ann go dtacaíonn an pobal Balúitseach leis na haidhmeanna sin — is é is dóichí ná go measann siad go bhfuil siad gafa sa bhearna bhaol idir dhá chumhacht naimhdeach.
Reiligiún
[cuir in eagar | athraigh foinse]Moslamaigh Shunnaíocha atá sna Balúitsigh den chuid is mó agus is ar bhonn creidimh – chomh maith le bonn polaitiúil – a chuireann siad in aghaidh stát Siach na hIaráine.
Teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Teanga Ind-Eorpach (Ind-Iaránach) atá sa Bhalúitsis a labhraíonn os cionn 8 milliún duine sa mhór-réigiún sin.[2]
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Bhalúitseastáin saibhir ó thaobh acmhainní nádúrtha de. Tá gás nádúrtha, guail, copar, ór agus mianraí éagsúla eile le fáil ann. Tá calafort domhainuisce Gwadar suite ar chósta an chúige — calafort straitéiseach agus atá á fhorbairt faoi chuimsiú an China-Pakistan Economic Corridor (CPEC).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Balochistan
- 1 2 Nuacht RTÉ (2024-01-18). "Iaráin, Pacastáin in árach a chéile, Balúitsigh sa bhearna bhaoil" (as ga-IE).
