An Adyghe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de llenguaAn Adyghe
Адыгабзэ agus Кӏах Адыгабзэ‎ (Kiakh Adəgăbză)
Cineál teanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais 575,900 (2010)
Dúchasach do Adygea, An Charaitsé-Shiorcáis agus Críoch Krasnodar
Stáit An Rúis, An Tuirc, An Iordáin agus An tSiria
Mother language in 1965 Turkey census - Circassian.png
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Teangacha Cugasacha
North Caucasian (en) Aistrigh
Teangacha Abkhaz-Adyghe
Circassian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachta Aibítir Choireallach, Adyghe alphabet (en) Aistrigh agus Arabic script (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta 2 leochaileach
Cóid
ISO 639-2 ady
ISO 639-3 ady
Glottolog adyg1241
Ethnologue ady
UNESCO 1064
IETF ady

Tá an teanga Adyghe (адыгэбзэ adygebze, adəgăbză) ar ceann den dá theanga oifigiúil i bPoblacht Adygea sa Rúis. Labhraíonn treibheanna éagsúla na náisiúntachta Adyghe í: Shapsugh, Bzedugh, Abzekh, Kemirgoy, Hakuchi, agus roinnt eile freisin. Tugann an mhuintir AdyghadzeAdyghabza ar a dteanga féin.

Tá an teanga Adyghe ó dhúchas ag thart ar 125,000 duine sa Rúis. Ar fud an domhain, tá sí ag 300,000 duine, agus an chuid is mó acu ina gcónaí sa Tuirc.

Baineann an teanga Adyghe le fine na dteangacha Cugasacha Thiar Thuaidh. Tá gaol dlúth aici le teangacha ar nós na Cabairdínise, na teanga Ubykh, na hAbchásaise agus na teanga Abaza.

Caighdeánaíodh an teanga i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Sa bhliain 1938, cuireadh an aibítir Choireallach i bhfeidhm ar an teanga, cosúil le cuid mhór teangacha eile san Aontas Sóivéadach. Roimhe sin, b'iad aibítir na hAraibise agus an aibítir Laidineach a bhí in úsáid.

Gramadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá abairtí bunúsacha na teanga Adyghe, cosúil leis na teangacha Cugasacha Thiar Thuaidh eile, bunaithe ar an ordú ainmní-cuspóir-briathar, agus an briathar ag éileamh an tuisil oibrígh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]