An Abhainn Mheiriceánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Radharc ar an abhainn ó champus Ollscoil Stát Chalifornia, Sacramento

An Abhainn Mheiriceánach (Río de los Americanos i dtréimhse Mheicsiceach) suite i stáit Chalifornia, i SAM. Tá áit shuntasach bainte amach aici i stair SAM, mar láithreán tógála Muileann Sutter, áit inar fionnadh ór i 1848. Chuir an eachtra seo tus leis an Fuadar Óir i gCalifornia. Sreabhann an abhainn óna fhoinse sna Sléibhte Sierra Nevada, tríd Sacramento isteach san Abhainn Shacramento, ar a slí go Bá San Francisco. Tá clú aici de réir a fánsruth bán.

Léarscáil de dhobhardhroim Abhainn Mheiriceá. San áireamh, tá na cumarladhara, Tuaisceart, Lár agus Deisceart na habhann, maille leis an Abhainn Rubicon, craobh-abhainn den Lár-Ghabhailín.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]