An 34ú Dáil
Cineál | legislative term of Dáil Éireann (en) ![]() ![]() | ||
---|---|---|---|
Bailíocht | 18 Nollaig 2024 - | ||
← 33ú Dáil
![]() → | |||
Tír | Éire ![]() | ||
Toghadh an 34ú Dáil ar an 29 Samhain 2024 le linn Olltoghchán na hÉireann 2024. Chas an Dáil den chéad uair ar an 18 Nollaig 2024. Tar éis an toghcháin cuireadh tús le cainteanna maidir le comhrialtas Fiann Fáil-Fine Gael a fhoirmiú, aon uair amháin eile.
An Dáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 18 Nollaig 2024 tháinig an 34ú Dáil Éireann le chéile den chéad uair. Bhí 14 suíochán breise le líonadh in 2024, a fhágann go raibh 174 suíochán ann in iomlán.

Bhuaigh an dá mhórpháirtí traidisiúnta, Fianna Fáil agus Fine Gael, 48 suíochán agus 38 suíochán faoi seach. D'fhág an 86 suíochán a bhí ag Fianna Fáil agus Fine Gael i bhfoisceacht dhá shuíochán de mhóramh Dála, 88.[1]
Bhí trí ghrúpa teicniúil aitheanta ag an gCeann Comhairle sa 34ú Dáil de réir mar a leanas.
- An Grúpa Teicniúil Neamhspleách (Independent Technical Group)[2][3]
- An Grúpa Teicniúil um Neamhspleáigh agus Páirtithe (Independent and Parties Technical Group)[4][5]
- An Grúpa Teicniúil Réigiúnach (Regional Technical Group). Ar scaradh an Grúpa Réigiúnach sa 34ú Dáil – cuid acu sa rialtas,[6] an chuid eile ag tacú leis an rialtas ach gan aon phost acu ann[7] agus bhí siadsan ag iarraidh I mí Eanáir 2025 ar an Teachta Neamhspleách Carol Nolan dul i bpáirt leo le grúpa teicniúil a bhunú.[8][9]

Rannpháirtíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Micheál Martin rogha a tharraing conspóid nuair nár thug sé post mar aire rialtais d’oiread agus bean amháin sa bhreis. Ní raibh ach triúr banairí sa Rialtas an 34ú Dáil (Norma Foley ó Fhianna Fáil, agus Helen McEntee agus Jennifer Carroll MacNeill ó Fhine Gael). Ní raibh Mary Butler (an príomhaoire) nó Niamh Smyth ainmnithe mar airí rialtais ag Micheál Martin.[10]
Chuaigh rannpháirtíocht na mban sa rialtas ag an leibhéal is sinsearaí ar gcúl – bhí ceathrar banairí sa Rialtas an 33ú Dáil.
B'é an Teachta Dála Dara Calleary an t-aon duine den chúigear déag airí sinsearacha nua gurb as cúige Chonnacht nó cúige Uladh dóibh.
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Eanáir, d'iarr roinnt Teachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach cearta labhartha freasúra a bheith acu i nDáil Éireann in ainneoin Teachtaí Dála eile ón ngrúpa sin a bheith sa rialtas ag an am céanna.[11] An craiceann is a luach a bhí na Neamhspleáigh a éileamh, dar le Sinn Féin ag an am.[8]
Tharla ruaille buaille sa Dáil agus cuireadh an Dáil ar atráth cheithre uaire agus cuireadh bac ar thoghadh an Taoisigh agus an rialtais. Bhí an freasúra ag cur in aghaidh léiriú an Cheann Comhairle ar Bhuan-Orduithe na Dála (go dtí gur athraigh sí é). Sheas fhreasúra seasamh le chéile ; ní raibh comhtharraingt dá leithéid eatarthu le feiceáil roimh an olltoghchán.[10]
Tar éis an chlampair sa Dáil ar an 22 Eanáir, rialaigh an Ceann Comhairle, Verona Murphy, nach mbeadh sciar d’am cainte an fhreasúra ag an ngrúpa Teachtaí neamhspleácha a bhí páirteach i mbunú an rialtais. Bhí an socrú sin ag teacht salach go hiomlán ar chinneadh a d’fhógair sí roimhe sin gur Tadhg an dá Thaobhachas a bheadh i gceist le cead cainte a bheith ag baill an ghrúpa nach bhfuil post sa rialtas nua acu.
Ar an 25 Márta 2025, bhí cúrsaí ina gcíor thuathail uair amháin eile sa Dáil.[12] Faoi dheireadh vótáil an Dáil glacadh le moladh an Rialtais cearta labhartha a thabhairt do Theachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach a thacaíonn leis an Rialtas.[13] Dúirt an Taoiseach nach raibh san aighneas ach an ruidín soip i gcomórtas leis an gcogadh trádála domhanda a bhí ar na bacáin.[14]
Comhaltaí an 34ú Dáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "TUAIRISC BHEO: Na suíocháin go léir sa 34ú Dáil líonta, Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-02). Dáta rochtana: 2024-12-02.
- ↑ Peadar Tóibín (Aontú), Paul Lawless (Aontú), Paul Gogarty agus Independent Ireland
- ↑ RTÉ News / Harry Manning (2025-01-22). "Aontú TDs leave Regional Independent Dáil grouping" (as en).
- ↑ Pobal roimh brabús, Na Glasaigh, agus TDanna eile ar chlé
- ↑ "Just three female ministers appointed as Micheál Martin names Cabinet for 34th Dáil" (en). Irish Independent (2025-01-23). Dáta rochtana: 2025-01-27.
- ↑ Is iad na Teachtaí Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach sa rialtas ná Seán Canney, Noel Grealish, Marian Harkin, Michael Healy-Rae agus Kevin 'Boxer' Moran.
- ↑ Bhí ceathrar Teachtaí eile sa Ghrúpa Réigiúnach nach raibh sa rialtas – Michael Lowry, Danny Healy-Rae, Barry Heneghan agus Gillian Toole
- ↑ 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2025-01-17). "Neamhspleáigh ón nGrúpa Réigiúnach ag iarraidh cearta freasúra" (as ga-IE).
- ↑ D'iarr siad ar an mbeirt Teachtaí a bhí ag Aontú dul i bpáirt leo ach chuaigh Aontú leis an Grúpa Teicniúil um Neamhspleáigh agus Páirtithe
- ↑ 10.0 10.1 Cathal Mac Coille (25 Eanáir 2025). "Ceachtanna le foghlaim ar gach taobh sa Dáil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-26.
- ↑ De réir rialacha Dháil Éireann, is féidir le cúigear Teachtaí Dála, nó níos mó, teacht le chéile mar ghrúpa teicniúil, mar a thugtar air, a fhad is gur sa fhreasúra atá siad.
- ↑ "An Dáil curtha ar athlá agus í ina cíor thuathail ag conspóid na gceart cainte" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-25). Dáta rochtana: 2025-03-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-25). "Moladh an Rialtais maidir le cearta labhartha rite sa Dáil" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-26). "Sinn Féin ag éileamh ar an gCeann Comhairle éirí as a post" (as ga-IE).