Amhrán na Mara (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Song of the Sea
Amhrán na Mara
Stiúrthóir Tomm Moore
Léiritheoir Tomm Moore
Ross Murray
Paul Young
Stephan Roelants
Serge Ume
Marc Ume
Isabelle Truc
Clement Calvet
Jeremie Fajner
Frederik Villumsen
Claus Toksvig Kjaer
Scríbhneoir Will Collins
Aisteoirí David Rawle
Brendan Gleeson
Fionnula Flanagan
Lisa Hannigan
Lucy O'Connell
Jon Kenny
Pat Shortt
Colm Ó Snodaigh
Liam Hourican
Kevin Swierszcz
Ceol le Bruno Coulais
Kíla
Eagarthóir Darragh Byrne
Darren T. Holmes (eagarthóir comhairleach)
Dáileadh ag StudioCanal (Éire)
O'Brother Distribution (An Bheilg)
Haut et Court (An Fhrainc)
Eisiúint Flag of Canada.svg 6 Meán Fómhair 2014 (TIFF)
Flag of France.svg Flag of Belgium.svg Flag of Luxembourg.svg 10 Nollaig 2014
Flag of Denmark.svg 19 Feabhra 2015
Flag of Ireland.svg 10 Iúil 2015
Fad reatha 94 nóiméad
Tír Éire
An Bheilg
An Danmhairg
An Fhrainc
Lucsamburg
Teanga Béarla
Gaeilge
Buiséad $7.5 milliún
Ioncaim $4.1 milliún
IMDB
Box Office Mojo
Rotten Tomatoes
Metacritic

Is scannán beochana é Amhrán na Mara (Béarla: Song of the Sea), a rinne an comhlacht cartúin Cartoon Saloon (lonnaithe i gCill Chainnigh) sa bhliain 2014[1]. Tá an scéal foilsithe mar leabhar freisin[2].

Tá guthanna Lisa Hannigan, Lucy O'Connell, Fionnula Flanagan, Brendan Gleeson, Pat Shortt, David Rawle, Jon Kenny, Liam Hourican agus Colm Ó Snodaigh le cloisteáil sa scannán. Tá cuid de na haisteoirí céanna le fáil sa leagan Béarla agus Gaeilge, mar shampla na piardaí Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan.

An Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbh Selkie in Mikladalur

Tá an plota bunaithe ar scéal rúndiamhair na banrónta (selkies), mná a thiontaíonn ina rónta[3]. Tógann an scannán inspioráid ó Bhanrónta miotaseolaíocha bhéaloideas na hÉireann, neacha a chónaíonn mar rónta san fharraige ach mar dhaoine ar thalamh. Leanann an scéal eachtraí an phríomhcharachtair Saoirse (an leanbh-rón deireanach) agus a deartháir Ben. Téann na gasúir ar thuras iontach isteach i ndomhan draíochta na finscéalaíochta ársa atá ag dul i léig in iarracht filleadh ar a mbaile cois farraige.

Tugtar le fios ag tús an scannáin gur cailleadh máthair Shaoirse dá droim agus, cé go bhfuil sí sé bliana d’aois, ní labhrann sí focal. Tá sí ina cónaí ar oileán mara lena deartháir agus a hathair, atá i bhfeighil an tí solais. Tagann an tseanmháthair ar cuairt chucu go minic agus bíonn ag tathaint orthu i rith an ama an t-oileán a thréigean agus bualadh fúthu sa gcathair. Nuair atá an bheirt ógánach ar deoraíocht sa gcathair níos faide anonn sa scannán, éalaíonn siad leo agus tugann siad aghaidh ar a bhfód dúchais. Fan na slí bíonn eachtraíocht leis an slua sí, ulchabháin, Macha, Mac Lir agus go leor eile nach iad.

Aisteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ról Aisteoir Béarla Aisteoir Gaeilge
Ben David Rawle James Ó Floinn
Conor Brendan Gleeson
Mac Lir
Granny Fionnula Flanagan
Macha
Bronach Lisa Hannigan Gráinne Bleasdale
Saoirse Lucy O'Connell Fionán Farley Nolan
An Fear Gruagach Maurice O'Donoghue
Lug Pat Shortt Donncha Crowley
Mossy Colm Ó Snodaigh Niall McDonagh
Ferry Dan Jon Kenny
Rock Shee
Spud Liam Hourican Tomás Ó Súilleabháin
Tiománaí Bus
Ben Óg Kevin Swierszcz Ríona Farley Nolan

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad Kíla, in éineacht leis an chumadóir Bruno Coulais, a chum an ceol. I measc na rianta ar an fhuaimrian tá an t-amhrán Gaeilge, Amhrán na Farraige, atá á chanadh ag an amhránaí clúiteach Lisa Hannigan. Tá an t-amhrán Gaeilge seo mar chuid den fhuaimrian sa leagan Béarla.

Tá an fuaimrian foilsithe mar CD[4] agus tá an bheochan le fáil mar DVD freisin[5].

Traic Liosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Song of the Sea (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:42
  2. "The Mother's Portrait" – 2:26
  3. "The Sea Scene" – 2:42
  4. "The Song (casadh ag Lisa Hannigan agus Lucy O'Connell)" – 5:16
  5. "The Key in the Sea" – 0:59
  6. "The Derry Tune" – 1:58
  7. "In the Streets" – 1:05
  8. "Dance with the Fish" – 2:05
  9. "The Seals" – 0:45
  10. "Something Is Wrong (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:04
  11. "Run" – 2:31
  12. "Head Credits (performed by Lisa Hannigan)" – 1:44
  13. "Get Away" – 1:18
  14. "Help" – 2:33
  15. "Sadness" – 1:06
  16. "Molly" – 1:05
  17. "I Hate You" – 1:33
  18. "Who Are You" – 1:19
  19. "The Storm" – 1:55
  20. "Katy's Tune" – 3:30
  21. "In the Bus (casadh ag Lisa Hannigan)" – 0:44
  22. "The Thread (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:24
  23. "Amhrán Na Farraige (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:45
  24. "Song of the Sea (Lullaby) (casadh ag Nolwenn Leroy)" – 3:46
  25. "La chanson de la mer (berceuse) (casadh ag Nolwenn Leroy)" – 3:47

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Amhrán na Mara ainmnithe ar gearrliosta amháin (an catagóir ‘’Scannán Beochana is Fearr’’) do dhuaiseanna na Oscars sa bhliain 2015.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Front Page" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2018-07-18.
  2. "Song of the Sea le Will Collins Amhrán na Mara le Proinsias Mac an Bháird". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2018-07-18.
  3. Tomaí Ó Conghaile. "Nós - Amhrán Gaeilge i scannán ar ghearrliosta Oscar" (ga). nos.ie. Dáta rochtana: 2018-07-18.
  4. "‘Song of the Sea’ Soundtrack Details | Film Music Reporter" (en-US). filmmusicreporter.com. Dáta rochtana: 2018-07-18.
  5. "Song of the Sea / Amhrán na Mara - an leagan Gaeilge den scannán álainn | CIC" (en). www.cic.ie. Dáta rochtana: 2018-07-18.