Jump to content

Altram

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Altrama)
Bosca Sonraí EagraíochtaAltram
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1990

Suíomh gréasáinhttps://www.altram.org/
Naíscoil an Lonnaín, 61 Iochtar na bhFáil, Béal Feirste

Eagras cúram leanaí i dTuaisceart na hÉireann is ea Altram, atá mar sprioc aige cúram luathbhlianta ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn. Tugann Altram tacaíocht do sholáthraí luathbhlianta lán-Ghaeilge.[1]

Tá leabharlann bhréagán agus leabhar ag Altram ar fud an réigiúin. Tá ceithre leabhar agus dlúth cheirnín d'amhráin foilsithe ag Altram.

Bunaíodh Altram sa bhliain 1990. Bhunaigh grúpa tionscnaimh pobalbhunaithe Gaeilge (naíonraí i nDoire, Béal Feirste, Ard Mhacha agus Iúr Chinn Trá) an t-eagras.

Is tríd phórdheontas ón Crannchur Náisiúnta a maoiníodh na háiseanna leabharlainne i dtús ama. Leis an deontas seo, bhí Altram in ann réimse áiseanna luathbhlianta a cheannacht. Is ón HSCB a thagann an maoiniú anois.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Altramː Tá suíomh gréasáin Altram mar áis ag foirne naíscoileanna, coistí, tuismitheoirí agus páistí.
  1. "Altram |". www.altram.org. Dáta rochtana: 2022-06-13.