Jump to content

Altiero Spinelli

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAltiero Spinelli

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Lúnasa 1907
an Róimh, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Bealtaine 1986
78 bliana d'aois
an Róimh, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: polaiteoir neamhspleách

24 Iúil 1984 – 23 Bealtaine 1986
Téarma parlaiminte: Dara Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: an Iodáil

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: polaiteoir neamhspleách

17 Iúil 1979 – 23 Iúil 1984
Téarma parlaiminte: Céad Pharlaimint na hEorpa

Toghcheantar: an Iodáil

Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
13 Meitheamh 1979 – 11 Iúil 1983
Téarma parlaiminte: 8th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Ball de Theach na dTeachtaí de Phoblacht na hIodáile
2 Iúil 1976 – 19 Meitheamh 1979
Téarma parlaiminte: 7th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
1976 – 1986 Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Teaghlach
CéileUrsula Hirschmann (1945–1986) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBarbara Spinelli Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Gníomhaí frithfhaisisteach ba ea Altiero Spinelli (31 Lúnasa 1907 i Róimh – 23 Bealtaine 1986 in Ancona san Iodáil) agus ina fhealsamh agus ina oide chomh maith.

Meastar go forleathan é mar cheann de bhunaitheoirí an Aontais Eorpaigh. Bhí sé ar dhuine d’údair Fhorógra Ventotene, cáipéis shuntasach a leag síos fís Eorpach i ndiaidh an chogaidh, agus ceann de na chéad doiciméad lenar tacaíodh le hEoraip aontaithe a chruthú agus bunreacht na hEorpa a dhréachtú.[1]

1930idí
busta i mBúcairist inniu

Ina óige, bhí Spinelli ina Chumannach agus ina fhrith-fhaisisteach. Gabh réimeas Mussolini Spinelli i 1927 mar gheall ar a chuid oibre frith-fhaisisteach. Chaith sé 16 bliana i bpríosún agus in oileán díbirt (Ventotene).

Le linn dó a bheith i mbraighdeanas, d'athraigh a thuairimí polaitiúla agus tháinig sé chun bheith ina fheidearálach Eorpach láidir. Le linn a choimeád, scríobh sé ceann de na téacsanna is mó tionchair i stair an Aontais Eorpaigh, Forógra Ventotene, Manifesto di Ventotene - Per un’Europa libera e unita — “Ar son na hEorpa aontaithe.” In éineacht le príosúnaigh pholaitíochta eile - Ernesto Rossi agus Eugenio Colorni - agus Ursula Hirschmann, scríobh sé an forógra nuair a bhí sé i bpríosún faoi chóras faisisteach na hIodáile ar oileán Ventotene.

Bhunaigh sé an Movimento Federalista Europeo sa bhliain 1943. Mhol sé deireadh leis an stát náisiúnta agus tús le cónaidhm Eorpach dhaonlathach.

Phós Spinelli Ursula Hirschmann, comhúdar an Manifesto di Ventotene. Ghlac Hirschmann páirt i scríobh agus scaipeadh an Manifesto.

Bhí clann aige le Hirschmann. Bhí triúr iníonacha acu: Diana, Barbara, agus Sara Spinelli (bBhí triúr iníonacha eile ag Ursula óna céad phósadh le Eugenio Colorni).

D'oibrigh Spinelli mar chomhairleoir do phríomhfhigiúirí Eorpacha sna 1950idí agus 1960idí. Ba bhall den Choimisiún Eorpach é ó 1970 go 1976.

Toghadh é mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa i 1979. D'fhan sé ina fheisire go dtí a bhás in 1986. Bhunaigh sé an "Crocodile Club" i 1980, grúpa feisirí a bhí ag obair ar son comhtháthú Eorpach níos doimhne. Rith baill an chlub rún go mbunódh an Pharlaimint coiste speisialta le togra a dhréachtú le haghaidh conradh nua maidir leis an Aontas Eorpach. An 14 Feabhra 1984 ghlac tromlach na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa an togra agus cheadaigh siad an ‘Dréacht-Chonradh ag bunú an Aontais Eorpaigh’, dá ngairtear ‘Plean Spinelli’.[2] Ritheadh an Ionstraim Eorpach Aonair in 1986.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Altiero Spinelli – ceannródaí de chuid an Aontais | An tAontas Eorpach" (ga). european-union.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-05-16.
  2. european-union.europa.eu. "Altiero Spinelli: an unrelenting federalist". Dáta rochtana: 2025.
  3. "Single European Act" (as en) (2025-04-29). Wikipedia.