Alicia Adélaide Needham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlicia Adélaide Needham

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Deireadh Fómhair 1864
An Seanchaisleán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Nollaig 1945
81 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síRoyal Academy of Music
an Ceol-Choláiste Ríoga Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilLicentiate of the Royal Academy of Music (en) Aistrigh
Associate of the Royal College of Music (en) Aistrigh
Associate of the Royal Academy of Music (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, cumadóir amhrán, sufraigéid Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidArthur O'Leary, Ebenezer Prout, Francis William Davenport agus George Alexander Macfarren
TeangachaBéarla
Teaghlach
PáisteJoseph Needham Cuir in eagar ar Wikidata

IBDB: 389379
Musicbrainz: 96e05de2-af88-4548-953b-3131e83d982a Lieder.net: 5151 Discogs: 2101221 IMSLP: Category:Needham,_Alicia_Adelaide Cuir in eagar ar Wikidata

Cumadóir amhrán agus bailéad Éireannach ba ea Alicia Adélaide Needham (31 Deireadh Fómhair 1863 – 24 Nollaig 1945). Chaith sí a dúthracht le hobair na Sufraigéidí, agus ba í an chéad bhean a stiúir ceoltóirí i Halla Ríoga Albert, Londain, í agus an chéad uachtarán mná ar Eisteddfod Náisiúnta na Breataine Bige.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Needham san Seanchaisleán, Co. na Mí. Montgomery a sloinne réamhphósta. Chuaigh sí chuig scoil chónaithe i nDoire ar feadh ceithre bliana agus chaith sí an bhliain ina dhiaidh sin i mBaile an Chaistil, ar Oileán Mhanann. Bhí sí i mbun staidéir san Acadamh Ríoga Ceoil i Londain ar feadh bliana amháin (is dócha, an bhliain acadúil 1880-1). Rinne sí staidéar ar an phianó leis an phianódóir agus cumadóir Éireannach Arthur O'Leary, ar an armóin agus ar an chuntraphointe le Frank Davenport agus ó am go chéile le George Alexander Macfarren agus Ebenezer Prout.

Ní sé soiléir cad a rinne sí sna trí bliana idir an dá linn sular atosaigh sí ar a cuid staidéir sa bhliain 1884, ach bhain sí céim amach sa bhliain 1887 agus rinneadh ceadúnach den Acadamh di sa bhliain 1889. In 1893 d'éirigh léi freisin sna scrúduithe le bheith ina comhalta de Choláiste Ríoga an Cheoil. Phós sí Joseph Needham, dochtúir a bhí ina chónaí i Londain, sa bhliain 1892, agus sa bhliain 1900 saolaíodh a leanbh aonair, ar ar tugadh Joseph Needham freisin.

Oibreacha roghnaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Album of Hush Songs (1897)
  • The Seventh English Edward (1902)
  • A Bunch of Shamrocks: Irish Song Cycle for Four Solo Voices (1904)
  • Twelve Small Songs for Small People (1904)
  • Four Songs for Women Suffragists (1908)
  • A Bunch of Heather: Scottish Song Cycle (1910)
  • Army and Navy Songcycle (1912)

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annie Patterson: "Alicia Adelaide Needham", in: Weekly Irish Times, 9 meitheamh 1900
  • Eithne Nic Pheadair [= Annie Patterson]: "Alicia Adelaide Needham", in: The Leader 23 (1916) 14, lgh. 227-8
  • Jennifer O'Connor & Axel Klein: "Needham, Alicia Adelaide", in: Ciclipéid Cheol na hÉireann, ed. H. Bán & B. Boydell (Baile Átha Cliath: UCD Press, 2013)
  • Oxford DNB

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]